Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Áidhbhéil
biseach nó agús a chuir le scéal nó cainnt; a bheith gaisceamhail, mór-fhoclach; gailimaisidheacht; do-chreidthe.
+
Sin áidhbhéil = adéarfá nuair a cheapfá gur cuireadh le cainnt nó scéal.
Chuir sé an oiread eile áidhbhéil 'air é fhéin
TUILLEADH (17) ▼
Ní abróchadh sé é marach an áidhbhéil
Dheamhan áidhbhéil ar bith sa méid sin.
Deamhan áidhbhéil muis, ná cuid d'áidhbhéil sa scéal sin (adéarfaidhe i riocht's go gcreidfidhe scéal do-chreidthe).
Ní fhéadfá smid a chreisteamhaint (chreideamhaint) uaidh le'n a bhfuil d'áidhbhéil aige.
Tomás: 'Tuige ar dhubhairt sé sin; Micil: Cá'r fhága tú an áidhbhéil?
Áidhbhéil uilig é
Áidhbhéil ar fad na scéalta sin.
Níor tháinig aon-fhocal as a bhéal ariamh ach áidhbhéil.
Má dhéanann áidhbhéil dó é, cuirfe sé an chluain ceo ar an Naomh Peadar
Rinne sé scéal Chailleach an Uathbháis dhe, le nar chuir sé d'áidhbhéil air, as ughdarás féin = ba mhillteach, uathbhásach an scéal a d'innis seisean; chuir sé cuid mhaith leis é fhéin.
Ní áidhbhéil a' bith é sin, ach an fhírinne glan (clár na fírinne, lom-chlár na fírinne, lom na fírinne.)
Nár fhága mé seo, má's áidhbhéil é (sórt mionna) = ní áidhbhéil a' bith an chainnt sin.
Bhí an stróic áidhbhéil' sin ionnta(b) uilig = bhí siad ar fad (chuile dhuine de'n chloinn) tugtha do'n áidhbhéil.
Bhí roinnt de'n áidhbhéil a' rith leis = bhí an aidhbhéil ann ó bhruínn; ba dual athar dó a bheith áidhbhéil; ní ón ngaoith a thug sé an áidhbhéil.
Dheamhan lá ó chuir mé aithne air, nach bhfuil an áidhbhéil a' siubhal leis = tá sé áidhbhéil ó chuir mé aithne air an chéad-uair.
Áidhbhéil a's gailimaisidheacht atá 'g (dh)ul síos leis. = níl a' cur imnidhe air, ach áidhbhéil a's gailimaisidheacht.
Floscaí agus áidhbhéil ar fad é = gaisce agus gailimaisidheacht atá aige fré chéile
+
Níl léigheamh (cinneadh; cinneadh go deo, righeachan etc) ar bith le[na] chuid áidhbhéil.
Chaithfeadh sé agús a chuir ann le na chuid áidhbhéil = déarfaidhe seo, nuair a chuirfeadh duine eicínt fhearr a's barr ar scéal nach raibh air ó cheart.
TUILLEADH (8) ▼
Chuirfeadh sé cosa beaga faoi na glasógaí lena chuid áidhbhéil = chuirfeadh sé scéal as a riocht le áidhbhéil; chuirfeadh sé malrait leagain ar scéal ar bith le neart áidhbhéil.
Go gcuire Dia rath ort! Chuirfeadh sé sin thar bharr do chéille thú, le na chuid áidhbhéil
Ná géill dá chuid áidhbhéil. Má ghéilleann is gearr go mbí tusa chomh dona leis féin = ná tabhair aon-áird ar a chuid áidhbhéil etc.; ná creid a chuid áidhbhéil etc.
Is beag dhá chuid áidhbhéil an méid sin a rádh = tá sé chomh h-áidhbhéil, agus nach mairg a' bith dó, sin a rádh.
É féin a chuir an t-agús sin ann. Is beag dhá chuid áidhbhéil é.
Leig de do chuid áidhbhéil anois. Nach bog a shíle(ann)s tú muid a bheith go gcreidfeadh muid sin. = éirigh as do chuid áidhbhéil.
Is gearr ar a chuid áidhbhéil é 'rádh = dearfadh sé as áidhbhéil é.
Má's ceart cluais a thabhairt dhá chuid áidhbhéil', (d)ar ndó(igh) níl cinneadh a' bith leo(b) le saidhbhreas.
+
Chuir sé an oiread eile leis le áidhbhéil.
Déarfadh an ceann céadna rud a' bith le teann (le neart) áidhbhéil.
TUILLEADH (2) ▼
As áidhbhéil adubhairt sé é
Déarfadh sé sin as áidhbhéil ar an bpuínnte. 'Sé atá deas air (is gearr a' mhoill air é).
·
Ag déanamh áidhbhéil a bhí sé (adéarfá faoi scéal do-chreidthe).
Is beag an dochar dhá theanga a bheith caithte aige, a' déanamh áidhbhéil.

Áidhbhéil in iontrálacha eile (35)

 
Is áidhbhéil a' charcair de bhean í, bail ó Dhia a's ó Mhuire uirre.
 
