Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
mífholláin
·
Níl rud ar bith is mí-fholláine ná an ceó bradach seo agus an aimsir shiodánach. Ní iontas an tír a bheith tolgha fhéin agus an aimsir atá ag teacht
Deir siad nach bhfuil pas ar bith is mí-fholláine ná taobh na Gaillimhe annseo. Tá sé ro-ghar don fharraige, agus bíonn sé in a bháistigh i gcomhnaí ann. Nach shin é an ceó reatha sin isteach den fharraige 'chuile phuinnte!
+
Marach é a bheith mí-fholláin ní bheadh sé cho héiseallach siúd faoin a chuid beatha
Deir siad gur an iomarca feóla an rud is mí-fholláine a chaith duine ariamh
TUILLEADH (2) ▼
Shílfeá le breathnú air nach bhfuil díriúch ar bith is mí-fholláine ná é, ach is beag a mhairg air sin in a dhiaidh sin. Sé atá cruadh cuisneach
Tá dreach an-mhí-fholláin uirri an créatúr. Níl snuadh ar bith in a leicne