líonán
—
gleann caol nó sáinn idir dhá chnocán. In ainmneachaí áiteacha — Líonán Chinn Mhara in aice leis an gCaoláire Rua (Caolsháile) i gConamara.
·
Tá líonáinín siar ann
líonán in iontrálacha eile (4)
+
→
iomaire
Amuigh ag Iomaire an Líonáin a chónaíos sé
TUILLEADH (1) ▼
"Cuirfidh muid sconsa le Iomaire an Líonáin agus ní ligfidh muid aniar é thar Mhám an Toirc Mhóir" (sliocht as Amhrán an Phúca, Micheál Mac Suibhne)
→
díonmhar
Níl aon cheo aige siúd nach bhfuil díonmhar. Tá na sciobóil agus na háirgí atá timpeall an tí chomh díonmhar leis an teach cónaí. Dhá mba é bosca an mhadaidh féin é, tá líonán aige taobh istigh leis — píosa de chóta mór oláilte — ar fhaitíos go dteangmhódh deoir ar bith leis. D'éireodh sé amach agat as an mbosca sin ar maidin chomh tirim le fear as leaba chlúmhaigh