mífhollántas
—
gan a bheith folláin nó slán; a bheith fabhtach nó tolgtha.
+–
Dheamhan a bhfuil folláin dhó (dhe) déarfainn. Nach mbíonn an creatán sin air i gcónaí. Deile cén chaoi a mbíonn sé sin air ach le mífhollántas
Airím mífhollántas eicínt orm fhéin le gairid
TUILLEADH (5) ▼
Mífhollántas na háite thoir ba chiontach léithe, adeir an dochtúr. Chuir sé aithne uirthi a dhul ar athrú aeir
Is deacair do dhuine ar bith a bheith slán anois ag mífhollántas na huaire. Tá na daoine foirgthe ag báisteach agus ag casacht
Tholg mífhollántas an tí fréna chéile iad
Is mór an mífhollántas a bheith do do chaidhleadh le deatach chuile phointe mar sin
Níl mífhollántas ar bith air sin, théis go bhfuil sé meath-thinn i gcónaí más fíor dó fhéin. Ach is beag dhá chuid cluanaíocht é. Tá: a chnámha gan fír na maitheasa a bheith iontu. Sin é an méid
mífhollántas in iontrálacha eile (1)
→
deoladh
Osclaidh na fuinneoga sin agus ligidh deoladh gaoithe oraibh féin. Nach bhfuil sibh plúchta mar atá sibh. Is mór an mífhollántas an tráth seo bhliain chuile fhuinneog agus chuile dhoras a bheith dúnta