Áirge
—Ciall a 2 a bhíos le áirge, áirgí igCois-Fhairrge, ach ní mar sin baileach atá sé ag Tomás Ó Máille. Ciall a 3 bhíos aige leis. Ach b'amhla bhí sé ag Rafteri: "Le siséal glan a's plána a chríochnuigheann sé gach áirge, ceapann sé gach adhmad le báid a chuir 'un seoil." Seán Conróidh Amhráin Rafteri, l. 68. 'Sé ciall a 3 'bhíos freisin leis ar an Achréidh in Gaillimh.
1.
éadáil, fághaltas, maith, leas (Cois-Fhairrge, Conamara). (Is ionann an chiall seo agus "asset" i mBéarla).
+–
Ní mórán áirge dhom é sin = ní racha sé 'un sochair dhom; ní thiocfa sé 'un tosaigh ná 'un tairbhe dhom; ní éadáil ar bith dhom é.
Ní áirge mhór dhom, thusa a bheith ag imtheacht ag uallfairt timcheall mo thighe, do mo choinneál ó chodladh.
TUILLEADH (11) ▼
Dhá mbadh áirge mhór é an sean-chóta céadna, ní liomsa a d'eireochadh sé.
Ní mórán áirge do'n tír é sin a bheith ar ais aríst innte = droch-dhuine; duine achrannach, mioscasach.
Is beag an áirge an fheamuinn chéadna, agus a bhfaightear dhá h-anró.
Ní fiú a leath-oiread dhá anró a fhaghail, agus luighead an áirge é, faoi dheire thiar.
Is daor a' spóilín é, agus dheamhan mórán áirge é.
Ní áirge mhór an fhoghluim gan a' t-airgead.
Is olc an áirge (ailím, éadáil, earradh) an poitín céadna.
Is suarach an áirge dhúinn a bheith taobh le 'dole', agus chomh daor a's tá chuile rud.
Is dona an áirge do dhuine a bheith amuigh faoi fhliuchán mar sin, 'chuile ré soluis.
Dhá mbadh áirge mhór é, ní bheadh a leath oiread fonn orra(b) é roínnt le na daoine.
Má thugann tú leat é siúd (i.e fiabhras) in do chrioslaigh, is maith an áirge a bheidheas agad a' teacht 'un a tighe.
2.
deis, áirnéis, eallach, cuid agus maoin a's teoluidheacht, spré, urnálacht.
a.
+–
Tá áirgí aige = airgead, beithidhigh, deis agus chuile shórt dhá bhfeilfe dhó
Is mór a' lear áirgí atá timcheall a thighe = croithe, "seideanna" etc.
TUILLEADH (3) ▼
Tá chuile áirge aige, dhá bhfeilfe dhó = sciobóil, teach urnáilte etc.
Ní cheal áirgí atá air
Nuair a bheidheas an áitiú (áitreabh) siúd réidh, beidh teach a's áirgí aige.
b.
spré, áithrid.
+–
Ní bhfuair sí áirge a' bith ar phósadh dhi = spré, beithidhigh etc.
Thug sí sin áirge mhór isteach 'sa teach sin, nuair a phós sí é sin
TUILLEADH (2) ▼
Is beag an áirge atá le faghail ag an gcréatúr.
Má tá'n áirge agad, feicfe tú féin air, go bhfuighe tú fear.
3.
límistéar, réidhteach, méid (Achréidh).
+–
Tá áirge mhór sa teach sin = límistéar nó réidhteach mór istigh ann
Teach gan áirge mhór a' bith é = gan mórán limistéir.
TUILLEADH (7) ▼
Nuair a bheidheas sé réidh amach aige, beidh áirge mhór ann.
Níl fharrus sin d'áirge ann = níl mórán limistéir ann.
Ní mór do'n chisteanach a bhfuil d'áirge innte = a méid.
Tiocfa sí le 'bhfuil d'áirge innte anois
Tá áirge mhór 'sna sciobóil aige = limistéar méid.
Ní rabh fhios agam ariamh go dtí sin, go raibh an teach a laghad áirge = níor thuig mé go dtí sin go raibh sé chomh cumhang.
Tá dalladh airge ann dúinne.
Áirge in iontrálacha eile (15)
Bíodh foighid aghad a dhuine sin, go gceartuighthear an scéal duit! Cé'n áirge dhuit anbháthadh a thoidheacht mar sin ort.
→
colg
Ná bac le madadh 'bith 'chuirfeas colg air fhéin le duine mar sin ar a' bpuínnte. Dheamhan mórán áirge é, le bheith in a ghoire.
Ní teach an-mhór é i gcosamhlacht, ach tá áirge mhaith 'na dheidh sin ann, taobh istigh.
→
baile
Ní áirge mhór muise, d'aon-bhaile mór é siúd. Múinfe sé brainnsí bligeáirdeachta do na 'bligeáirds' is measa ann.
→
curásach
Muise is beag an áirge dhó, gach's a bhfuil de thalamh i gciumhais an bhóthair aige. Talamh bradach curásach é.
→
broim
Sin é an droch-éadáil nuair a bhío(nn)s sé le broím; ní áirge mhór a' bith é, a's é le broím.
→
anáil
Tá áirge agus anáil sa gcisteanach siúd = tá sí breagh fairsing, agus na fraghthachaí crochta
→
faolchú
Tá lóchrann ar an gcroí ag na faolchoin gur bhuadh Sasana an cogadh. M'anam nach mórán áirge lucht airgid annseo féin. Bhíodh fuile faile fútha ag imeacht faitíos go n-eireódh tada dhá gcuid airgid
→
farae
Ná bac le seascachaí anois, d'fhuireasa neart farae san ngeimhreadh. Fadó leigeadh muid amach ar an sliabh iad agus cead aca beatha a bhaint as a gcrága, agus diabhal dhá shuaite chlaoite dhá mbeidís, go bhfuightheá imeacht orra. Ach dheamhan mórán áirge beart cnámha (beithigh caite) a thabhairt chuig aontaigh anois. Mara mbeidh siad cho sleamhain anois agus go sciorrfá dhíob, níl aon-fhiafraí orra
→
deachma
Níl d'áirge ins an líamhán gréine ach an ola atá ann, measaim. Maidir len a chuid éisc caithtear ag an deachma é. Is maith géar an drad nar mhór duit a bheith agad, le dhul in éadan liamhán gréine
→
deis
'Bhfeiceann tú a bhfuil de dheis agus d'áirgí aige! Níl aon-cheo dhá bhfeileann d' fheilméara nach bhfuil aige. Dar fiadh tá. Má's í an capall fiadhaigh féin í, tá sí ann
→
droim
Cuireadh druim díbeartha air uiliog as an tír seo. An t-am a raibh sé tugtha síos faoi'n ngearrchaile sin thoir, chuaidh an sagart go dtí é, agus d'fhuagair sé air a bheith ag imeacht go beo deifreach, nó go gcuirfeadh sé féin ag imeacht é. Go deimhin, níorbh áirge mhór ar bith i bpobal é
→
díonmhar
Níl aon-cheo aige siúd nach bhfuil díonmhar. Tá na sciobóil agus na h-áirgí atá timcheall an tighe cho díonmhar leis an teach comhnuidhe. Dhá mbadh é bosca an mhadadh féin é, tá líonán aige taobh istigh leis — píosa de chóta mór oláilte — ar fhaitíos go dteangmhóchadh deoir ar bith leis. D'eireochadh sé amach agad as an mbosca sin ar maidin cho tirm le fear as leabaidh chlúmhaighe