lón
—lún — Íochtar Chonamara
—
roisín bídh.
a.
+–
D'ith sé lón
Thug sé lón agus costas leis le haghaidh an bhóthair — duine a bheadh ag dul ar aistir (minic an leagan cainte sin sna seanscéalta agus cloistear faoi ghnáthaistreacha freisin é)
TUILLEADH (2) ▼
An té a bhfuil long agus lón aige, gheobhaidh sé cóir uair eicín (seanfhocal)
Má théann tú isteach tigh Máire Aindí, ní bheidh tú d'uireasa lóin — gheobhaidh tú bia
·
Lón an bháis — béile deireanach a itheas duine roimh an mbás. Deirtear go dtagann goile do dhuine agus é in achar an anama
Ba é an béile sin lón a bháis — an greim a d'ith sé an uair sin, ba é an greim deireanach aige é
b.
(éagsúlacht céille).
+–
Ba ghearr de lón dom an phuintín gágach sin — is gearr a chuaigh sé orm. Níorbh fhada go raibh sé caite agam
Is gearr de lón orm a gcuirtear as Meiriceá chugam — is gearr le dhul an riar airgid a cuirtear chugam as Meiriceá
TUILLEADH (5) ▼
Beidh mé gan lón agus a bheith taobh leatsa — má bhím in do thuilleamaíse le beatha nó airgead a shaothrú dom, beidh mé dhá bhfuireasa
Fear gan airgead i mbaile mór is olc an lón dó goile géar (seanfhocal) — bíonn sé in ainriocht má thagann ocras air, arae ní bhíonn aon airgead aige le beatha a cheannacht
Is olc an lón duit an méid sin, más leat an lá a chaitheamh ar an aonach — níl do sháith airgid ann le dola an lae a chur thart
"Bhí triúr mac agam a bhí oilte tógtha; agus ba ghearr de lón dom iad céad faraor ghéar" (Máire Ní Mhongáin) — ba ghearr a fágadh agam iad le tada a shaothrú dhom
Is fada de lón dó an uacht — is fada a fhearfas sí air.
lón in iontrálacha eile (26)
→
fág
Sin ní fhágfainn le mo ló murach go raibh lón ar iompar agam. Sliabh gortach a tháinig orm. Ní hé a athrú a bhí ann. B'fhurasta a aithinte dhom é
+
→
baile
Fear gan airgead i mbaile mór, is olc an lón dó goile géar (seanfhocal) — is olc an rud do dhuine goin ocrais dhá bhualadh sa mbaile mór má tá sé ar phócaí folamha.
TUILLEADH (7) ▼
Bhuail goin ocrais mé, ach céard a d'fhéadfainn a dhéanamh. Fear gan airgead i mbaile mór, a mhic ó, is olc an lón dó goile géar.
Bhí mé i mo bhambairne ó chaill mé mo chuid airgid. Bhuail ocras mé, ach ní raibh a fhios agam cá dtabharfainn m'aghaidh. Fear gan airgead i mbaile mór, is olc an lón dó goile géar — is olc sin.
Chomhair mé a raibh agam — bonn is leithphínn. 'Is gearr orm an bonn is leithphínn seo,' arsa mise liom péin, agus sin é an uair a chuimhnigh mé ar an rud adeireadh M. Th. go ndéana Dia maith air: fear gan airgead i mbaile mór, is olc an lón dó goile géar.
Dhá mbeinn ar mo bhealach abhaile, gheobhainn duine eicínt a ndéanfainn teanntás air le greim le n-ithe a thabhairt dom, ach fear gan airgead i mbaile mór, is olc an lón dó goile géar'.
Cér chás dom é dhá mbeadh luach brioscaí fhéin agam, ach dheamhan cianóg rua a bhí ag gabháil liom, agus mo sheaneire ocrais orm. Agus deirimse leat gur deacair an seanfhocal a shárú: fear gan airgead i mbaile mór is olc an lón dó goile géar.
Ní bheadh clóic ar bith ar dhuine amach faoin tuaith, ach an té a thiocfas 'na bhaile mhóir tugadh sé lón nó costas leis ar mhaithe leis fhéin, arae mar adeir an fear fadó: fear gan airgead i mbaile móra, is olc an lón dó goile géar.
