Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Luath
an-choitchiannta i gConamara
·
Ba beag an luath agad a theacht ag breathnú orm, agus mé ann = ní chuimhneochthá ar a theacht ag breathnú orm agus bhí air agad.
Nach beag an luath aige, a dhul chuig an tsochraide = bhí air aige, a dhul ann; bhí chuile dhuine ag dul; ach ní dheacha sé ann. B'fhéidir gurb í an "onóir dhona" a choinnigh as é, nó leisge nó rud eicín mar sin, ach ní chialluigheann an leagan go raibh an tsochraid dlighte dhó ach oiread.

Luath in iontrálacha eile (50+)

+
Ní dhéanfaidh sé fearacht an deárthar ar chaoi ar bith: crapadh leis abhaile cho luath agus a íocfar a chuid airgid leis
TUILLEADH (1) ▼
Deir siad go bhfuil sé leis an leoraí a dhíol aríst. A fhearacht siúd ba bheag an ghnatha a bhí aige dhó luath ná mall
 
feiste
Ní annsin a theighim ag an Aifreann duth ná dath. Rug sé orm maidin Domhnaigh amháin ag teacht deireannach agus thug sé aghaidh mar a thiúrfá ar mhadadh orm. Tabhair glafairt air a dhuine chóir! "Dheamhan mé" arsa mise liom péin, "má scagaim mé fhéin uait an babhtaí seo, nach go luath a fheicfeas tú aríst mé!" Agus ní fhaca. Ní raibh mé in a fheiste ná in a fhínne ó shoin. Teighim suas go dtí an fear nach mbíonn doifeall aige roimh aonduine
+
fios
Ní bhfuair mise fios rúin ná soiscéil ar an troid luath ná mall. Tusa an chéad duine a chaintigh liom uirre
TUILLEADH (1) ▼
Seól leat. Roinn amach orra é. Beidh mise luath go leór. Níl a fhios cés fhearr a thús ná a dheireadh
 
focal
Níl aon-phíopa ag gabhail leis an siopa, ach chuir mé ceann i bhfocal duit ar an dá luath agus a bhfuighidh sé iad. 'Ar ndú is fada é sin. Tá aon-mhí amháin orra ar chaoi ar bith!
 
Nar leige Dia go bhfearfadh Sé a chionnta air. Tá an rud thart anois, agus níl muid ag guidhe an oilc dó, th'éis a ndeárna sé orainn. Ach foillseóidh Dia an chréatúlacht luath nó mall
 
Ní dhéanann an frídeóirín eile siúd ann, ach siobáil bheag timpeall an tí: rud a thabhairt do chearca agus do laoghanntaí, agus an luaith a chur amach. 'Ar ndó' ní indon a dhul i ngarraí atá sé! Is fada uaidh é
 
Thosaigh an capall ag fuiléimneach agus ag fiodarinnce ar fud an gharraí cho luath agus a chuir mé isteach an bhearna í. Dheamhan a leithide de mhacnas! Shílfeá nach bhfaca sí an áit amuigh cheana le mí. Neart díomhaontais!
 
Ar an dá luath agus a raibh an fáinne bán len aithneachtáil chor ar bith, d'imigh muid. Níor tháinig sé in a lá orainn nó go raibh muid i ngleann Bh.
 
fána
Cho luath agus a bhí an ceann le fánaidh caite againn, thuirling muid agus shiúil muid scathamh
 
Siúd áit nach bhfuil ag duine ar bith a dhul nó go gcinne air. Shílfeá gur cac agus salachar duine aca faoi rádh's go ngabhfaidh sé ag iarraidh na cupla scillingín "dole" sin orra … Ionntóidh cléireach anall chugad go fánach, agus an tsíorraíocht caithe agad ag fanacht. "'Ar ndú' ní ag iarraidh "dole" atá fear luath láidir mar thusa" adéarfas sé de ghlan-Bhéarla … Go bhfoire Dia ort fhéin agus ar do "bhail ó Dhia"! Níl "aon-bhail ó Dhia" annsiúd
 
