Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
áibhéil
1.
san an-mhéid; gártha.
a.
+
Is áibhéil an stoithneachán fir é — is iontach mór an fear é
Má mhaireann dó, is áibhéil an fear a bheas ann faoi cheann cupla bliain — beidh sé an-mhór
TUILLEADH (11) ▼
Is áibhéil an béinneach fir a dhéanfas sé — bleitheach
Is áibhéil an téagar atá ann, má tá an cur leis ann — is millteach an mhéid atá ann, má tá spreacadh dá réir ann.
Is áibhéil an lear airgid atá aige
Ní áibhéil go dtí é.
Is áibhéil an fear atá sé a dhéanamh, bail ó Dhia air.
Is áibhéil an clár droma atá air — tá droim mhór leathan air.
Is áibhéil an siúl a bhí fúithi — bhí sí ag gearradh bóthair go tréan.
Is áibhéil an ghliúrach a d'ith sé — ba mhór an lear a d'ith sé.
Is áibhéil an spreacadh atá ann fós
Is áibhéil an aois atá aige — tá sé an-tsean; tá sé aois mhór
Caithfidh sé gur háibhéil an lear airgid atá aige
·
Is áibhéil an oíche í, buíochas le Dia — déarfaí le oíche mhór ghártha é, nó oíche a bheadh an-bhreá
Nach áibhéil an aimsir í? — nach breá an aimsir í (fíorbhreá)
b.
·
Nach áibhéil an mhaise dhuit é!"
2.
·
'Sé atá áibhéil mórfhoclach — aibhéil gaisciúil
'Sé is áibhéile beo.

áibhéil in iontrálacha eile (48)

 
Is áibhéil an charcair de bhean í, bail ó Dhia agus ó Mhuire uirthi.
 
Is áibhéil uaidh urchar cloiche neart a chaitheamh óna ghualainn.
 
Is áibhéil an coinicéar caillí a dhéanfas sí ach a dtaga aois di. Nach n-aithneofá uirthi cheana é!
 
Chuaigh comaoin air ann, má b'fhíor dhó fhéin, ach áibhéil a bhíonns aige leath na gcuarta.
 
B'áibhéil an chóisir aonaigh a bhí thoir anseo inniu. Bhí an t-oireachtas daoine ann.
 
Tá sé ag giorrú an bhealaigh le gabháil chun seachtaine agus ní bhfuair sé aon bhás fós ina dhiaidh sin. Nach áibhéil an seasamh aige é!
 
beart
Chlis sé faoin mbeart cíbe, ach cérbh ionadh sin, arae b'áibhéil an beart é.
 
Is áibhéil an cráisiléad fir a rinne P. Ch. ó chonaic mé go deireanach é. Tá sé ina bhruithlín chríochnaithe anois, muran le ól é.
 
beo 1
Is áibhéil an ghairmneach mná í, agus más ea fhéin, tá sí beo tapa ar a cois.
 
Is áibhéil an rud atá sé in ann a dhéanamh. Bioraíonn sé na cluasa mar a dhéanfadh madadh uair ar bith a thograíonn sé é.
 
Is áibhéil an bolmán d'fhear é.
 
Is áibhéil an bhornóg de bhean atá sí a dhéanamh, bail ó Dhia agus ó Mhuire uirthi. 'Sí atá ag gabháil le muintir a seanmháthar.
 
borr
Is áibhéil an borradh atá faoi mo dhuine — is iontach an fás atá sé a dhéanamh.
 
Is áibhéil an bhrachlainn choirce a bhí ar an ngarraí siúd aige. Ní bheadh a fhios agat é go bhfeicfeá é i dtoll a chéile san iothlainn.
+
bruach
Bhí an bairille ag cur thar bruach ar maidin inniu. Chaithfeadh sé gur háibhéil an lear uisce a chaith sé aréir.
TUILLEADH (1) ▼
B'áibhéil an taoille a bhí anocht ann. Bhí sí bruach ar bhruach le barr na duirlinge.
 
Is áibhéil an brísteachán mná a rinne sí le gairid.
+
aer
Nach áibhéil an lear uisce atá san aer, míle buíochas le Dia! — déarfaí nuair a chaithfeadh sé báisteach mhór.
TUILLEADH (1) ▼
Tá tithe i Meiriceá agus is áibhéil go deo an airde san aer atá siad.
 
Is áibhéil an bhrúisc gasúir atá ag teacht chuig an scoil sin thoir anois
 
buail
Nárbh áibhéil an spreacadh a bhí sa mballach a bhí buailte agam agus gur lúb sí lorga an duáin mhóir! Dheamhan smid bhréige ann muis!
+
buille
Tá buille áibhéil aige má éiríonn leis an dorna a leathnú ceart ort.
TUILLEADH (1) ▼
Is áibhéil an buille a thug tú uait, dhá mbeadh tada roimhe!
 