Dheamhan áit níos gortaí ná slata na Gaillimhe ag an té nach bhfuil lón nó costas aige! Fear gan airgead i mbaile mór, is olc an lón dó goile géar.
+
→
bealach
Tabhair lón leat faoi chomhair an bhealaigh.
TUILLEADH (4) ▼
Ní mór dhom lón agus costas faoi chomhair an bhealaigh.
Níor fhága mise an baile ariamh gan lón agus costas (gan cuid agus costas) faoi chomhair an bhealaigh.
Thug sé lón agus costas leis le aghaidh an bhealaigh.
Dheamhan mórán airgid mar sin is call duit le díol do bhealaigh a bheith agat. Gheobhaidh muid an bus ar shaorgáil, agus féadfaidh muid lón a thabhairt linn as an mbaile (mórdháil, mórdhálach — mórgáil, agus mórgálach adeirtear)
+
Is beag an lón do cluiche clainne atá aici, an teirgéis bheag bealaíochta sin — is gearr a sheasfas an méid sin feola, ime, srl. dóibh, scáth a bhfuil ann di agus an iomad béal atá le dhul ag fiachadh air.
TUILLEADH (1) ▼
Ba gearr de lón dom bealaíocht na Nollag, agus ní fheicfidh mé aon bhealaíocht aríst go dtige an tSaoire.
+
→
bocht 2
Is gearr de lón do na boicht na cupla scilling ghágach sin atá siad a fháil — ní mórán a bhainfeas daoine bochta as na cupla scilling shuarach (dole) atá siad a fháil.
TUILLEADH (1) ▼
Ba iad na fataí lón na mbocht roimhe seo ach tháinig maith ar an saol ó shin.
→
buail
Teacht isteach ag C. Th. a bhuail an sliabh gortach mé, agus níor fhan éirí i mo sheasamh ionam ar an toirt boise. Murach gur éirigh Dia liom lón a bheith ar iompar agam, bhí mo chnaipe déanta.
→
antlás
Is gearr (is beag) an (de) lón dhó an antlás ar an lá deireanach — ní dhéanfaidh a chuid ampla mórán maitheasa dhó lá a bháis.
Is fuarchúiseach an áit é seo ag pócaí folamha, arsa tusa. Fear gan airgead i mbaile mór, is olc an lón dó goile ghéar, adeir siad.
→
deis
Níl aon deis mhaireachtála aige ach ag imeacht mar sin i ndiaidh a chinn roimhe, agus lá oibre a dhéanamh anseo agus ansiúd ar lóistín na hoíche agus ar lón an bhóthair
→
deoladh
'Bíodh an cat mara ag an dochtúr,' adeir sé. 'Is fhearr a fhios agamsa céard a bhaineas dom féin, ná ag dochtúr ar bith. Ar son Dé tabhair dhom deoladh — dá mba é lón mo bháis é'
Má d'fhága sí uachta mhór ina diaidh, is gearr is lón dá dlúthmhuintir é. Tá bratainn acu anseo thoir, agus dhá mbeadh teacht isteach Hyde ar chuile dhuine acu, ba ghearr le dhul ar a scóig é
Chuala mise ariamh caint ar leicín an doichill ach siúd é an áit a bhfuil sí, thíos san easpaicil. Go bhfóire Dia orainn, is caillte an áit é. Gheobhaidh tú stiallóigín aráin agus braoinín tae nach dtabharfá do sheacht mallacht air, agus sin é do lón go dtí an t-am céanna lá arna mhárach. 'Sé a mh'anam, scáth an dinnéar agus an bricfeasta a bhíos ann. Tá na créatúir bhochta atá istigh ann ag saothrú an tsaoil. Go bhféacha an tAthair Síoraí orainn, is mór an díol trua duine ar bith atá fágtha istigh ansiúd
→
driull
Níor thit an driull ar an dreall críochnaithe air go raibh muid ag teacht anoir in aghaidh Ard Bh. Rinne sé an luí mór orm, mar adúirt an tÁrannach, in ucht an aird. Shíl mé a mh'anam gur sliabh gortach a bhí dhá bhualadh, agus nach é an siúl chor ar bith a bhí ag cur air. 'T'anam coscartha ag an diabhal,' arsa mise. 'Éirigh as sin. Ní stró ar bith dhuit é a shrianadh siar in aghaidh an aird anois, agus gheobhaidh muid lón eicínt i dteach an ósta anseo thiar'