Mí-fhollántas
—
gan a bheith folláin nó slán; a bheith fabhtach nó tolgha.
+–
Dheamhan a bhfuil folláin dhó (dhe) déarfainn. Nach mbíonn an criotán sin air i gcomhnaí. Deile cén chaoi a mbíonn sé sin air ach le mí-fhollántas
Airím mí-fhollántas eicínt orm fhéin le goirid
TUILLEADH (5) ▼
Mí-fhollántas na háite thoir ba chionntach léithi, adeir an dochtúr. Chuir sé aithne uirri a dhul ar athrú aeir
Is deacair do dhuine ar bith a bheith slán anois ag mí-fhollántas na huaire. Tá na daoine foirghe ag báisteach agus ag casacht
Tholg mí-fhollántas an tí frén a chéile iad
Is mór an mí-fhollántas a bheith do do chaidhleadh le deatach chuile phuinnte mar sin
Níl mí-fhollántas ar bith air sin, th'éis go bhfuil sé meath-thinn i gcomhnaí más fíor dó fhéin. Ach is beag dhá chuid cluanaíocht é. Tá: a chnámha gan fír na maitheasa a bheith ionta. Sin é an méid
Mí-fhollántas in iontrálacha eile (1)
→
deoladh
Oscluighidh na fuinneoga sin agus leigidh deoladh gaoithe oraibh féin. Nach bhfuil sib plúchtha mar atá sib. Is mór an mí-fhollántas an tráth seo 'bhliain 'chuile fhuinneog agus 'chuile dhorus a bheith dúinte