áibhéil
—
biseach nó agús a chur le scéal nó caint; a bheith gaisciúil mórfhoclach; galamaisíocht; dochreidte.
+–
Sin áibhéil — adéarfá nuair a cheapfá gur cuireadh le caint nó scéal
Chuir sé an oiread eile áibhéile air é fhéin
TUILLEADH (17) ▼
Ní abródh sé é murach an áibhéil
Dheamhan áibhéil ar bith sa méid sin.
Deamhan áibhéil muis, ná cuid d'áibhéil sa scéal sin (adéarfaí i riocht is go gcreidfí scéal dochreidte)
Ní fhéadfá smid a chreistiúint (chreidiúint) uaidh lena bhfuil d'áibhéil aige.
Tomás: Tuige ar dhúirt sé sin; Micil: Cár fhága tú an áibhéil?
Áibhéil uilig é
Áibhéil ar fad na scéalta sin.
Níor tháinig aon fhocal as a bhéal ariamh ach áibhéil.
Má dhéanann áibhéil dó é, cuirfidh sé an chluain ceo ar an Naomh Peadar
Rinne sé scéal Chailleach an Uafáis dhe lenar chuir sé d'áibhéil air as a údarás féin — ba mhillteach uafásach an scéal a d'inis seisean; chuir sé cuid mhaith leis é fhéin.
Ní áibhéil ar bith é sin ach an fhírinne glan (clár na fírinne, lomchlár na fírinne, lom na fírinne.)
Nár fhága mé seo, más áibhéil é (sórt mionna) — ní áibhéil ar bith an chaint sin.
Bhí an stróic áibhéile sin iontub uilig — bhí siad ar fad (chuile dhuine den chlainn) tugtha don áibhéil.
Bhí roinnt den áibhéil ag rith leis — bhí an aibhéil ann ó bhroinn; ba dual athar dó a bheith áibhéil; ní ón ngaoith a thug sé an áibhéil
Dheamhan lá ó chuir mé aithne air nach bhfuil an áibhéil ag siúl leis — tá sé áibhéil ó chuir mé aithne air an chéad uair
Áibhéil agus galamaisíocht atá ag dhul síos leis. — níl ag cur imní air ach áibhéil agus galamaisíocht
Floscaí agus áibhéil ar fad é — gaisce agus galamaisíocht atá aige fré chéile
+–
Níl léamh (cinneadh; cinneadh go deo, ríochan srl.) ar bith lena chuid áibhéil.
Chaithfeadh sé agús a chur ann lena chuid áibhéil — déarfaí seo nuair a chuirfeadh duine eicínt farasbarr ar scéal nach raibh air ó cheart
TUILLEADH (8) ▼
Chuirfeadh sé cosa beaga faoi na glasógaí lena chuid áibhéil — chuirfeadh sé scéal as a riocht le áibhéil; chuirfeadh sé malrait leagain ar scéal ar bith le neart áibhéil.
Go gcuire Dia rath ort! Chuirfeadh sé sin thar bharr do chéille thú lena chuid áibhéil.
Ná géill dá chuid áibhéil. Má ghéilleann, is gearr go mbí tusa chomh dona leis féin — ná tabhair aon aird ar a chuid áibhéil srl.; ná creid a chuid áibhéil srl.
Is beag dhá chuid áibhéil an méid sin a rá — tá sé chomh háibhéil agus nach mairg ar bith dó sin a rá.
É féin a chuir an t-agús sin ann. Is beag dhá chuid áibhéil é.
Lig de do chuid áibhéil anois. Nach bog a shíleanns tú muid a bheith go gcreidfeadh muid sin. — éirigh as do chuid áibhéil.
Is gearr ar a chuid áibhéil é a rá — déarfadh sé as áibhéil é.
Más ceart cluais a thabhairt dhá chuid áibhéile, ar ndóigh níl cinneadh ar bith leob le saibhreas.
+–
Chuir sé an oiread eile leis le áibhéil.
Déarfadh an ceann céanna rud ar bith le teann (le neart) áibhéil.
TUILLEADH (2) ▼
As áibhéil adúirt sé é
Déarfadh sé sin as áibhéil ar an bpointe. 'Sé atá deas air (is gearr an mhoill air é)
·
Ag déanamh áibhéil a bhí sé (adéarfá faoi scéal dochreidte)
Is beag an dochar dhá theanga a bheith caite aige ag déanamh áibhéil
áibhéil in iontrálacha eile (48)
Is áibhéil an coinicéar caillí a dhéanfas sí ach a dtaga aois di. Nach n-aithneofá uirthi cheana é!
→
comaoin
Chuaigh comaoin air ann, má b'fhíor dhó fhéin, ach áibhéil a bhíonns aige leath na gcuarta.
→
bealach
Tá sé ag giorrú an bhealaigh le gabháil chun seachtaine agus ní bhfuair sé aon bhás fós ina dhiaidh sin. Nach áibhéil an seasamh aige é!
Is áibhéil an cráisiléad fir a rinne P. Ch. ó chonaic mé go deireanach é. Tá sé ina bhruithlín chríochnaithe anois, muran le ól é.
→
bioraím
Is áibhéil an rud atá sé in ann a dhéanamh. Bioraíonn sé na cluasa mar a dhéanfadh madadh uair ar bith a thograíonn sé é.
