lua
—an-choitianta i gConamara
—
·
Ba beag an lua agat a theacht ag breathnú orm agus mé ann — ní chuimhneofá ar a theacht ag breathnú orm (agus bhí air (agat))
Nach beag an lua aige a dhul chuig an tsochraide — bhí air (aige) a dhul ann; bhí chuile dhuine ag dul; ach ní dheachaigh sé ann. B'fhéidir gurb í an "onóir dhona" a choinnigh as é nó leisce nó rud eicín mar sin, ach ní chiallaíonn an leagan go raibh an tsochraid dlite dhó ach oiread
lua in iontrálacha eile (33)
→
fág
Dhá gcuimhníodh sé ar an arán a hitheadh, ba bheag a lua aige a dhul tharamsa gan cuireadh a thabhairt dom. Agus a liachtaí lá oibre a thug mé dhó. Ba dona é scaitheamh murach mise. Más thíos a fuair mé é is thuas a d'fhága mé é — bhí a chuid oibre gan déanamh. Rinne mise dhó í
Gheobhainn neart cabaireachta uaidh, ach sin é an méid. Is beag an lua a bhí aige cupán tae a thairiscint dom.
→
caidéis
Tá caidéis faighte ag an gceann céanna do chuile rud, ach is beag an lua aige bail ó Dhia a chur ar rud ar bith.
+
→
coirigh
Coireoidh sé go maith ar T. Mh. le chuile dhuine eile ach is beag an lua aige aon cheo a rá suas lena bhéal. Ina leaba sin, ag brú air a bhíonns sé.
TUILLEADH (1) ▼
Nach beag an lua aige a dhul ag coiriúint ar a mhuintir fhéin?
+
→
comaoin
B'fhurasta dó comaoin a chur ar dhaoine. Dhá mba é a chuid fhéin a bheadh sé a chaitheamh, ba bheag an lua aige mórán failic a dhéanamh leis. — b'fhurasta dhó comaoin a chur ar dhaoine nuair nach raibh tada dhá chaillteamas féin leis.
TUILLEADH (1) ▼
Dar mo choinsias, ní comaoin dó a dhul ag caint ar an airgead atá ormsa agus a liachtaí uair roimhe seo nach raibh luach cloch mhine aige ach léar (de réir) mar a bhínnse ag tabhairt dó. Ach is beag an lua atá aige breathnú siar air sin anois, ó thálta (tharla) rud a bheith aige fhéin.
→
binse
Bhí jug fuisce leagtha ar an mbinse agus é fhéin ag baint corrshúmóg as, ach ba bheag an lua a bhí aige, aon deoir a thabhairt d'aon duine eile.
→
brachán
Is fada dhá lua iad, agus tá an brachán dóirtithe faoi dheireadh thiar — is fada i gceist iad a bheith mór le chéile, ach tá siad briste amach faoi dheireadh.
+
→
aiféala
Is beag an mhaith do chuid aiféala anois. Ba bheag an lua dhuit ligean dom nuair adúirt mé leat é — duine a ghortaigh duine eile le ealaín agus a bhí in aiféala faoi. Níl aon mhaith san aiféala agus mé gortaithe. Dá ligteá dhom nuair adúirt mé leat e, bheadh malrait scéil ann
TUILLEADH (1) ▼
Dá mbeadh breith ar m'aiféala agamsa, ba bheag an lua agam an tuairt sin a thabhairt orm fhéin — dá mbeadh a fhios agam gur mar a bhí a bhí, ní bheadh baol orm a dhul ar an aistir sin.
→
buan
"Buachaillín suairc mé atá ar uaisle mo chine sa tír; Agus bíonn daoine dhá lua liom nach go buan a bhíonns grá fir ag mnaoi" (sliocht as Buachaillín Caol Ard é mo Ghrá.)
Nach beag an lua aige (nó dhó) faitíos a bheith air ailleog de chloich mar sin a chaitheamh le aon duine, agus gan cuimhne aige nach é a mharú a dhéanfadh sé.
→
aire
Thug sé aire dhúinn an fhad is a d'fhan aon cheo den mhuic, ach is beag an lua a bhí aige muid a thaobhachtáil ó shin.
→
anó
Déanfaidh sí anó go maith ar an gcailín ach is beag an lua aici anó a dhéanamh uirthi fhéin — tá sí ag tabhairt ocrais don chailín ach níl sí ag tabhairt aon ocras di fhéin
Nach beag an lua agat a bheith chomh hanóiteach sin chuile uair eile. Ní thiocfaidh táirm ar bith ort go dtaga duine isteach — is beag an baol a bheith ar an abhlóireacht sin nuair a bhíonns an teach fúinn féin againn. Ní thosóidh tú i gceart go dteaga duine eicínt isteach.