Gheobhainn neart cabaireacht' uaidh, ach sin é 'méid. Is beag a' luath a bhí aige cupán tae a thairiscint dom.
+
Tarraingeocha sí an carr falamh maith go leor, ach chomh luath a's chuirfeas tú ualach a' bith uirre, seasfa sí suas annsin na caidhfte, a's Goll Mac Móirne, ní bhainfeadh feannc aiste, go dtogruighe sí fhéin é (capall).
TUILLEADH (1) ▼
Ar a' dá luath a's ar fhuagair mé air, sheas sé suas in a chaidhfte, a's níor fhan smid aige. Bhí sé 'gabhail na h-uaire móire air, déarfainn, ach inDomhnach ba bheag sin aghamsa.
 
Tá caidéis faighte ag a' gceann céadna do chuile rud, ach is beag a' luath aige bail ó Dhia a chuir ar rud a' bith.
+
Tá gairbhshion air. 'Bhfeiceann tú an camán luaithe atá sa ngríosa(igh)?
TUILLEADH (12) ▼
Ní fhaca mé ariamh an camán luaithe sin 'sa teine, nach droch-uair a bheadh air. Tá dalladh dhe ann anocht muis.
'D'fhága an chearc cleite in a diaidh a's tá an camán luaithe sin sa teine'. Sin é adeireadh S. 'ndéana Dia grásta air i gcomhnuidhe, nuair a bhíodh droch-uair air.
Cothú na h-uaire móire an camán luaithe sin a fheiceál sa teine muis. Má thagann mórán eile mar an aimsir seo, go bhfoire Dia ar a' saoghal. Ní bheidh duine ná beithidheach ann.
Tá na riascannaí gorma sin sa teine anocht. Le neart uair' bhriste a bhío(nn)s an camán luaithe sin innte i gcomhnuidhe.
Níor facthas a leithide d'aimsir ó rugadh a' chéad-fhear. A's mara bhfuil ag Dia, ní tús ná deire dhi. Tá'n camán luaithe chomh gártha sa teine anocht, a's bhí sé oidhche ar bith le seachtmhain.
Is olc a' chosamhlacht a' camán luaithe sin muis. Tuille de'n uair mhóir. Ach grásta Dé, ní eireocha sé as a ngairbhshion chor a' bith.
Is furast' aithinte ar a' teine anocht gur tuille doininne atá air. Bhí an camán luaithe thríd a' lasair.
'Íosfa an camán luaithe orainn iad' adeireadh muid fadó a's muid a' cur síos bruithneogaí. Chlúduigheadh muid le luaithe iad, mar dhoigh dhe nach bhfeicfídhe iad.
Mara gclúduighe tú an bhruithneog sin, íosfa an camán luaithe ort í.
Tabhair aire do na báirnigh sin, nó íosfa an camán luaithe ort iad. Itheann sé báirnigh ar ghasúir bheaga.
Clúdócha mé iad, a's ní thiubhra mé cead do'n chamán luaithe iad 'ithe orm.
Nach beag a' chiall a bhíodh againn, nuair a shíleadh muid go n-íosfadh an camán luaithe na fataí a bhíodh muid a róstadh sa teine.
 
Tá'n breathas ar a' gcinnceach sin, le scaradh. Deanann sí sprus fré chéile, ar a' dá luath a's a mbeireann duine uirre.
 
cleite
Tuilleadh ghéar do'n mhíádh aige! Is beag a h-iarradh air a chleite a chur ann, luath ná mall, marach é 'bheith conórach, é fhéin.
 
clóic
Ara cé'n chlóic fhuaicht a bheadh ortsa, do leithide de scrománach luath láidir!
+
Coireocha sé go maith ar T. Mh. le 'chuile dhuine eile, ach is beag a' luath aige aon-cheo a rádh suas le na bhéal. In a leaba sin, a' brughadh air a bhío(nn)s sé.
TUILLEADH (1) ▼
Nach beag a' luath aige a dhul a' coireamhaint ar a mhuinntir fhéin?
 
colg
Ar a' dá luath a's a chonnaic an madadh é, chuir sé colg air fhéin, a's thug sé amhóg le na fhastú. Ach níor leis-sean (cat) ab fhaillighe é, chuaidh sé de léim ghlan-eascartha sa gcrann, a's anuas as sin ní thiocfadh sé, dhá gcaithteá leis, go maidin.
 
cora
Ní carra atá ann ach leithscéal — cloch annseo a's cloch annsiúd. Dheamhan a' mó ná dá mbeadh duine luath láidir ann, a's é sáthach scolbánta go mb'fhéidir go dtiocfadh sé thairti tirm.
 
