Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
mífhonn
+
Shílfeá nach mbeadh an oiread sin mífhonn air a dhul ann — cheal fonn; leisce, drogall, fuath
Ní mífhonn atá orm a dhul in éindí libh chor ar bith ach nach bhfuil aon duine agam leis an teach a chumhdach agus mé imithe
TUILLEADH (6) ▼
Ní bheadh mífhonn ar bith orm faoin obair ach chítear dhom nach mairfinn san áit
Níor labhair sé smid i gcaitheamh na hoíche le mífhonn imeacht
Tá goirín ar mo chroí le mífhonn a dhul ag cónaí sa S.
Chaith sé an mhaidin dhá shearradh fhéin le mífhonn éirí
Ní ligfeadh an mífhonn dó a dhul 'na phortaigh anois, dhá gcailltí leis an bhfuacht ar an teallach é
Ná bac le duine ar bith a mbeidh mífhonn mar sin air. Ní duine é le aon mhuinín a bheith as
+
Damhsaítear port le fonn agus port le mífhonn. Le mífhonn muis a bhí S. ag clascairt dhamhsa aréir. Changlódh sé tairní crú capaill le olc. Thug T. J. a chailín uaidh luath go maith san oíche
Má bhí mise ag gáire ní ó mo chroí é. Ba deacair dhom, agus mo chroí chomh dubh le gual ceártan. Damhsaítear port le fonn, agus port le mífhonn ar ndóigh
TUILLEADH (1) ▼
Is minic, go ndéana Dia grásta uirthi, san am a bhfuair Bríd bás a dtéinn síos ansin thíos chuile oíche ag déanamh cuideachta le na gearrbhodaigh. Diabhal neart a bhíodh agam air. Ag iarraidh an buaidhreamh a chaitheamh dhíom a bhínn. Is minic a dhamhsaítear port le mífhonn féin

mífhonn in iontrálacha eile (7)

+
fonn
Bíonn fonn le fonn agus fonn le mífhonn — deirtear amhráin agus gan fonn ar bith ar lucht a ráite a rá; agus deireann daoine eile iad as lánchroí agus meanmna; déanann daoine rudaí agus fonn a gcroí orthu a ndéanamh, ach in aghaidh a dtolach a níos daoine eile iad (magadh focail sa leagan: fonn ciall a 1 agus fonn ciall a 2, fearacht "an té nach bhfuil aon ghuth aige ná bíodh aon ghuth agaibh air" srl.)
TUILLEADH (6) ▼
Bíonn fonn le fonn, adeir siad, agus fonn le mífhonn. Dhá n-abraínnse amhrán anois ba é an fonn le mífhonn é. Níl mé ar mo mhian fhéin ar chuma eicínt
Rinne mé stróic bheag oibre ach ba in aghaidh mo tholach é. Bíonn fonn le fonn, adeir siad, agus fonn le mífhonn
Dar príosta muise cuid den dream a chuaigh siar ansin inniu ag tarraingt na gclocha sin ag an sagart, ní dhá ndeoin a chuaigh siad ann. Ach bhí cuid eile acu agus fonn mór orthu. Sin é an chaoi a mbíonn sé: bíonn fonn le fonn agus fonn le mífhonn
Gabhtar fonn le fonn agus fonn le mífhonn, adéarfaidís. Ba in é a fhearacht agamsa inniu é. Bhí mé ag obair, agus beagán dhá fhonn orm
Mura ndéana sé le fonn é, déanfaidh sé le mífhonn é — déanfaidh sé é, más olc maith leis é
Ní dhéanfaidh mé le fonn ná le mífhonn é. Déan é más breá leat. An uair deiridh a ndearna mé é, tá a fhios agam cén buíochas a bhí orm