paiteoil
—
a.
+–
Níl inti sin ach paiteoil — feoil nach mbeadh bruite nó rud ar bith mar sin nach mbeadh a dhóthain bruith fáite aige
Is deas í! Paiteoil! Dhá mbeadh leasú cruaí ar do chuid fiacla ní fhéadfá a cangailt. Nach diabhlaí nach dtabharfadh sibh bruith eicínt don rud a chuireas sibh síos. Ag diomalú beatha: sin é a bhfuil sibh a dhéanamh
TUILLEADH (1) ▼
Fágaidh scaithín beag eile ar suanbhruith í. Níl inti fós ach paiteoil. Nach agaibh atá an deifir léithe! Faitíos atá oraibh go leá sí sa bpota. Ní leáfaidh muise ná baol uirthi: na seanbheithígh atá sé siúd a cheannacht, is righne ná sin iad!
b.
·
Tá an cáca seo ina phaiteoil cheal bruitheacháin. Níor hiontaíodh ariamh é. Dheamhan iontú. Féacha na rologaí atá istigh ann. Ní ar bhur ngnaithe atá aird agaibh! Níl aon ghair agaibh an teallach a fhaire agus a bheith ag seiteamas leis an bhfear anoir agus leis an bhfear aniar