Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Lón
lún — I. Chonamara
roisín bidh
a.
+
D'ith sé lón
Thug sé lón agus costas leis le h-aghaidh an bhóthair = duine a bheadh ag dul ar aistir (minic an leagan cainnte sin 'sna sean-scéalta, agus cloistear faoi ghnáth-aistreacha freisin é.
TUILLEADH (2) ▼
An té a bhfuil long agus lón aige, gheobhfa sé cóir uair eicín (sean-fhocal)
Má theigheann tú isteach tigh Máire Aindí ní bheidh tú d'uireasbha lóin = gheobha tú biadh.
·
Lón an bháis = béile deireannach a itheas duine roimh an mbás. Deirtear go dtagann goile do dhuine agus é in achar an anama.
Badh é an béile sin lón a bháis — an greim a d'ith sé an uair sin, badh é an greim deireannach aige é.
b.
éagsamhlacht céille
+
Ba ghearr de lón dom an phuintín gágach sin = is gearr a chuaidh sé orm. Níorbh 'fhada go raibh sé caithte agam.
Is gearr de lón orm a gcuirtear as Ameriocá chugam = is gearr le dhul an riar airgid a cuirtear chugam as Ameriocá.
TUILLEADH (5) ▼
Beidh mé gan lón, agus a bheith taobh leatsa = má bhím in do thuilleamuidhe-sa le beatha nó airgead a shaothrú dom, beidh mé dhá bhfuireasbha.
Fear gan airgead imbaile mór is olc an lón dó goile géar (sean-fhocal) = bíonn sé in ainriocht, má thagann ocras air, arae ní bhíonn aon-airgead aige le beatha a cheannacht.
Is olc an lón duit an méid sin, má's leat an lá a chaitheamh ar an aonach — níl do sháith airgid ann le dola an lae a chuir thart.
Bhí triúr mac agam a bhí oilte tóighthe; agus ba ghearr de lón dom iad céad faraor ghéar (Máire Ní Mhongáin) = ba ghearr a fágadh agam iad, le tada a shaothrú dhom.
Is fada de lón dó an udhacht — is fada a fhearfas sí air.

Lón in iontrálacha eile (25)

 
fág
Sin ní fhágfainn le mo ló marach go raibh lón ar iompar agam. Sliabh gortach a tháinig orm. Ní hé a athrú a bhí ann. B'fhurasta aithinte dhom é
+
baile
'Fear gan airgead imbaile mór, is olc a' lón dó goile géar' (sean-fhocal) = is olc a' rud de dhuine goin ocrais dhá bhualadh sa mbaile mór, má tá sé ar phócaí falamha.
TUILLEADH (7) ▼
Bhuail goin ocrais mé, ach céard d'fhéadfainn a dhéanamh. 'Fear gan airgead i mbaile mór' a mhic ó 'is olc a' lón dó goile géar'.
Bhí mé 'mo bhambairne; ó chaill mé mo chuid airgid. Bhuail ocras mé, ach ní rabh fhios agham, cá dtiubhrainn m'aghaidh. 'Fear gan airgead i mbaile mór, is olc a' lón dó goile géar' — is olc sin'.
Chomhair mé a raibh agam — bonn a's leithpighinn. 'Is gearr orm an bonn a's leithphighinn seo' arsa mise liom péin, a's sin é an uair a chuimnigh mé ar an rud adeireadh M. Th. 'ndéana Dia maith air: 'fear gan airgead imbaile mór, is olc a' lón dó goile géar'.
Dhá mbeinn ar mo bhealach abhaile, gheobhfainn duine eicínt a ndéanfainn teanntás air, le greim le n'ithe a thabhairt dom, ach 'fear gan airgead imbaile mór, is olc a' lón dó goile géar'.
Cé'r chás dom é, dhá mbeadh luach brioscaí fhéin agham, ach dheamhan cianóg ruadh a bhí a' gabhail liom, a's mo shean-eire ocrais orm. A's deirimse leat gur deacair a' sean-fhocal a shárughadh: 'fear gan airgead imbaile [mór] is olc a' lón dó goile géar'.
Ní bheadh clóic a' bith ar dhuine amach faoi'n tuaith, ach a' té a thiocfas 'na bhaile mhóir, tugadh sé lón nó costas leis ar mhaith leis fhéin, arae mar adeir a' fear fadó: 'fear gan airgead imbaile móra, is olc a' lón dó goile géar'.
Dheamhan áit níos gortaighe ná slata na Gaillimhe ag a' té, nach bhfuil lón nó costas aige! 'Fear gan airgead imbaile mór, is olc a' lón dó goile géar'.
+
Tabhair lón leat faoi chomhair a' bhealaigh.
TUILLEADH (4) ▼
Ní mór dhom lón a's costas faoi chomhair a' bhealaigh.
Níor fhága mise an baile ariamh gan lón a's costas (gan cuid a's costas) faoi chomhair a' bhealaigh.
Thug sé lón a's costas leis l'aghaidh an bhealaigh.
Dheamhan mórán airgid mar sin, is call duit, le díol do bhealaigh a bheith aghad. Gheobha muid an bus ar shaorgáil (saordháil?), a's féadfa muid lón a thabhairt linn as a' mbaile (mórdháil, mórdhálach — mórgáil, a's mórgálach adeirtear).
+
Is beag an lón, do cluithche cloinne atá aice an teirgéis bheag bealthuidheachta sin = is gearr a sheasfas an méid sin feola, ime, etc dóib, scáth a bhfuil ann di, a's an iomad béal atá le dhul a' fiachadh air.
TUILLEADH (1) ▼
Ba gearr de lón dom, bealthuidheacht na Nodlag, a's ní fheicfe mé aon-bhealthuidheacht aríst, go dtige an tSaoire.
+
bocht 2
Is gearr de lón do na boicht, na cupla scilling ghágach sin atá siad a fhaghail = ní mórán a bhainfeas daoine bochta as na cupla scilling shuarach ("dole") atá siad a fhaghail.
TUILLEADH (1) ▼
Badh iad na fataí lón na mbocht roimhe seo, ach tháinic maith ar a' saoghal ó shoin.
 
