neamh-áirdeamhail
—Neamh-áirdeamhlacht corr uair.
—
gan aon-áird a thabhairt; gan éisteacht; gan aon-tsuim a bheith agad 'san obair atá ar siubhal.
+–
Is neamh-áirdeamhail a' duine é = duine nach dtugann aon-áird ort nó nach n-éisteann leat, nó nach ndeanann a' ghna(ithe).
Ní fhaca mé ariamh aon-duine is neamh-áirdeamhla ar a ghna(ithe) ná thú.
TUILLEADH (11) ▼
Má bhíonn tú igcomhnuidhe chomh neamh-áirdeamhail sin ar do chuid oibre, is truagh dhuit amach annseo, nuair a chaithfeas tú 'dhul a' saothrú.
Nach mór a' t-iongnadh go raibh tú chomh neamh-áirdeamhail sin ar na gasúir a's go dtug tú chead dóib, an t-arán ar fad a ghiotú ort.
Má bhíonn sib chomh neamh-áirdeamhail sin ar a' móin, ní fhágfaidhear fód a' gabhail lib, nach ngoidfidhear uaib.
Marach chomh neamh-áirdeamhail a's atá sé ar a' ghna(ithe) is oibridhe maith é.
Nach neamh-áirdeamhail a' mhaise dhuit é = shílfeá go n-éistfeá leis a' gcainnt, nó leis a' rud a bheadh duine a rádh.
Chaith mé leath-uair a' ceartú dhó, ach bhí sé chomh neamh-áirdeamhail sin, a's go sílim, nar thill morán di in a cheann.
Tuige nach n-éistfeá leis a' rud a bheadh duine ínnseacht duit, a's gan a bheith chomh neamh-áirdeamhail sin.
Níl fhios aige focal de'n tseanmóir a bhí ag a' sagart indiu tá sé chomh neamh-áirdeamhail sin.
Bhí sé cur dhe ar a dhicheall, ach dhá mbeadh fhios aige chomh neamh-áirdeamhail a's atá an dream a bhí ag éisteacht leis, bheadh sé in a chomhnuidhe.
Ghlaoidh sé air, ach bhí an ceann eile chomh neamh-áirdeamhail 's nar chuala sé é.
Ní fhaca mé aon-duine ariamh chomh neamh-áirdeamhail leis
neamh-áirdeamhail in iontrálacha eile (4)
→
cadhail
Shíl mé gur dhubhairt mé leat an mhóin sin a chaidhleadh suas i mullach a chéile, a's gan í a fhágáil in a ciseach mar sin! Ach is beag a' mhaith rud a' bith a rádh leat. Tá tú ro-neamh-áirdeamhail ar fad.
→
buail ar
Níor airigh siad ariamh gur buaileadh an bád ar leic imbéal a' chuain. Nach h-iad a bhí neamh-áirdeamhail anois, nar thug faoi deara an leac, a's seoladh glan uirre.
→
dual 2
Dhá mbeadh fear maith freastail agam, is gearr a bheinn dhá cur, ach b'fhearr dom uaim an té atá agam. Níl dual ná baibín na scolb dhá dteastóchaidh uaim nach gcaithfidh mé féin a theacht anuas ag cur caoi orra. Níl sé sin indon tada a dhéanamh ach go dtiubharfadh sé gabhail thuighe suas agad, agus is neamh-áirdeamhail é fúithe sin féin