mífhonn
—
+–
Shílfeá nach mbeadh an oiread sin mí-fhonn air a dhul ann = cheal fonn; leisce, drugal, fuath
Ní mí-fhonn atá orm a dhul in éindigh lib chor ar bith, ach nach bhfuil aon-duine agam leis an teach a chumhdach, agus mé imithe
TUILLEADH (6) ▼
Ní bheadh mí-fhonn ar bith orm faoin obair, ach chítear dhom nach mairfinn san áit
Níor labhair sé smid i gcaitheamh na hoíche le mí-fhonn imeacht
Tá guirín ar mo chroí le mí-fhonn a dhul ag comhnaí san S.
Chaith sé an mhaidin dhá shearradh fhéin le mí-fhonn eirí
Ní leigfeadh an mí-fhonn dó a dhul 'na phortaigh anois, dhá gcailltí leis an bhfuacht ar an teallach é
Ná bac le duine ar bith a mbeidh mí-fhonn mar sin air. Ní duine é le aon-mhuinín a bheith as
+–
Daimhsítear port le fonn agus port le mí-fhonn. Le mí-fhonn muis a bhí S. ag clascairt dhamhsa aréir. Changlódh sé táirní crú capaill le olc. Thug T. J. a chailín uaidh luath go maith san oíche
Má bhí mise ag gáire ní ó mo chroí é. Ba deacair dhom, agus mo chroí cho dubh le gual ceártan. Daimhsíthear port le fonn, agus port le mí-fhonn 'ar ndú'
TUILLEADH (1) ▼
Is minic, go ndéana Dia grásta uirre, san am a bhfuair Bríd bás a dteighinn síos annsin thíos chuile oíche ag déanamh cuideachta le na gearrbhodaigh. Diabhal neart a bhíodh agam air. Ag iarraidh an buaidhre a chaitheamh dhíom a bhínn. Is minic a dhaimhsíthear port le mí-fhonn féin