Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Luach
aisíoc, cuítiughadh, cumaoin saothair.
a.
+
Tiubharfa mise luach do ghnaithe dhuit — nuair a bheadh gasúir nó duine ag déanamh ámhuilleachta déarfaí seo le cur i gcéill dó, go gcaithfeadh sé eirghe as, nó go mbeadh rud ar a shon aige (go mbuailfí é cuirim i gcás)
Tiubharfa mise luach do chuid ealadhna dhuit
TUILLEADH (2) ▼
Luach do chuid ámhuilleachta
Luach do shaothair etc
·
Níor chaith sé focal arrannta le aon-fhear ariamh, agus go dtuga Dia a luach anois dó! = guidhe glóire is na Flaithis tar éis bháis duine.
Ba mhaith an chomursa é, agus tiubharfa Dia a luach anois dó
b.
cumaoin nó íocaidheacht as ucht oibre.
+
Tá sé faghail luach a shláinte = tuarastal ar a chuid oibre.
Ní fhaghann sé luach a shláinte chor ar bith.
TUILLEADH (1) ▼
Gheobha 'Rebelmen' luach a sláinte (Rafteri). (slainte (annseo) = saothar, obair ar shon tuarastail. Tá sé ar a shláinte = ar a pháighe. "Ag díol nó a' reic mo shláinte" "In mo spailpín fánach a tógadh mise; a' seasamh ar mo shláinte = idtuileamuidhe mo chuid oibre fhéin pé'r bith cé'n tuarastal a shroichfeadh dom dá bárr)
c.
an méid airgid a íochtar ar rud (níl an leagan: "Cé'n luach é", "cé'n luach atá sé" "cé'n luach a thug tú air" sa gcainnt. "Price" a deirtear. Níl earra luachmhar sa gcainnt ach oiread. Earradh éadalach adéarfaidhe).
+
Sin é a luach gan pighinn chuige ná uaidh.
M'anam gur maith 'thug tú luach air.
TUILLEADH (3) ▼
Dhíol tú faoi na luach é
Thug tú a luach go maith air; [thug tú a luach] go binn air.
Thug tú a dhá luach air: a thrí luach etc

Féach freisin

iarr

Luach in iontrálacha eile (50+)

 
Leig de do chuid aisfhreagraí anois nó tiúrfaidh mise luach do chuid aisfhreagraí dhuit
 
Faraor dóite deacrach nach mise a bhí ag éisteacht leis, agus ní imeódh sé uaim cho saor sin. An fiolladóir bradach a bhfuil an tír creachta aige, agus a dhá luach ar chuile mhíle ní istigh in a shiopa, agus déarfadh sé in a dheidh sin gurb é atá ag coinneál leath na ndaoine beó! Nar ba gán measa a bhéas sé!
 
Diabhal a leithide de fhrumsóg de bhean a chonnaic tú in do shaol ariamh. Níl luach leithphínne ag cur imní uirre ach damhsaí agus "routáil". Ní san aeríl a chaill sí ar chuma ar bith é
 
Fágfaidh muid coróin ar (ag) luach an bhéiréiste. Cár chuir tú an chuid eile den airgead?
 
fág
Fág seo isteach go n-ólamuid cupla pionnta ó a chas Dia a luach chugainn
 
Gheobhaidh tú na físeachaí agus na pínneachaí corra má chloiseann t'athair thú ar an gcaint sin. Feicfidh tú fhéin air go dtiúrfaidh sé siúd luach do chuid gráiscínteacht duit
 
Gheobha tú luach do chuid cabghaile, má chloisimse aon-cheo 'do dhiaidh aríst.
 
ceal 1
Ní bhíonn déanamh bith 'cheal poitín aige, ó eireochas a' bhlas leis chor a' bith. Tá sé chomh dúlaidhe ann, a's go gcuirfeadh sé an léine a bheadh ar a chraiceann ingeall le na luach a dheanamh amach.
 
Beidh tú ar siubhal go dtuga mise luach do chuid clabaireacht' duit ó fhada go dtí é.
 
cleite
Dheamhan luach leithphighne 'mhaith a rinne a dearbhráthair ariamh di, a's má's fíor di fhéin 'na dheidh sin, sé'n cleite is fhearr in a hata é.
 
