seanbhriocán
—
+–
Má tá aon-tsean-bhriocáin annsin thiar, tabhair do'n cheannuidhe iad a' chéad lá eile.
Tá go leor sean-bhriocáin caithte annsin thuas. Níl aon-mhaith ionnta(b) ach iad a chaitheamh ag ceannuidhe. B'fhéidir go dtiubharfad sé cupla scáinne snátha dhuinn orra(b).
TUILLEADH (9) ▼
Ní thiúbharfá do cheannuidhe na sean-bhriocáin a bhí air.
Níl na sean-bhriocáin fhéin agham le cuir orm anois. Is gearr go mbeadh mé is na briollachaí críochnuighthe.
Is maith iad na sean-bhriocáin fhéin mara mbí a n-athrú ag duine.
Níl aon-sean-bhriocán dhá gcuireadh ceannuidhe in a mhála, nach raibh caithte ann.
Níl aon-sean-bhriocán faoi'n saoghal — léinteachaí, pluideogaí, stocaí, a's cabhaileannaí — nach aice atá. Shílfeá go mb'fhearr dhi iad siúd a thabhairt do cheannuidhe nó iad a chaithe(amh) amach, ná iad a fhágáil annsiúd a' déanamh gráin du(ibh).
Déanfa na sean-bhriocáin sin thú 'chuile lá, a's coinnigh an chuid nuaidh l'aghaidh an Domhna(igh).
Dheamhan snáth istigh faoi chaolach a' tighe agham anois, ach bun-éadaighe, a's sean-bhriocáin. Beidh mé in mo seó' (show), má chaithim a dhul i láthair na ndaoine
Is mairg dhuit nach h-iad na sean-bhriocáin a d'fhága (tú) ort fhéin indiu, a's gan a dhul i gcleitheamhnas do chuid éadaigh Domhnaigh a mhilleadh.
Is maith dhi aice na sean-bhriocáin fhéin anois.
·
Buail baslach ar na sean-bhriocáin sin (stocaí: glaoidhtear go minic ar stocaí é).
Tá na sean-bhriocáin seo (stocaí) a' tuitim in a gceirteachaí anuas de mo chosa. Cá'ide go bhfagha sib péire nuadh dom.
·
Ní fiú an sean-bhriocán sin a dheasú (sean-léine).