→
isteach
Ba bheag an lua agat aon aighneas a chur ar an bhfear isteach, agus cuirfidh tú aighneas maith ormsa mar airíonn tú gan aon teannadh ar mo chúl san áit seo mé
Is beag an lua a bheadh aige na geanntrachaí a thabhairt dhom théis gur iarr mé air iad. Cén bhrí ach ní leis féin iad. Sin geanntrachaí a bhí ag lucht an bhóthair agus choinnigh seisean iad nuair a bhí an oirnis thuas ann. Rinne sé a chuid féin dhíobh. Dhá mba leis féin féin iad, nár dhaoithiúil an chaoi dhó gan a dtabhairt do chomharsa — ní áirím nach mba leis. Mhúinfeadh cuid de na daoine críonnacht duit, ach dheamhan a fhios agam an den chríonnacht an cheird sin ach oiread
Nach beag an lua agat an dea-fhocal a bheith agat. Ach ba deacair dhuit agus an dream atá tú a thaithiú. Cuirfidh siad sin i mbealach do bhasctha tú feicfidh tú fhéin air. Ach bíodh agat. Beatha do dhuine a thoil adeir siad
→
deachma
Bhí na heiricigh (Protastúin) go dona an uair sin a dheartháir mo chroí. Ag imeacht le Bíoblaí agus le soup, agus dhá bhaint siar as na daoine le deachmaí théis sin. Ba bheag an cheart a bhí le fáil ag an Rómhánach (Caitliceach) an uair sin. Mo choinsias ba bheag. Nach cóir adúirt an ceann eile féin san amhrán: "'S go bhfuil an dlí ar fad acu ó mharaíodar Rí Séamas." Ní mé an faoi na deachmaí sin a rinneadh an t-amhrán do Chac i Mála a bhí siar faoi Chonamara … Ach ní hea. Ag iontú daoine a bhí sé sin. Níor mhaith dhuit é sin a lua siar in áiteacha ann fós. Chniogfaidís thú faoi
→
deacrach
Mo léan deacrach í! Is beag an lua a bheadh acu sin a taobhachtáil murach go bhfuil rud dhá barr acu! Thaobhódh muis!
→
deis
Ní fheicfidh tú ag caitheamh an phíopa é ach an uair a mbíonn sé ar a dheis ceart: am scortha tráthnóna, nó théis am dinnéir. Is beag an lua a bheadh aige é a dheargadh chomhuain is a bheadh sé ar a tháirm oibre. M'anam nach ndeargfaidh!
→
diaidh
I ndiaidh airgid atá sé. M'anam murach gurb ea, gur beag an lua a bheadh aige sin trí lá a chur amú thíos sa teach sin. Dheamhan baol a bheadh air
→
diomdha
Bhí diomdha an domhain air má b'fhíor dó féin, nach bhfuair sé scéala faoin tseanbhean go dteagadh sé ar an tsochraide. Ach bhí sochraide dlite dhó anseo cheana agus ba bheag an lua a bhí aige a theacht ann. Dar príosta muise, ní ag amhdú an oilc é, ní thaobhóidh muid é má bhíonn an t-anó air fhéin
→
domlas
Meas tú nár tháinig sé isteach inné ag iarraidh deoch uisce, ach ní uisce a gheobhadh sé uaimse ach domlas, dá mbeinn istigh roimhe. Ba bheag an lua a bheadh aige a theacht isteach nuair a d'fhéadfadh sé fairnéis eicínt a thabhairt dúinn faoin gcúirt. Baol air. Tá sé sin sách imeartha agus fios maith aige faoina bhealach féin
→
droim
Is beag an tsúil le Dia atá ag an gcreachadóir bradach ag iarraidh an dílleachta bocht sin a chur de dhroim tí. Nach beag an lua atá ag an sagart a dhul agus é a bhacadh. Shílfeá go mba é an rud ba lú dhó treampán eicínt a chur air. Ach is dóigh gur thug sé lán laidhre dhó lena chur ina shost
→
druid 2
Tuilleadh ghéar den diabhal acu anois. Tá an cogadh ar dhuird an bhaile acu féin (na Gearmánaigh). Ní raibh mórán scrupaill iontu féin ag caitheamh anuas ar dhaoine bochta i Sasana. Ba bheag an lua a bheadh acu tada a scaoileadh ar na ceannphoirteachaí móra. B'fhéidir go bhfaighidís maide dhá meá féin anois
Dhá mbeadh sé sách díocasach chuig an scoil ní bhacfadh an méid sin é gan aire a thabhairt di. Is beag an lua a bheadh ag clann M. fanacht uaithi
Ní caomhúint ar bith atá inti sin ach gur sháraigh sí an saol tá sí chomh dúnárasach sin. Bhí mé soir anseo chuig an D. in éindí léithe trí lá i mbéal a chéile an t-am a raibh an bhruitíneach agus an leicneach ar an gcuid s'againn féin. Dúirt mé léithe é. Níor dhúirt sí a dhath faoi na gasúir s'aici féin. Ba bheag an lua a bhí aici a rá go raibh siad orthu. Ní abródh ná dá mbeidís ag saothrú báis, i bhfad uainn an anachain. Súmaireacht den tsórt sin a bhí ag rith lena dream ariamh. Púcaí bradacha! Bheadh sé chomh maith dhuit a bheith ag caint le asail leo. Is beag is ionann é. Is mó a bheadh de bharr na n-asail ag duine