Dar mo choinsias ní cumaoin dó, a dhul a' cainnt ar an airgead atá ormsa, a's a liachtaighe uair roimhe seo, nach raibh luach cloch mhine aige, ach léar (de réir) mar bhínnse a' tabhairt dó. Ach is beag a' lúth atá aige, breathnú siar air sin, anois, ó thálta (thárla) rud a bheith aige fhéin.
 
cíos
Ab é Seán riu! Dheamhan luach a bhéilidhe ag Seán ní áirmhighim cíos a's camhlach a íoc. Sí bean na Gaillimhe atá ag íoc a' chíosa, má's beag mór a' cíos atá air.
 
Tiubharfa mise luach a chuid cóipíse dhó, go goirid, feicfe tú fhéin air. Tá mé thar bharr mo chéile ag a' diabhlánach.
 
baile
Cé'r chás dom é, dhá mbeadh luach brioscaí fhéin agham, ach dheamhan cianóg ruadh a bhí a' gabhail liom, a's mo shean-eire ocrais orm. A's deirimse leat gur deacair a' sean-fhocal a shárughadh: 'fear gan airgead imbaile [mór] is olc a' lón dó goile géar'.
+
Má chomhaireann tú suas 'chuile shórt anois, dheamhan a raibh mé as bealach leis chor a' bith. Cé'r mhór dhom fhéin luach mo shláinte a fhaghail.
TUILLEADH (1) ▼
Ní dhúinfeadh sé a shúile ar dhuine, a's feiceadh sé an t-anshógh air, ach tá'n bealach eile leis, mar sin fhéin. Tá sé 'baint a dhá luach amach ar chuile mhíle nídh dhá bhfuil istigh in a shiopa.
 
Ar chuala tú ariamh é: 'is mairg a bheadh go h-olc a's go bocht 'na dhiaidh'. Chaith sé a shaoghal a' déanamh créatúlachta a' bith d'fhéadfadh sé, a's dheamhan luach a bhéilidhe aige anois.
 
M'anam má tá siad i gcrích, nach aon-spré a bhí an t-athair indon a thabhairt dóibh a d'fhága igcrích iad, nach hé sin. Dheamhan luach a bhéilidhe a chonnaic muide ariamh aige. Ach ba mná piocamhla triollúsacha na gearrchaileadha fhéin, a's níor mhór dhóib sin, ar shon an leaduidhe is athair dóib.
+
beo 1
'Racha mé faoi do'n té a bheidheas beo aríst; go bhfuighe 'Rebelmen' luach a slainte (Rafteri — Na Buachaillí Bána)
TUILLEADH (1) ▼
Bhí chuile phighinn beo dhá raibh aige tugtha uaidh aige. Cailleadh é, a's gan luach a bhéilí aige.
 
Leig do do chuid bhíodhgaighle (l leathan) anois, nó tiubhra mise luach do chuid bhíodhgaighle dhuit.
 
Tá droch-íntinn aige siúd, a's tiocfa sé sa mbile buaic ort, má chuireann tú luach leithphighne as dó.
 
binse
Gheall tú gine a's punt dom, a's bhí dúil agham cur in a cheann; Culaith ó bhonn go h-uachtar, a's gúna de'n síoda bán; Sin a's a theacht ar cuairt agham, gach neoin a's gach maidin bhreagh; Le luach mo bheinsín luachra a's a bhfuair mé dhá easonóir. ("An Bheinnsin Luachra").
 
bocht 2
Tá na boicht scriosta aige, a' baint a dhá luach amach ar 'chuile rud.
 
Ba chóra dhuit a dhul go bun an angair (amhgair?) leis, a's gan é thabhairt dó faoi na luach. Ach cá'r fhága tú an bhoigréis? = dhíol sé an rud a bhí aige saor, dar leis a' té 'bhí 'cainnt, mar gheall gur airigh an ceannachthóir an buille bog ann. Bhí aige leagan ar a' gceannochthóir chomh maith in Éirinn a's d'fhéad sé, a's gan an rud a bhí aige a leigean uaidh ar shlat-mhargadh.
 
Shílfeá gur a' brath ar tosuighe 'bollaireacht aríst atá tú, a's dheamhan mise, má thosuigheann, go bhfaighe tú luach do chuid bollaireacht' anois fharra's ariamh.
 
