Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
lig isteach
1.
a.
·
Ní ligfeadh sé isteach ina chloigeann chor ar bith é (scéal, ráfla, luaidreán) — ní chreidfeadh sé é
b.
·
Lig isteach an lá — tarraing an bhrat den fhuinneoig i riocht is go dtiocfaidh solas an lae nó na gréine isteach chugainn
Éirigh agus lig isteach an lá
c.
+
Tá na bróga ag ligean isteach — tá siad ag déanamh uisce
Níl deoir amuigh ná bhfuil ligthe isteach ag na bróga seo — níl déanamh deor iontub
TUILLEADH (4) ▼
Tá an teach ag ligean isteach
Tá an bád ag ligean isteach — ag déanamh uisce
Lig sé isteach an t-uisce — cóta nó ball éadaigh ar bith, nó cábán nó a samhail
Ní raibh deoir san aer nár lig sé isteach
2.
+
Lig sé é féin isteach orm — duine a ligfeadh a cholainn anuas marbh ort i riocht agus go mbeadh liosta air agus go gcaithfeása a mheáchan a fhulaingt
Ná bí do do ligean fhéin isteach ormsa. Níor ith mise aon cheo de do bhéile (de do bhricfeasta, de do dhinnéar srl.)
TUILLEADH (5) ▼
Bhí a hucht ligthe isteach air
Bhí sé ligthe isteach uilig ar an mballa — bhí sé caite marbh in aghaidh an bhalla
Lig sé a ucht isteach ar an gclaí agus chuir sé caidéis ar an bhfear istigh (an fear a bhí sa ngort)
Bhí sé ligthe isteach ar an ngeata
Ná bí do do ligint fhéin isteach chomh mór sin ormsa

lig isteach in iontrálacha eile (50+)

 
Na tithe ósta sin thiar! Ara diabhal póilí ar bith a chuireas aon chaidéis orthu sin. Ligfidh siad isteach ansiúd chomh follasach os comhair an tsaoil thú Dé Domhnaigh agus a ligfidís lá den tseachtain
 
Is iontach an lear frogaisí atá sa seomra siúd aici. Is seomra ordnáilte é. Ní ligfeadh sí isteach ann thú gan do bhróga a bhaint dhíot!
 
féar
Ná lig na beithígh isteach ansin go tús féir i ndeireadh an earraigh
 
Breá nach n-ólann tú anois é. Tá tú ag ligean uisce isteach. Féacha dhá dheoch ansin ag fuiríocht leat. Ní cheal fíbín a bhí ort dhá iarraidh
 
Nuair a bhí na buachaillí báire eile sin in ainm is a bheith ar a gcaomhúint, bhánaigh siad na tamhnachaí sin fré chéile. Dúirt P. D. liom gur mhinic ab éigean dó éirí dhá leaba san oíche le duine acub a ligean isteach inti. Deirimse leat gur beag é a bhuíochas anois, ainneoin ar chaith sé orthub.
 
Ní ligfeadh an coimhthíos dó a theacht isteach. D'imigh leis aríst.
 
Téirigh ar shúil an choinicéir agus ná lig isteach é a fhleascaigh
+
Níor lig sé isteach ariamh fear bóthair ná bealaigh.
TUILLEADH (6) ▼
Ní hé chuile fhear bóthair is bealaigh a ligfinn isteach, ach ba mhór an grá Dia lóistín a thabhairt don duine bocht siúd.
Ba mhaith é an seanfhear faoi lucht bóthair is bealaigh a ligean isteach, ach sílim nach mórán gaisce atá ar an mac.
Dhá mbeadh Éire taobh leis, ní ligfinn isteach in mo gharraí é! Is mó sa mbealach ar fhear é.
Ba mhór an comhluadar dhom abhaile é. Ghiorraigh sé an bealach dhom lena chuid cumadóireachta. D'éist mise leis, agus mé dhá ligean isteach i gcluais agus amach sa gcluais eile.
Buaileadh suas faoi bhealach é agus b'éigean dó a dhul isteach i dteachín a bhí ar shúil an bhóthair go ligeadh sé an oíche thairis ann.
Níor lig sé aon teach ósta thairis, i gcaitheamh an bhealaigh, nach ndeachaigh sé isteach ann agus nár ól sé failm ann.
 
beann
Deasaigh isteach, agus lig binn den chathaoir agam (chugam)
 
coiric
Lig tú an iomarca coiricín suas uirthi. Dúirt mé sin leat, arae d'aithin mé ort go raibh tú dhá tabhairt isteach róluath — cruach arbhair a bhí róbhiorach as a barr.
 
Ní chuirfeadh a bhfuil de mháistrí scoile i gCrígh Fáil aon cheo foghlama isteach ina cheann sin. B'fhearr ligean dó ar fad.
 
