Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
lig isteach
1.
a.
·
Ní leigfeadh sé isteach in a chloigeann chor ar bith é (scéal ráfla, luaidreán) = ní chreidfeadh sé é
b.
·
Leig isteach an lá = tarraing an bhrat do'n fhuinneoig i riocht's go dtiocfa solus an lae nó na gréine isteach chugainn.
Eirigh agus leig isteach an lá.
c.
+
Tá na bróga a' leigean isteach = tá siad ag déanamh uisce.
Níl deor amuigh ná bhfuil leigthe isteach ag na bróga seo = níl déanamh deor ionnta(b).
TUILLEADH (4) ▼
Tá an teach a' leigean isteach.
Tá'n bád a 'leigean isteach = ag déanamh uisce.
Leig sé isteach an t-uisce = cóta nó ball éadaigh ar bith nó cábán nó a samhail.
Ní raibh deor 'san aer, nar leig sé isteach.
2.
+
Leig sé é féin isteach orm = duine a leigfeadh a cholainn anuas marbh ort, ' riocht a's go mbeadh liosta air, agus go gcaithfeá-sa a mheadhchan fhuilingt.
Ná bí de do leigean-fhéin isteach ormsa. Níor ith mise aon-cheo de do bhéile (de do bhricfasta, de do dhinnéar etc)
TUILLEADH (5) ▼
Bhí a h-ucht leigthe isteach air.
Bhí sé leigthe isteach uilig ar an mballa = bhí sé caithte marbh in aghaidh an bhalla.
Leig sé a ucht isteach ar an gclaidhe, agus chuir sé caidéis ar an bhfear istigh (an fear a bhí sa ngort)
Bhí sé leigthe isteach ar an ngeata.
Ná bí do do leigint fhéin isteach chomh mór sin ormsa.