Shílfeá nach mbead sé chomh briollach a's atá sé, dhá mbeadh luach éadaigh aige.
+
Chuir an béiléiste poll maith i luach a' ghamhan sílim = bhearnuigh sé go maith a bhfuair sé ar a' ngamhain, le'r ghlaoidh sé d'ól i bpáirt leis a' gceannachthóir.
TUILLEADH (1) ▼
Ba 'seicín' (páipéar 10s) spurtha é, ach a raibh luach a' bhéiréiste bainte as.
 
Bhí mé 'ceapadh faoi láthair gur dhíol mé faoi na luach iad, ach níl tada dhá aithmhéala orm anois, arae dhá gcoinnighinn ó shoin iad, is beag a bheadh dhá mbarr agam anois.
 
Is fhearr dhuit luach a' phlúir a chaitheamh (ch)uig a' mbrúisc sin sa siopa, nó sceannfa sé beo, beithidheach muid.
 
An té atá indon an seachadadh-amach a dhéanamh 'sna siopaí seo, gheobhfa sé 'chuile shórt faoi na luach, ach a' créatúr bocht atá ag iarraidh áirleacain, buailfear thall air sin é. 'Fear dhá bheathú, a's fear dhá mharbhú' mar adeir a' ceann eile.
 
buil
Ní buil leis pósadh, a's ní beo é gan a bheith smórthacht (nó smúracht) timcheall ar mhná! 'Sé'n chaoi 'bhfuil sé ag iarraidh an chraicinn a's a luach a bheith aige!
+
buille
Íosfa sib an rud go maith, ach cá bhfaighthear a luach? Sin é an buille!
TUILLEADH (2) ▼
Níl neart agham fiachaint (féachaint) le luach leithphighne a dhéanamh, nach gcuirfe duine eicínt as mo bhuille mé. Is mó dhá fhonn atá orm, gan tada a dhéanamh anois.
Níl buille bog a' bith ann, a' déanamh margaidh, ach ní fhágann sin, nach fear gnaoidheamhail é. Chaithfeadh sé luach bó leat, dhá mbeadh aon-bheann aige ort.
 
ainm
Tá ainm siopa aige, ach níl luach leithpighne aige ann
 
aird 2
Níl aire ná áird agaibh ar luach leithpighne, mara mbí mé fhéin istigh le freastal do chuile shórt = níl aon áirde agaibh ó dhia anuas ar thada etc.
+
airde 1
Níl luach leithphighne faoi chaolach a' tighe seo, nach bhfuil béal in áirde má eirighimse amach 'chor a' bith.
TUILLEADH (1) ▼
Leig de do chuid eirghe in áirde anois, nó tiubhra mise luach do chuid eirghe in áirde dhuit feicfe tú fhéin.
 
airigh
Ní aireocha tú agad ná uait, cupla scilling, agus ní fiú dhuit droch-cháil a chuir amach duit fhéin, scáth luach deoch = ní chuirfe cupla scilling (luach deoch) mórán as duit, agus tá sé chomh maith dhuit iad a thabhairt uait, i riocht's nach dtiocfa cáil péisteánaigh amach duit.
+
amach
Is maith an fáth gur fhan mé amach uaidh, mar bhí chuile shórt a dhá luach aige.
TUILLEADH (1) ▼
Ní bhfaightheá luach na cianóige in aon-siopa inGaillimh, gan 'íoc amach ar a' tairnge.
+
amuigh
Tá luach an fhéir amuigh fós.
TUILLEADH (5) ▼
Ní thiubhrainnse luach leithphighinne as, marach a bhfuil amuigh orm ann.
Tá luach a' chulaith sin amuigh fós orm, agus is gearr go lean(f)ar mé mar gheall uirre = go gcuirfear tréas orm.
Is mór m'fhaitchíos gur gearr go leantar muid anois, faoi luach an leasú atá amuigh orainn.
Níl luach leithpighne istigh ná amuigh againn, nach bhfuil míllte acab.
Níor fhága siad luach na cianóige istigh ná amuigh aige, nar itheadar nó nar chrapadar leo(b).
 
Bhainfeadh sé luach na bó, amach, dhá dtugadh sé 'na cúirte iad.