áirge
—Ciall a 2 a bhíos le áirge, áirgí i gCois Fharraige, ach ní mar sin baileach atá sé ag Tomás Ó Máille. Ciall a 3 bhíos aige leis. Ach b'amhlaidh a bhí sé ag Raiftearaí: "Le siséal glan agus plána a chríochnaíonn sé gach áirge, ceapann sé gach adhmad le báid a chur chun seoil." Seán Conróidh, Amhráin Raiftearaí, lch 68. 'Sé ciall a 3 a bhíos freisin leis ar an Achréidh i nGaillimh.
1.
éadáil, fáltas, maith, leas (Cois Fharraige, Conamara). Is ionann an chiall seo agus asset i mBéarla.
+–
Ní mórán áirge dhom é sin — ní rachaidh sé chun sochair dhom; ní thiocfaidh sé chun tosaigh ná chun tairbhe dhom; ní éadáil ar bith dhom é
Ní áirge mhór dhom thusa a bheith ag imeacht ag uallfairt timpeall mo thí do mo choinneáil ó chodladh.
TUILLEADH (11) ▼
Dhá mba áirge mhór é an seanchóta céanna, ní liomsa a d'éireodh sé
Ní mórán áirge don tír é sin a bheith ar ais aríst inti — drochdhuine; duine achrannach, mioscaiseach
Is beag an áirge an fheamainn chéanna agus a bhfaightear dhá hanró.
Ní fiú a leathoiread dhá anró a fháil agus laghad an áirge é faoi dheireadh thiar
Is daor an spóilín é agus dheamhan mórán áirge é.
Ní áirge mhór an fhoghlaim gan an t-airgead
Is olc an áirge (ailím, éadáil, earra) an poitín céanna.
Is suarach an áirge dhúinn a bheith taobh le dole agus chomh daor agus atá chuile rud.
Is dona an áirge do dhuine a bheith amuigh faoi fhliuchán mar sin chuile ré solais.
Dhá mba áirge mhór é, ní bheadh a leath oiread fonn orthub é a roinnt le na daoine.
Má thugann tú leat é siúd (.i. fiabhras) in do chrioslaigh, is maith an áirge a bheas agat ag teacht chun a tí.
2.
deis, airnéis, eallach, cuid agus maoin agus teolaíocht, spré, ordnálacht.
a.
+–
Tá áirgí aige — airgead, beithígh, deis, agus chuile shórt dhá bhfeilfidh dhó
Is mór an lear áirgí atá timpeall a thí — croithe, seideanna srl
TUILLEADH (3) ▼
Tá chuile áirge aige dhá bhfeilfidh dhó — sciobóil, teach ordnáilte srl
Ní cheal áirgí atá air
Nuair a bheas an áitiú (áitreabh) siúd réidh, beidh teach agus áirgí aige
b.
spré, áithrid.
+–
Ní bhfuair sí áirge ar bith ar phósadh dhi — spré, beithígh srl
Thug sí sin áirge mhór isteach sa teach sin nuair a phós sí é sin
TUILLEADH (2) ▼
Is beag an áirge atá le fáil ag an gcréatúr.
Má tá an áirge agat, feicfidh tú féin air go bhfaighidh tú fear.
3.
limistéar, réiteach, méid (Achréidh).
+–
Tá áirge mhór sa teach sin — limistéar nó réiteach mór istigh ann
Teach gan áirge mhór ar bith é — gan mórán limistéir
TUILLEADH (7) ▼
Nuair a bheas sé réidh amach aige, beidh áirge mhór ann.
Níl thairis sin d'áirge ann — níl mórán limistéir ann
Ní mór don chisteanach a bhfuil d'áirge inti — a méid
Tiocfaidh sí le a bhfuil d'áirge inti anois
Tá áirge mhór sna sciobóil aige — limistéar méid
Ní raibh a fhios agam ariamh go dtí sin go raibh an teach a laghad áirge — níor thuig mé go dtí sin go raibh sé chomh cúng
Tá dalladh áirge ann dúinne.
áirge in iontrálacha eile (15)
Bíodh foighid agat a dhuine sin, go gceartaítear an scéal duit! Cén áirge dhuit anbhá a theacht mar sin ort.
→
colg
Ná bac le madadhar bith a chuirfeas colg air fhéin le duine mar sin ar an bpointe. Dheamhan mórán áirge é le bheith ina ghaire.
→
baile
Ní áirge mhór muise, d'aon bhaile mór é siúd. Múinfidh sé brainsí bligeardachta do na bligeairds is measa ann.
→
curásach
Muise is beag an áirge dhó gach is a bhfuil de thalamh i gciumhais an bhóthair aige. Talamh bradach curásach é.
→
faolchú
Tá lóchrann ar an gcroí ag na faolchoin gur bhuaigh Sasana an cogadh. M'anam nach mórán áirge lucht airgid anseo féin. Bhíodh fuile faile fúthu ag imeacht faitíos go n-eireodh tada dhá gcuid airgid
→
farae
Ná bac le seascachaí anois d'uireasa neart farae sa ngeimhreadh. Fadó ligeadh muid amach ar an sliabh iad agus cead acu beatha a bhaint as a gcrága, agus diabhal dhá shuaite chloíte dhá mbeidís, go bhfaightheá imeacht orthu. Ach dheamhan mórán áirge beart cnámha (beithígh caite) a thabhairt chuig aontaí anois. Mura mbeidh siad chomh sleamhain anois agus go sciorrfá dhíobh, níl aon fhiafraí orthu
→
deachma
Níl d'áirge sa liamhán gréine ach an ola atá ann, measaim. Maidir lena chuid éisc, caitear ag an deachma é. Is maith géar an drad nár mhór duit a bheith agat le dhul in éadan liamhán gréine
→
deis
An bhfeiceann tú a bhfuil de dheis agus d'áirgí aige! Níl aon cheo dhá bhfeileann d' fheilméara nach bhfuil aige. Dar fia tá. Más í an capall fiaigh féin í, tá sí ann
→
droim
Cuireadh droim díbeartha air uileag as an tír seo. An t-am a raibh sé tugtha síos faoin ngearrchaile sin thoir, chuaigh an sagart go dtí é agus d'fhuagair sé air a bheith ag imeacht go beo deifreach nó go gcuirfeadh sé féin ag imeacht é. Go deimhin, níorbh áirge mhór ar bith i bpobal é
→
díonmhar
Níl aon cheo aige siúd nach bhfuil díonmhar. Tá na sciobóil agus na háirgí atá timpeall an tí chomh díonmhar leis an teach cónaí. Dhá mba é bosca an mhadaidh féin é, tá líonán aige taobh istigh leis — píosa de chóta mór oláilte — ar fhaitíos go dteangmhódh deoir ar bith leis. D'éireodh sé amach agat as an mbosca sin ar maidin chomh tirim le fear as leaba chlúmhaigh