Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
míchuntanósach
aidiacht as cuntanós
gan cuntanós; míshibhialta; meirgeach; dorrga; díbhirceach; dorcha, drochmhúinte; míshuáilceach; doirbh.
+
Ní fhaca tú aon duine go hiomaí chomh míchuntanósach leis.
Tá sí ag gabháil in aghaidh dúchais má tá sí chomh míchuntanósach sin, arae ní casfaí aon bhean in do shiúl lae ort ba laethúla ná ba láí ná a máthair. Ó mhuintir a hathar a thug sí an stróic sin, ach i nDomhnach, dheamhan a raibh siadsan daorbhasctha ach an oiread.
TUILLEADH (6) ▼
Nach míchuntanósach an mhaise dhó é aghaidh a thabhairt ar aon duine mar sin. Dá bar (mba) liomsa a dhéanfadh sé é, dhathóinn an smut aige, dhathóinn sin.
Níl aon duine istigh ar an mbaile le baint as margadh. Tá chuile mhac an pheata acub chomh míchuntanósach lena chéile.
Is míchuntanósach an éadáil é siúd muis le dhul ag iarraidh a iníne air. Ní mó ná dhá mbeadh posta nó siopa agat go bhféadfá é a thaobhachtáil.
Sagairt! I nDomhnach is míchuntanósach an dream iad le dhul ag iarraidh tada orthub. Tabhair chuile shórt dóibh fhéin, ach ná héiligh tada orthub.
Ní luar liom an sioc ná a dhul ina ghaire ag iarraidh tada air agus chomh míchuntanósach is atá sé. B'fhéidir go bhfaigheadh duine leis é ar sheol na braiche amantaí, ach níor dhóichidí sin, ná é a éirí ina thine bhruite chugat.
Breá nár ghlac tú go réidh é agus gan a bheith míchuntanósach. Is suarach an t-ionadh gur bhuail spadhar fhéin é.

Féach freisin

míchuntanósach in iontrálacha eile (1)

 
Ní comaoin duit a bheith míchuntanósach ná doghrainneach le muintir do mháthar. Sin iad an cleite is fhearr in do sciathán fhéin a mhic ó.