paiteoil
—
a.
+–
Níl inte sin ach paitfheoil = feóil nach mbeadh bruite, nó rud ar bith mar sin nach mbeadh a dhóthain bruith fáite aige
Is deas í! Paitfheóil! Dhá mbeadh leasú cruaighe ar do chuid fiacla ní fhéadfá a cangailt. Nach diabhlaí nach dtiúrfadh sib bruith eicínt don rud a chuireas sib síos. Ag diomallú beatha: sin é a bhfuil sib a dhéanamh
TUILLEADH (1) ▼
Fágaí scaithín beag eile ar suan-bhruith í. Níl inte fós ach paitfheóil. Nach agaibh atá an deifir léithe! Faitíos atá oraibh go leagha sí san bpota. Ní leaghfaidh muise ná baol uirre: na sean-bheithigh atá sé siúd a cheannacht, is roighne ná sin iad!
b.
·
Tá an cáca seo in a phaitfheóil cheal bruitheacháin. Níor hionntuíodh ariamh é. Dheamhan ionntú. Feacha na rologaí atá istigh ann. Ní ar ur ngnatha atá áird agaibh! Níl aon-ghoir agaibh an teallach a fhaire agus a bheith ag seiteamas leis an bhfear anoir agus leis an bhfear aniar