Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
tóg amach
+
Cé'n uair a tóigeadh amach an corp = a tugadh as an teach é, le na thabhairt 'na cille.
Is fada gur tóigeadh amach é.
TUILLEADH (6) ▼
Ná leigighidh an deireannas oraibh fhéin le na thógáil amach
Ar an dá luath a's a raibh an altóir tóigthe, tóigeadh amach an corp.
Cé 'bhí tógál amach an chuirp?
Bhí an corp tóigthe amach agus an tsochraide ag imtheacht de'n tsráid, nuair a tháinic sé.
Cuir tuairisc cé'n uair a thóig(f)eár amach é.
Ba ar éigin a bhí ceathrar ann le na thógáil amach.

tóg amach in iontrálacha eile (5)

 
amach
Thógfadh sé páirt a' duine thar baile amach in aghaidh a dhuine fhéin.
 
Is diabhlaí an sraith feamainne — feamainn reatha — a chonnaic mé amach ó charraig Bh. T. inné agus mé ag tógáil na bpotaí
 
M'anam gur Fiannaí mór é. Ó L. a thóg sé uilig iad. Ní raibh cinneadh go deó le L. Ní raibh aon-dhuine de sheacht gCatha na Gnáth Fhéinne dhá raibh i bhFormaoil na bhFiann nach raibh sé indon a innseacht amach indiaidh a chéile. Déarfá go raibh meabhair chinn aige
 
Bhí cladach móna thuas annsin ar na portaigh againn marach a bhfuair sí de dhiomallú ó na gasúir bhradacha sin. Siad a chuirtí ag iarraidh aistireachaí i gcomhnaí, agus ba chuma leo sin ach a tógáil caoi ar bith ba túisce aca. Tá sí thuas annsiúd anois in a bhrachlainneacha amach ó bhéal na gcruacha, agus gan deoir as aer nach bhfuil ólta aice. Tá cion dhá "lorry" móna ann. Is mór an carghas breathnú uirre
 
Má b'fhíor go raibh 'chuile Éireannach i Sasana le tógáil agus le cur amach ins an gCogadh de'n bhuidheachas. Diabhal Éireannach ar bith a tóigeadh ar a shon sin mara raibh a chionntsiocair féin leis. Duine ar bith a bhí ag iarraidh fanacht as an Arm b'fhurasta dhó a dhéanamh. Chonnaic mise é. Is minic doicheall mór ar bheagán fearthainn adeir siad. Badh é sin a fhearacht ag na h-Éireannaigh i Sasana é. Bhí an t-Éireannach indon a rogha rud a dhéanamh i Sasana. Nach raibh na Sasanaigh ag creathadh in a gcraiceann rómpa