neamhairdiúil
—neamhairdiúlacht corruair.
—
gan aon aird a thabhairt; gan éisteacht; gan aon tsuim a bheith agat san obair atá ar siúl.
+–
Is neamhairdiúil an duine é — duine nach dtugann aon aird ort nó nach n-éisteann leat, nó nach ndéanann a ghnaithe.
Ní fhaca mé ariamh aon duine is neamhairdiúla ar a ghnaithe ná thú.
TUILLEADH (11) ▼
Má bhíonn tú i gcónaí chomh neamhairdiúil sin ar do chuid oibre, is trua dhuit amach anseo nuair a chaithfeas tú a dhul ag saothrú.
Nach mór an t-ionadh go raibh tú chomh neamhairdiúil sin ar na gasúir agus go dtug tú chead dóibh an t-arán ar fad a ghiotú ort.
Má bhíonn sibh chomh neamhairdiúil sin ar an móin, ní fhágfar fód ag gabháil libh nach ngoidfear uaibh.
Murach chomh neamhairdiúil agus atá sé ar a ghnaithe is oibrí maith é.
Nach neamhairdiúil an mhaise dhuit é — shílfeá go n-éistfeá leis an gcaint nó leis an rud a bheadh duine a rá.
Chaith mé leathuair ag ceartú dhó ach bhí sé chomh neamhairdiúil sin agus go sílim nár thoill mórán di ina cheann.
Tuige nach n-éistfeá leis an rud a bheadh duine a inseacht duit agus gan a bheith chomh neamhairdiúil sin.
Níl a fhios aige focal den tseanmóir a bhí ag an sagart inniu, tá sé chomh neamhairdiúil sin.
Bhí sé ag cur dhe ar a dhícheall, ach dhá mbeadh a fhios aige chomh neamhairdiúil agus atá an dream a bhí ag éisteacht leis, bheadh sé ina chónaí.
Ghlaoigh sé air, ach bhí an ceann eile chomh neamhairdiúil is nár chuala sé é.
Ní fhaca mé aon duine ariamh chomh neamhairdiúil leis
neamhairdiúil in iontrálacha eile (6)
→
cadhail
Shíl mé gur dhúirt mé leat an mhóin sin a chaidhleadh suas i mullach a chéile agus gan í a fhágáil ina ciseach mar sin! Ach is beag an mhaith rud ar bith a rá leat. Tá tú ró-neamhairdiúil ar fad.
→
buail ar
Níor airigh siad ariamh gur buaileadh an bád ar leic i mbéal an chuain. Nach iad a bhí neamhairdiúil anois nár thug faoi deara an leac agus seoladh glan uirthi.
→
feothan
Tarraing an cuaille de chluais sin agat. Cluasa feothan atá ort. Nach neamhairdiúil an chaoi a bhfuil tú!
→
dris
An bhfaca tú aon diabhlánach ariamh is neamhairdiúla ná P. siúd. Bhí sé chomh maith dhuit a bheith ag caint le dris le bheith ag caint leis. Chaithfeá uair ag cur caoi ar rud eicínt dó, agus nuair a bheadh sé ceartaithe ar fad agat, sin é an uair adéarfadh sé: 'céard adeir tú'
→
dual 2
Dhá mbeadh fear maith freastail agam, is gearr a bheinn dhá cur ach b'fhearr dom uaim an té atá agam. Níl dual ná baibín ná scolb dhá dteastóidh uaim nach gcaithfidh mé féin a theacht anuas ag cur caoi orthu. Níl sé sin in ann tada a dhéanamh ach go dtabharfadh sé gabháil thuí suas agat, agus is neamhairdiúil é fúithi sin féin