Tá buinneán de láir ansin thiar ag mac Ch. Ph. agus is áibhéil an (h)ioscar siúil atá aici, bail ó Dhia uirthi!
 
Is áibhéil an búistiún boilg atá air, pé ar bith céard atá sé a chur ann!
 
ailp
Is áibhéil an ailp atá bainte as lorga an chapaill.
 
amach
Tá dola amach áibhéil ar fhear muirín ar an saol seo.
+
airde 2
Is áibhéil an airde é (nó atá ann) bail ó Dhia air.
TUILLEADH (1) ▼
Is áibhéil an airde nach mór dhuit a bheith le go nglacfaí sna póilíos thú.
 
oscar
Is áibhéil an t-oscar atá ann (faoi)
 
frapa
Ní maith liom cor an fhocail a chur ar an scéal, ná áibhéil ná bréag a dhéanamh. Sin é agat anois é gan frapa gan taca mar a chuala mé féin é
+
Is iontach áibhéil an duine é — cuireann sé tuilleadh ar chaint nó ar scéal nach mbíonn air chor ar bith
TUILLEADH (1) ▼
Is iontach áibhéil an mhaise dhuit é
 
ith
Is áibhéil an lear atá sé in ann ithe — is mór an méid
 
Bhí francach ansin thoir inniu agus ba í an ceann ab áibhéile dhá bhfaca mé ariamh í
 
Is áibhéil an dabhach de bhairille é
 
Is áibhéil na daibéid atá sé a bhaint. Cén chaoi a bhféadann sé fóide mar siúd a mhúnláil. Ní bheadh aon ghair agamsa a dhéanamh. Gheobhaidh sí rud le déanamh agus triomú ar chaoi ar bith
 
Is áibhéil an daigéad de bhean atá aige. Dar príosta dhá bhfeictheá an dá cholpa coise atá fúithi! Is geall le dhá starrán crainn iad
 
deoise
Sin é an t-easpag atá ar an deoise seo anois. Is áibhéil an bleitheach fir é … Ní theastaíonn "bail ó Dhia" ar bith óna leithide sin! Níl aon ghair ag aon duine drochshúil a dhéanamh dhe (dhó)! Nach bhfuil an tír ag guí dhó!
 
diaidh
Nach diabhaltaí atá an ghaisce ina dhiaidh i gcónaí. Tá muis, agus beidh. Ní bheadh sé beo mura mbeadh an áibhéil bheag sin aige. Ach dheamhan dochar ann thairis. Duine soilíosach é lá an anó
 
Is áibhéil an lear dintiúirí agus páipéir a chaithfeas fear a tharraingt le leaibhrín rations a fháil. Diabhal aithne orthu nach féirín a bheidís a thabhairt do dhuine. Ní raibh aon lá den ádh ar an saol ó thosaigh siad ag teacht amach
 
dlaoi
Is áibhéil an dlaoi corráin atá aige. Diabhal mé go bhfuil dornán i chuile dhlaoi
 
dochar
Rinne an craobhmhúr sin dochar mór. Is áibhéil an lear féir a bhí ligthe amach ag daoine inniu
 
dol 1
Is áibhéil an dola airgid é sin. Dhá bhfaighinnse an méid sin, chuirfinn ól go haer
 
Is áibhéil an drománach fir é. Tá ceart aige siúd a bheith láidir. Mura bhfuil, tá sé fhéin agus a chosúlacht in aghaidh a chéile
 
díle 1
Is cumasach an dream iad na tincéaraí féin. Chaith siad an oíche aréir amuigh faoin díle áibhéil sin, agus diabhal a dhath mairg a bhí orthu ag dul soir an bóthar ar maidin agus iad ag gabháil fhoinn
 
Lig mé rófhada orm féin é. 'Sé a raibh ann díogarnach lae agus mé ag fágáil L. Tá a fhios agat féin go (gur) maith deireanach é sin taca na Féile San Seáin. Anuas go díreach ag an bhF. M. a bhí mé nuair a tolladh an bicycle orm. Shantaigh mé a dhul isteach tigh M. Dh. go bhfaighinn deis deasaithe, ach dheamhan é. Chuimhnigh mé freisin sreangán a fháscadh uirthi, ach le chuile chamánaí, bhí mé anuas ag na hI. gan tada a dhéanamh ach ag siúl de réir mo choise. Ag cruach mhóna a d'airigh mé an rud. Nár lige Dia go ndéanfainn bréag, ach ba é an sonda ab áibhéile é a chonaic mé i gcaitheamh mo shaoil …
 
dóigh 1
Ba mhaith an dóigh gáire é gan bhréig gan áibhéil. Mura mbeadh agat ach aon gháire amháin chaithfeá a dhéanamh faoi agus an ghoic a bhí air, amuigh ag damhsa