seanbhreacán
—
+–
Má tá aon tseanbhreacáin ansin thiar, tabhair don cheannaí iad an chéad lá eile.
Tá go leor seanbhreacáin caite ansin thuas. Níl aon mhaith iontub ach iad a chaitheamh ag ceannaí. B'fhéidir go dtabharfadh sé cupla scáine snátha dhúinn orthub.
TUILLEADH (9) ▼
Ní thabharfá do cheannaí na seanbhreacáin a bhí air.
Níl na seanbhreacáin fhéin agam le cur orm anois. Is gearr go mbeadh mé sna breallachaí críochnaithe.
Is maith iad na seanbhreacáin fhéin mura mbí a n-athrú ag duine.
Níl aon seanbhreacán dhá gcuireadh ceannaí ina mhála nach raibh caite ann.
Níl aon seanbhreacán faoin saol — léinteachaí, pluideogaí, stocaí, agus cabhaileannaí — nach aici atá. Shílfeá go mb'fhearr dhi iad siúd a thabhairt do cheannaí nó iad a chaitheamh amach, ná iad a fhágáil ansiúd ag déanamh gráin duibh.
Déanfaidh na seanbhreacáin sin thú chuile lá, agus coinnigh an chuid nua le aghaidh an Domhnaigh.
Dheamhan snáth istigh faoi chaolach an tí agam anois ach bunéadaí agus seanbhreacáin. Beidh mé in mo seó (show), má chaithim a dhul i láthair na ndaoine
Is mairg dhuit nach iad na seanbhreacáin a d'fhága (tú) ort fhéin inniu agus gan a dhul i gcleithiúnas do chuid éadaigh Domhnaigh a mhilleadh.
Is maith dhi aici na seanbhreacáin fhéin anois.
·
Buail boslach ar na seanbhreacáin sin (stocaí: glaoitear go minic ar stocaí é)
Tá na seanbhreacáin seo (stocaí) ag titim ina gceirteachaí anuas de mo chosa. Cáide go bhfaighe sibh péire nua dom.
·
Ní fiú an seanbhreacán sin a dheasú (seanléine)
seanbhreacán in iontrálacha eile (2)
→
burláil
Burlálfaidh tú ina chéile na seanbhreacán sin uileag agus tabharfaidh tú don cheannaí iad má thagann sé.
→
fiuch
An tine a chorraí! Ní gá dhuit tada dhá shaothar sin! Dhá mbeifeá ag corraí na cuifí sin go tráthnóna (móin), ní thiocfadh aon lasair uirthi. Dia dhá réiteach! Ní bheidh fiuchadh ná deide ag mo bhraon uisce go faoithin. Cupla seanbhreacán a bhí agam ansin le níochán