Mío-chontanásach
—Aidiachta as — contanás
—
gan contanás; mí-shibhialta; meirgeach; dorrdha; díbhirceach; dorcha, droch-mhúinte; mío-shúbháilceach; doirbh.
+–
Ní fhaca tú aon-duine go h-iomdhaí chomh mío-chontanásach leis.
Tá sí ag gabhail in aghaidh dúthchais, má tá sí chomh mío-chontanásach sin, arae ní casfaidhe aon-bhean in do shiubhal lae ort, ba laetheamhla ná ba lághaighe ná a máthair. Ó mhuinntir a h-athar a thug sí an stróic sin, ach inDomhnach, dheamhan a raibh siad-san daor-bhasctha ach an oiread.
TUILLEADH (6) ▼
Nach mío-chontanásach a' mhaise dhó é aghaidh 'thabhairt ar aon-duine, mar sin. Dá bar (mbadh) liomsa a dhéanfad sé é, dhathóchainn a' smut aige, dhathóchainn sin.
Níl aon-duine istigh ar a' mbaile le baint as margadh. Tá chuile mhac a' pheata aca(b) chomh mío-chontanásach le na chéile.
Is mío-chontanásach an éadáil é siúd muis, le dhul ag iarraidh 'inghine air. Ní mó ná dhá mbeadh posta nó siopa agad, go bhféadfá é 'thaobhachtáil.
Sagairt! InDomhnach is mío-chontanásach a' dream [iad], le dhul ag iarraidh tada orra(b). Tabhair chuile shórt dóibh fhéin, ach ná h-éiligh tada orra(b).
Ní lughar liom an sioc ná a dhul in a ghoire ag iarraidh tada air, a's chomh mío-chontanásach a's tá sé. B'fhéidir go bhfaigheadh duine leis é ar sheol na braiche amanntaí, ach níor dhóichidighe sin, ná é 'eirghe in a theine bhruithte (chug)ad.
Breagh nar ghlac tú go réidh é, a's gan a bheith mío-chontanásach. Is suarach a' t-iongnadh gur bhuail spadhar fhéin é.
Féach freisin
→
cuntanós
Mío-chontanásach in iontrálacha eile (1)
→
comaoin
Ní cumaoin duit a bheith mío-chontanásach ná dóroinneach (dóghrainneach?) le muinntir do mháthar. Sin iad an cleite is fhearr in do sciathán fhéin a mhic ó.