Is áidhbhéil uaidh urchar cloiche-neart a chaitheamh ó na ghualainn.
 
Is áidhbhéil a' coinicéar caillighe a dhéanfas sí, ach a dtaga aois di. Nach n-aithneochthá uirre cheana é!
 
Chuaidh cumaoin air ann, má b'fhíor dhó fhéin, ach áidhbhéil a bhío(nn)s aige leath na gcuarta.
 
B'áidhbhéil a' chóisir aonaigh a bhí thoir annseo indiu. Bhí an t-oireachtas daoine ann.
 
Tá sé a' giorrú an bhealaigh le gabhail 'un seachtmhaine, a's ní bhfuair sé aon-bhás fós 'na dheidh sin. Nach áidhbhéil a' seasamh aige é!
 
beart
Chlis sé faoi'n mbeart cíbe, ach cérbh iongnadh sin, arae b'áidhbhéil a' beart é.
 
Is áidhbhéil a' cráisiléad fir a rinne P. Ch. ó chonnaic mé go deireannach é. Tá sé 'na bhruithlín chríochnuighthe anois, maran le ól é.
 
beo 1
Is áidhbhéil a' ghairmeach mná í, a's má seadh fhéin, tá sí beo, tapa ar a cois.
 
Is áidhbhéil a' rud atá sé indon a dhéanamh. Biorruigheann sé na cluasa mar dhéanfadh madadh, uair a' bith a thogruigheann sé é.
 
Is áidhbhéil a' bollamán d'fhear é.
 
Is áidhbhéil a' bhornóg de bhean atá sí a dhéanamh, bail ó Dhia a's ó Mhuire uirre. 'Sí atá a' gabhail le muinntir a sean-mháthar.
 
borr
Is áidhbhéil an borradh atá faoi mo dhuine = is iongantach a' fás atá sé a dhéanamh.
 
Is áidhbhéil a' bhrachlainn choirce a bhí ar a' ngarrdha siúd aige. Ní bheadh fhios aghad é, go bhfeicfeá é idtoll a chéile san iothlainn.
+
bruach
Bhí an bairille a' cur thar bruach ar maidin indiu. Chaithfead sé gur h-áidhbhéil a' lear uisce a chaith sé aréir.
TUILLEADH (1) ▼
B'áidhbhéil a' taoille a bhí anocht ann. Bhí sí bruach ar bhruach le barr na dúirlinge.
 
Is áidhbhéil a' brísteachán mná a rinne sí le goirid.
+
aer
Nach áidhbhéil a' lear uisce atá 'san aer, míle buidheachas le Dia! = déarfaidhe nuair a chaithfeadh sé báisteach mhór.
TUILLEADH (1) ▼
Tá tighthe in Ameriocá agus is áidhbhéil go deo an aoirde 'san aer atá siad.
 
Is áidhbhéil a' bhrúisc gasúir atá 'teacht chuig an scoil sin thoir anois
 
buail
Narbh áidhbhéil a' spreacadh a bhí sa mballach a bhí buailte agam, a's gur lúb sí lorga an dubháin mhóir! Dheamhan smid bhréige ann muis!
+
buille
Tá buille áidhbhéil aige, má eirigheann leis a' dorna a leathnú ceart ort.
TUILLEADH (1) ▼
Is áidhbhéil a' buille a thug tú uait, dhá mbeadh tada roimhe!
 
Tá buinneán de láir annsin thiar ag mac Ch. Ph., agus is áidhbhéil an (h)ioscar siubhail atá aice, bail ó Dhia uirre!
 
Is áidhbhéil a' búistiún builg atá air, pé'rbí céard atá sé a chuir ann!
 
ailp
Is áidhbhéil an ailp atá bainte as lorga an chapaill.
 
amach
Tá dula amach áidhbhéil ar fhear muirghín ar a' saoghal seo.
+
airde 2
Is áidhbhéil an aoirde é (nó, atá ann) bail ó dhia air.
TUILLEADH (1) ▼
Is áidhbhéil an aoirde nach mór dhuit a bheith le go nglac(f)aí 'sna póilíos thú.
 
oscar
Is áidhbhéil a' t-ascar atá ann (faoi).
+
Is iongantach áidhbhéil an duine é = cuireann sé tuille ar chainnt nó ar scéal nach mbíonn air chor ar bith.
TUILLEADH (1) ▼
Is iongantach áidhbhéil an mhaise dhuit é
 
ith
Is áidhbhéil an lear atá sé indon ithe = is mór an méid.
 
Is áidhbhéil na daibéid atá sé a bhaint. Cé'n chaoi a bhféadann sé fóide mar siúd a mhúnláil. Ní bheadh aon-ghoir agamsa a dhéanamh. Gheobhaidh sí rud le déanamh agus triomú, ar chaoi ar bith
 
Is áidhbhéil an lear dinndiúirí agus páipéir a chaithfeas fear a tharraint, le "leaibhrín rations" a fháil. Diabhal aithne orra nach féirín a bheidís a thabhairt do dhuine. Ní raibh aon-lá de'n ádh ar an saoghal ó 'thosuigh siad ag toidheacht amach