Líonán
—
gleann caol nó sáinn idir dhá chnocán. In ainmneachaí áiteacha — Líonán Chinn Mhara in aice leis an gCaoláire Ruadh (Caolsháile) i gConamara.
·
Tá lionáinín siar ann
Líonán in iontrálacha eile (4)
+
→
iomaire
Amuigh ag iomaire an Líonáin a chomhnuigheas sé.
TUILLEADH (1) ▼
Cuirfeamuid sconnsa le iomaire an Líonáin agus ní leigfe muid aniar é thar Mhám an Tuirc Mhóir (sliocht as Amhrán an Phúca, Micheál 'ac Suibhne).
→
díonmhar
Níl aon-cheo aige siúd nach bhfuil díonmhar. Tá na sciobóil agus na h-áirgí atá timcheall an tighe cho díonmhar leis an teach comhnuidhe. Dhá mbadh é bosca an mhadadh féin é, tá líonán aige taobh istigh leis — píosa de chóta mór oláilte — ar fhaitíos go dteangmhóchadh deoir ar bith leis. D'eireochadh sé amach agad as an mbosca sin ar maidin cho tirm le fear as leabaidh chlúmhaighe