Tá sé luath agad imtheacht cosnochtuighthe, a's nach dtáinic Máirtín na nGág chor a' bith fós.
 
Nach mór a' t-iongnadh nach scarfadh a' chéithireacht leis luath ná mall.
 
Thosuigh sí a' réabadh, a's ag gabhail le buile, ar a' dá luath a's a raibh sí faoi'n gcarr, a's níor fhága sí mion-molthóg de'n ghléas, nar bhris sí in a chithréabachaí.
+
baile
Dheamhan a' gcreidfinn ó bhéal a' tsagairt gurb é a rinne é, marach go bhfaca mé le mo dhá shúil fhéin é! Anois céard a déarfá le Gaillimh a's gan ann ach baile beag! Ach cá bhfágfadh sé é? Dheamhan lá ariamh, nach raibh a dhreám luath-lámhach (tugtha do'n ghaduidheacht).
TUILLEADH (1) ▼
Ar a' dá luath a's a mbeidh mise cheithre bliadhna déag fanfa mé sa mbaile.
+
bannaí 1
Is mór a' chontabhairt d'aonduine a dhul imbannaí air siúd, mar cá bhfios nach éard a dhéanfadh sé glanadh leis, ar a' dá luath a's a bhfuigheadh sé an t-airgead.
TUILLEADH (1) ▼
'Sé an rud is luath (lughar) liom beo, duine 'iarraidh orm a dhul imbannaidhe air, faoi airgead. Ní bheadh fhios agad, nach thú fhéin a chaithfeadh díol (íoc) a dhéanamh indeire na cúise.
+
Ar a' dá luath a's a dtiubharfaidhear cead a' bhealaigh dhuit ó'n scoil indiu, teara abhaile ar a' bpuínnte boise, go dteighe tú a' gort-ghlanadh fataí, annsin thiar. Ar chraiceann do chluas, ná dean aon-fhánuidheacht ar a' mbealach.
TUILLEADH (3) ▼
Sin é suas a' bealach agad, a's nar fhille tú go luath, gan dochar gan díoghbháil dúinne!
Sé'n rud is luath (lughar) liom beo, duine a bheith imbéal a' bhealaigh rómham, a' súil le tuairisc.
Is beag a' baoghal atá air sin, nach mbeadh indon a' bealach a dhéanamh. Nach bhfuil sé chomh luath, láidir leat fhéin fós.
 
coiric
Leig tú an iomarca coirricín suas uirre. Dubhairt mé sin leat, arae d'aithin mé ort, go raibh tú dhá tabhairt isteach ro-luath = cruach arbhair a bhí ro-bhiorach as a barr.
 
Má rinne sé an chréatúlacht foillseocha Dia é fhéin air, luath nó mall.
 
Is olc a' chríoch a' bheidheas air sin fós, tús na breithe ag Mac Dé. Dheamhan duine dhá ndéanfa an éagcóir nach bhfoillseocha Dia É Fhéin air, luath nó mall. = is olc a' deire a bheidheas aige sin fós (gheobhfa sé anbhás, bás le droch-thinneas, déanfa sé do-ní air fhéin, tiubharfa sé droch-chor dó fhéin, beidh an anachain ar a thí, go ngiorruighe sí leis etc.), ach níl muide ag dul imbarr A bhreitheamhnas ar Dhia. Nar leige Dia go rachadh! An té a ghníos eagcóir, tuiteann dioghaltas Dé air má's fad gearr go dtí é.