Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Áidhbhéil
1.
'san an-mhéid; gártha.
a.
+–
Is áidhbhéil an stuithneachán fir é = is iongantach mór an fear é.
Má mhaireann dó, is áidhbhéil an fear a bheidheas ann faoi cheann cupla bliadhain = beidh sé an-mhór.
TUILLEADH (11) ▼
Is áidhbhéil an béinneach fir a dhéanfas sé = bleitheach
Is áidhbhéil an téagar atá ann, má tá'n cur-leis ann = is millteach an mhéid atá ann, má tá spreacadh dá réir ann.
Is áidhbhéil a' lear airgid atá aige
Ní áidhbhéil go dtí é.
Is áidhbhéil a' fear atá sé a dheanamh bail ó dhia air.
Is áidhbhéil an clár droma atá air = tá druim mhór leathan air.
Is áidhbhéil a' siubhal a bhí fúithe = bhí sí a' gearradh bóthair go tréan.
Is áidhbhéil an ghliúrach (an ghleorach?) a d'ith sé = ba mhór an lear a d'ith sé.
Is áidhbhéil an spreacadh atá ann fós
Is áidhbhéil an aois atá aige = tá sé an-tsean; tá sé aois mhór.
Caithfe sé gur h-áidhbhéil an lear airgid atá aige
·
Is áidhbhéil an oidhche í, buidheachas le dia = déarfaidhe le oidhche mhór, ghártha é, nó oidhche a bheadh an-bhreagh.
Nach áidhbhéil an aimsir í? = nach breagh an aimsir í (fíor-bhreagh)
b.
·
Nach áidhbhéil an mhaise dhuit é!
2.
·
'Sé atá áidhbhéil mór-fhoclach = aidhbhéil, gaisceamhail.
'Sé's áidhbhéile beo.

Áidhbhéil in iontrálacha eile (35)

 
Is áidhbhéil a' charcair de bhean í, bail ó Dhia a's ó Mhuire uirre.
 
Is áidhbhéil uaidh urchar cloiche-neart a chaitheamh ó na ghualainn.
 
Is áidhbhéil a' coinicéar caillighe a dhéanfas sí, ach a dtaga aois di. Nach n-aithneochthá uirre cheana é!
 
Chuaidh cumaoin air ann, má b'fhíor dhó fhéin, ach áidhbhéil a bhío(nn)s aige leath na gcuarta.
 
B'áidhbhéil a' chóisir aonaigh a bhí thoir annseo indiu. Bhí an t-oireachtas daoine ann.
 
Tá sé a' giorrú an bhealaigh le gabhail 'un seachtmhaine, a's ní bhfuair sé aon-bhás fós 'na dheidh sin. Nach áidhbhéil a' seasamh aige é!
 
→ beart
Chlis sé faoi'n mbeart cíbe, ach cérbh iongnadh sin, arae b'áidhbhéil a' beart é.
 
Is áidhbhéil a' cráisiléad fir a rinne P. Ch. ó chonnaic mé go deireannach é. Tá sé 'na bhruithlín chríochnuighthe anois, maran le ól é.
 
→ beo 1
Is áidhbhéil a' ghairmeach mná í, a's má seadh fhéin, tá sí beo, tapa ar a cois.
 
Is áidhbhéil a' rud atá sé indon a dhéanamh. Biorruigheann sé na cluasa mar dhéanfadh madadh, uair a' bith a thogruigheann sé é.
 
Is áidhbhéil a' bollamán d'fhear é.
 
Is áidhbhéil a' bhornóg de bhean atá sí a dhéanamh, bail ó Dhia a's ó Mhuire uirre. 'Sí atá a' gabhail le muinntir a sean-mháthar.
 
→ borr
Is áidhbhéil an borradh atá faoi mo dhuine = is iongantach a' fás atá sé a dhéanamh.
 
Is áidhbhéil a' bhrachlainn choirce a bhí ar a' ngarrdha siúd aige. Ní bheadh fhios aghad é, go bhfeicfeá é idtoll a chéile san iothlainn.
+
→ bruach
Bhí an bairille a' cur thar bruach ar maidin indiu. Chaithfead sé gur h-áidhbhéil a' lear uisce a chaith sé aréir.
TUILLEADH (1) ▼
B'áidhbhéil a' taoille a bhí anocht ann. Bhí sí bruach ar bhruach le barr na dúirlinge.
 
Is áidhbhéil a' brísteachán mná a rinne sí le goirid.
+
→ aer
Nach áidhbhéil a' lear uisce atá 'san aer, míle buidheachas le Dia! = déarfaidhe nuair a chaithfeadh sé báisteach mhór.
TUILLEADH (1) ▼
Tá tighthe in Ameriocá agus is áidhbhéil go deo an aoirde 'san aer atá siad.
 
Is áidhbhéil a' bhrúisc gasúir atá 'teacht chuig an scoil sin thoir anois
 
→ buail
Narbh áidhbhéil a' spreacadh a bhí sa mballach a bhí buailte agam, a's gur lúb sí lorga an dubháin mhóir! Dheamhan smid bhréige ann muis!
+
→ buille
Tá buille áidhbhéil aige, má eirigheann leis a' dorna a leathnú ceart ort.
TUILLEADH (1) ▼
Is áidhbhéil a' buille a thug tú uait, dhá mbeadh tada roimhe!
 
Tá buinneán de láir annsin thiar ag mac Ch. Ph., agus is áidhbhéil an (h)ioscar siubhail atá aice, bail ó Dhia uirre!
 
Is áidhbhéil a' búistiún builg atá air, pé'rbí céard atá sé a chuir ann!
 
→ ailp
Is áidhbhéil an ailp atá bainte as lorga an chapaill.
 
→ amach
Tá dula amach áidhbhéil ar fhear muirghín ar a' saoghal seo.
+
→ airde 2
Is áidhbhéil an aoirde é (nó, atá ann) bail ó dhia air.
TUILLEADH (1) ▼
Is áidhbhéil an aoirde nach mór dhuit a bheith le go nglac(f)aí 'sna póilíos thú.
 
→ oscar
Is áidhbhéil a' t-ascar atá ann (faoi).
+
Is iongantach áidhbhéil an duine é = cuireann sé tuille ar chainnt nó ar scéal nach mbíonn air chor ar bith.
TUILLEADH (1) ▼
Is iongantach áidhbhéil an mhaise dhuit é
 
→ ith
Is áidhbhéil an lear atá sé indon ithe = is mór an méid.
 
Is áidhbhéil na daibéid atá sé a bhaint. Cé'n chaoi a bhféadann sé fóide mar siúd a mhúnláil. Ní bheadh aon-ghoir agamsa a dhéanamh. Gheobhaidh sí rud le déanamh agus triomú, ar chaoi ar bith
 
Is áidhbhéil an lear dinndiúirí agus páipéir a chaithfeas fear a tharraint, le "leaibhrín rations" a fháil. Diabhal aithne orra nach féirín a bheidís a thabhairt do dhuine. Ní raibh aon-lá de'n ádh ar an saoghal ó 'thosuigh siad ag toidheacht amach