→
bornóg
Is áibhéil an bhornóg de bhean atá sí a dhéanamh, bail ó Dhia agus ó Mhuire uirthi. 'Sí atá ag gabháil le muintir a seanmháthar.
Is áibhéil an bhrachlainn choirce a bhí ar an ngarraí siúd aige. Ní bheadh a fhios agat é go bhfeicfeá é i dtoll a chéile san iothlainn.
+
→
bruach
Bhí an bairille ag cur thar bruach ar maidin inniu. Chaithfeadh sé gur háibhéil an lear uisce a chaith sé aréir.
TUILLEADH (1) ▼
B'áibhéil an taoille a bhí anocht ann. Bhí sí bruach ar bhruach le barr na duirlinge.
+
→
aer
Nach áibhéil an lear uisce atá san aer, míle buíochas le Dia! — déarfaí nuair a chaithfeadh sé báisteach mhór.
TUILLEADH (1) ▼
Tá tithe i Meiriceá agus is áibhéil go deo an airde san aer atá siad.
→
buail
Nárbh áibhéil an spreacadh a bhí sa mballach a bhí buailte agam agus gur lúb sí lorga an duáin mhóir! Dheamhan smid bhréige ann muis!
+
→
buille
Tá buille áibhéil aige má éiríonn leis an dorna a leathnú ceart ort.
TUILLEADH (1) ▼
Is áibhéil an buille a thug tú uait, dhá mbeadh tada roimhe!
Tá buinneán de láir ansin thiar ag mac Ch. Ph. agus is áibhéil an (h)ioscar siúil atá aici, bail ó Dhia uirthi!
+
→
airde 2
Is áibhéil an airde é (nó atá ann) bail ó Dhia air.
TUILLEADH (1) ▼
Is áibhéil an airde nach mór dhuit a bheith le go nglacfaí sna póilíos thú.
→
frapa
Ní maith liom cor an fhocail a chur ar an scéal, ná áibhéil ná bréag a dhéanamh. Sin é agat anois é gan frapa gan taca mar a chuala mé féin é
+
→
iontach
Is iontach áibhéil an duine é — cuireann sé tuilleadh ar chaint nó ar scéal nach mbíonn air chor ar bith
TUILLEADH (1) ▼
Is iontach áibhéil an mhaise dhuit é
→
daibéad
Is áibhéil na daibéid atá sé a bhaint. Cén chaoi a bhféadann sé fóide mar siúd a mhúnláil. Ní bheadh aon ghair agamsa a dhéanamh. Gheobhaidh sí rud le déanamh agus triomú ar chaoi ar bith
→
daigéad
Is áibhéil an daigéad de bhean atá aige. Dar príosta dhá bhfeictheá an dá cholpa coise atá fúithi! Is geall le dhá starrán crainn iad
→
deoise
Sin é an t-easpag atá ar an deoise seo anois. Is áibhéil an bleitheach fir é … Ní theastaíonn "bail ó Dhia" ar bith óna leithide sin! Níl aon ghair ag aon duine drochshúil a dhéanamh dhe (dhó)! Nach bhfuil an tír ag guí dhó!
→
diaidh
Nach diabhaltaí atá an ghaisce ina dhiaidh i gcónaí. Tá muis, agus beidh. Ní bheadh sé beo mura mbeadh an áibhéil bheag sin aige. Ach dheamhan dochar ann thairis. Duine soilíosach é lá an anó
Is áibhéil an lear dintiúirí agus páipéir a chaithfeas fear a tharraingt le leaibhrín rations a fháil. Diabhal aithne orthu nach féirín a bheidís a thabhairt do dhuine. Ní raibh aon lá den ádh ar an saol ó thosaigh siad ag teacht amach
→
dochar
Rinne an craobhmhúr sin dochar mór. Is áibhéil an lear féir a bhí ligthe amach ag daoine inniu
Is áibhéil an drománach fir é. Tá ceart aige siúd a bheith láidir. Mura bhfuil, tá sé fhéin agus a chosúlacht in aghaidh a chéile
→
díle 1
Is cumasach an dream iad na tincéaraí féin. Chaith siad an oíche aréir amuigh faoin díle áibhéil sin, agus diabhal a dhath mairg a bhí orthu ag dul soir an bóthar ar maidin agus iad ag gabháil fhoinn
Lig mé rófhada orm féin é. 'Sé a raibh ann díogarnach lae agus mé ag fágáil L. Tá a fhios agat féin go (gur) maith deireanach é sin taca na Féile San Seáin. Anuas go díreach ag an bhF. M. a bhí mé nuair a tolladh an bicycle orm. Shantaigh mé a dhul isteach tigh M. Dh. go bhfaighinn deis deasaithe, ach dheamhan é. Chuimhnigh mé freisin sreangán a fháscadh uirthi, ach le chuile chamánaí, bhí mé anuas ag na hI. gan tada a dhéanamh ach ag siúl de réir mo choise. Ag cruach mhóna a d'airigh mé an rud. Nár lige Dia go ndéanfainn bréag, ach ba é an sonda ab áibhéile é a chonaic mé i gcaitheamh mo shaoil …
→
dóigh 1
Ba mhaith an dóigh gáire é gan bhréig gan áibhéil. Mura mbeadh agat ach aon gháire amháin chaithfeá a dhéanamh faoi agus an ghoic a bhí air, amuigh ag damhsa