Is gearr (is beag) an (de) lón dhó, an an-tlás ar an lá deireannach = ní dhéanfa a chuid ampla mórán maitheasa dhó lá a bháis.
 
Is fuarchúiseach an áit é seo ag pócaí falamha, arsa tusa. Fear gan airgead i mbaile mór, is olc an lón dó goile ghéar, adeir siad.
 
deis
Níl aon deis mhaireachtála aige ach ag imeacht mar sin indiaidh a chinn roimhe, agus lá oibre a dhéanamh annseo agus annsiúd ar lóistín na h-oíche agus ar lón an bhóthair
 
"Bíodh an catmara ag an dochtúr" adeir sé. "Is fhearr a fhios agamsa céard a bhaineas dom féin, ná ag dochtúr ar bith. Ar son Dé torm (tabhair dhom) deoladh — dá mbadh é lún (lón) mo bháis é."
 
Má d'fhága sí udhachta mhór in a diaidh, is gearr is lón dá dlúth-mhuintir é. Tá brothtuinn aca annseo thoir, agus dhá mbeadh teacht isteach Hyde ar 'chuile dhuine aca, ba ghearr le dhul ar a scóig é
 
Chuala mise ariamh caint ar leicín an doichill ach siúd é an áit a bhfuil sí, thíos ins an aspuicil. Go bhfóiridh Dia orainn is caillte an áit é. Gheobhaidh tú stiallóigín aráin agus braoinín tae nach dtiubharfá do sheacht mallacht air, agus sin é do lón go dtí an t-am céadna lá'r na bháireach. 'Sé a mh'anam scáth an dinnéar agus an bricfeasta a bhíos ann. Tá na créatúir bhochta atá istigh ann ag saothrú an tsaoghail. Go bhféachaidh an t-Athair Síorruidhe orainn is mór an díol-truaighe duine ar bith atá fágtha istigh annsiúd
 
driull
Níor thuit an driúll ar an dreáll críochnuighthe air, go raibh muid ag teacht anoir in aghaidh Árd Bh. Rinne sé an luighe mór orm mar adubhairt an t-Árannach, in ucht an aird. Shíl mé a mh'anam gur sliabh gortach a bhí dhá bhualadh, agus nach hé an siubhal chor ar bith a bhí ag cur air. "T'anam cascartha ag an diabhal" arsa mise. "Eirigh as sin. Ní stró ar bith dhuit é a shrianadh siar in aghaidh an aird anois, agus gheobhaidh muid lón eicínt i dteach an ósta annseo thiar"