Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
mífholláin
·
Níl rud ar bith is mífholláine ná an ceo bradach seo agus an aimsir sheadánach. Ní iontas an tír a bheith tolgtha fhéin agus an aimsir atá ag teacht
Deir siad nach bhfuil pas ar bith is mífholláine ná taobh na Gaillimhe anseo. Tá sé róghar don fharraige, agus bíonn sé ina bháistigh i gcónaí ann. Nach in é an ceo reatha sin isteach den fharraige chuile phointe!
+
Murach é a bheith mífholláin, ní bheadh sé chomh héisealach siúd faoina chuid beatha
Deir siad gur an iomarca feola an rud is mífholláine a chaith duine ariamh
TUILLEADH (2) ▼
Shílfeá le breathnú air nach bhfuil díthriúch ar bith is mífholláine ná é, ach is beag a mhairg air sin ina dhiaidh sin. 'Sé atá crua cuisneach
Tá dreach an-mhífholláin uirthi an créatúr. Níl snua ar bith ina leicne

mífholláin in iontrálacha eile (4)

 
Tá chuile shórt ina mhoirt ag an gcramhar sin. Dheamhan cineál ar bith báistí is sailí ná í. Dá gcaitheadh sé foracan breá in éindí agus éirí as ansin, níor leath dochair é, ach tá an cramhar sin mífholláin.
 
aice 2
Tá an aimsir mífholláin in aice a bheith go dona
 
fasair
Uair ar bith a mbíodh ocras orainn fadó dheamhan ceo a dhéanadh muid ach fasair fhataí a bhualadh síos sa splainc. Ní fheicfeá gasúr ar bith ag róstadh bruithneogaí anois. Tháinig críonnacht do ghasúir ó shin. Sin, nó d'imigh an goile uathu. Dheamhan a fhios agam nach é an goile fhéin atá dúnta. Dúnta ag tae agus ag beatha mífholláin
 
dusta
Is mífholláin an rud an dusta sin a bheith ag gabháil in do phutógaí ó mhaidin go faoithin