I nDomhnach fhéin ,is diachta dó (do cheann an tí nó don leathchaoin) aon chuilín a bheith anuas ann agus a ghairdeacht agus chuaigh díon air. Anuas leis an gcír atá an chuilín sin. Diabhal an bhféadfadh an tuí nua a bheith ag ligean isteach fós, ní fhéadfadh sin.
+
biorach 1
Nach feidheartha a bhí an bord agus an dó beag a ligean isteach biorach — ba dona na cartaí a bhí amuigh lá ar ligeadh an dó beag (hairt nó muileata) isteach gnóiteach
TUILLEADH (5) ▼
Sin í an imirt agat, mo chreach! An bhanríon a ligean isteach biorach faoi fhear folamh agus an bun ag gabháil amach
D'éagóir Dé dhuit a bhain leis an t-aon a hairt nár lig isteach biorach í go bhfaighinnse snaidhm uirthi le mo chuileata.
Ní féidir gur lig sibh isteach biorach é agus triúr agaibh ansin lena bhacadh.
Ní thiocfaidh mise i mbarr do chúig ort ó lig chuile dhuine eile isteach biorach thú — ní bhuailfidh mise thú, ó thug do chárta an eang leis go dtí seo
Tuilleadh ghéar den diabhal agat anois a lig an dó isteach biorach agus a bhualadh istigh in do ghlaic.
 
bocht 2
B'fhearr gan bocht ná nocht a ligean isteach mura ligtear isteach chuile dhuine as éadan. Beidh clamhsán eile aríst ann.
 
Tháinig sé ina dhórtadh an lá a raibh muid ag cur isteach na cruaiche sin. Shíl mé go gcaithfinn í a chaitheamh anuas agus a ligean amach aríst i gceann dhá lá. Ach dheamhan téamh ná breo a rinne sí ina dhiaidh sin.
 
Ligfidh an cat isteach mé ó tharla gur éirigh an bhromóg sin fhéin liom; tá cuid an chait sa mbromóig sin féin (deir iascairí nach ligfidh an cat isteach abhaile iad mura mbí breac eicínt acu)
+
aer
Deir siad nach bhfuil ríochan ar bith lena bhfuil d'ainsprideannaí idir an t-aer is an talamh agus nach bhfágfaidís duine ar bith beo murach ag súil go ligfidh Dia isteach go flaithis iad Lá an Bhreithiúnais.
TUILLEADH (1) ▼
Níl aon deoir as aer nach ligeann sé isteach — droch-chóta, drochtheach, drochbhróig srl
 
buail
Má bhí bualadh an naoi agat, breá ar lig tú isteach biorach é?
+
buinne 1
Má thugann tú an bhróig sin chuig an ngréasaí, cuirfidh sé buinne isteach ansin duit a líonfas suas é. 'Sé an trua na bróga sin a ligean i léig, arae tá uachtair mhaithe orthub fós.
TUILLEADH (1) ▼
Níl call tosaigh ar bith acub, ach buinníochaí a chur isteach sna boinn nach ligfidh dhóibh éirí.
 
Mura lige siad isteach muide dhá ndeoin, feicfidh tú féin air go ligfidh siad isteach dhá n-ainneoin muid
 
Dhá mbeadh airdeall ionat, ní ligfeá na beithígh isteach san iothlainn os comhair do dhá shúl.
 
amach
Dhá mbeifeá gan Pádraic a ligean isteach biorach, choinneofá an bun gan a dhul amach.
 
Tá sé ina ridire ó ligeadh amach an dole seo. Tá os cionn coróin is punt sa tseachtain ag teacht isteach aige.
 
arsa
'Nach mór an breathas atá oraibh,' arsa Riocard, arsa seisean, 'go ligfidh sibh a gcuid caorach isteach ormsa'
 
flaisc
Chreidim gur rinneadh an-fhlaisc anseo thíos inniu. Tá dúchan mór déanta de bharr an lae ar chuma ar bith. Siúd iad na buachaillí le ligean isteach i dtalamh craicinn — go leor oibre
 
folamh 1
Má théann tú fhéin isteach chuici agus cupla unsa tae a iarraidh uirthi, dheamhan a ligfidh sí amach folamh thú
 
féith 1
Nuair a fuair mise é, bhí sé ligthe isteach ar an gclaí agus gan féith ná comhartha ó neamh na ngrást air. Nach raibh sé sách dona lá is nár aithin sé mise stunned
 
Ní ligfeadh an choimhthíos (an cúthaileacht; an faitíos srl.) dhom bualadh (drannadh, dhul srl.) isteach
+
Ar éigean a chuir mé isteach an dá lá san obair sin, ach lig mé liom fhéin an tríú lá
TUILLEADH (1) ▼
Ní chuirfeadh sí isteach ar an bpinsean ag ligean óige uirthi féin mar dhóigh dhe
+
Ní ceart daoine thar baile isteach a ligean ag súdaireacht thart anseo
TUILLEADH (6) ▼
Ní ligfeadh an faitíos d'aon duine thar baile isteach a shrón a shéideadh ariamh ann — bheadh faitíos ar strainséaraí an áit a thaobhachtáil
Ní ligfeadh sé isteach ina chloigeann beag ná mór é — ní thoillfeadh sé ina cheann chor ar bith
Tá sí sin chomh spleách, agus má ligeann tú di brú isteach chor ar bith, gur gearr go mbí an teach fúithi féin aici — tá sí suáilceach laethúil mar dhóigh dhe, agus má fhaigheann sí cead a cinn a theacht isteach, is gearr gur léithe fhéin an teach
Má ligeann tú dhó breith isteach ort, tabharfaidh sé talamh dhuit de do bhuíochas
Bí ar t'airdeall féin agus ná lig dó breith isteach ort
Lig tú dó muileata isteach biorach agus a fhusacht duit a bualadh — bhí mámh aige a bhuailfeadh dó muileata ag dul thairis, agus b'fhurasta dó é a bhualadh, ach ina leaba sin scaoil sé thairis gnóite (biorach) é go dtí an té a raibh an imirt ag teacht chuige