Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Íoc
1.
cúiteamh airgid ar shaothar.
+
Pé'r bith cé ólfas é, sé Domhnall a íocfas é.
Is olc uaidh fir fánaighe a íoc = ní thugann sé mórán tuarastail do spailpíní.
TUILLEADH (6) ▼
Tomás: Gheobhfa sé congnamh leis an móin; Pádraic: M'anam má fhaghann go n-íocfa (íocfa sé ar an gcongnamh).
Bheadh na spailpíní ceart marach an t-íoc = ba mhaith é a gcongnamh, ach nuair a chaithtear a n-íoc, is scéal eile é
Déanfa mise an glaodhach, déanadh a rogha duine an t-íoc = glaodhfa mise an t-ól, íocadh duine ar bith a thogróchas é, ach ní íocfa mise air.
Is maith é an t-ól go dteaga an t-íoc
Marar íoc tú ach sin air, fuair tú ar shlat-mhargadh é = fuair tú faoi na luach go maith é; fuair tú ar a shaorgáil (saordháil) é
Íoc do chuid fiacha agus beidh an saoghal buidheach duit.
·
Caithtear deachma na sláinte a íoc = má thugann duine tsiocair fuaicht nó tinnis dó fhéin, ní cóir dó iongantas a bheith air, má chuireann sé as a shláinte é; má bhíonn deachma na sláinte ar dhuine (má bhíonn duine as a shláinte), saothrócha sé an saoghal le doigh, agus le tinneas. (Féach ceathramhadh filidheachta in Iris-leabhar Muighe Nuadhad de chuid Mhichíl Óig Uí Longáin)
2.
a.
bainfidhear díoghaltas amach.
+
Má chorruigheann tú aon-cheo as an gcomhra sin, íocfa tú ann = beidh rud ar a shon agad; gheobhfa tú túirne Mháire; bainfidhear sásamh dhíot (neartuighthear an bhéim sa gcainnt de réir a chéile go dtuiteann an ceann trom di ar "ann").
Má dhrannann tú liomsa íocfa tú ann.
TUILLEADH (13) ▼
Níor thaobhuigh sé an teach ó mhaidin go dtí ar baillín ach 'sé a d'íoc ann
Mise imbannaí gur íoc sé ann, ach dhá ndéanadh páiste ar bith eile é, ní chuirfeadh sé ceist ar bith air (máthair a bhí ag clamhsán gur bhuail an máighistir scoile a páiste).
Íocfa tú ann, ach feadh mise mo lámh a thógáil chugad.
Má chuireann sibh aon araoid ar siúd, deirimse leat gur sibh a íocfas ann.
Íocann sé ann ar a chuid ámhuilleachta ach is beag an mhaith sin = cé go bhfaghann sé neart griosála, ní chomhairligheann sin é.
Má íocaimse ann, íocfa tusa ann chomh maith liom.
Ní íocann duine ar bith ann, ach an té a thuilleas é = ní baintear sásamh, ach do'n té a mbíonn an rud as bealach déanta aige.
Má d'íoc sé ann féin, ba mhaith an aghaidh ar é.
Má íocann tú ann, feadh t'athair a theacht abhaile, ní bheidh mise in a dhiaidh ort.
D'íoc sé ann ceart go leor, ach má d'íoc badh sa n-éagcóir é = baineadh sásamh di, ach níor thuíll sé é.
Ní do'n té a d'íoc ann, a bhí an milleán a' sroicheadh, ach do'n té nar baineadh chor ar bith leis = baineadh díoghaltas do'n té nach raibh cionntach agus níor bacadh leis an té a bhí cionntach.
D'íocfainn ann, dá bhfaigheadh seisean cead a chinn.
Dhá n-íocainn ann faoi chéad, sé'n mhaith amháin é = dhá mbaintí an díoghaltas dhíom céad uair, 'sé an cás céadna é; ní chuirfe díoghaltas ná faitchíos aon-ghuaim orm.
b.
ídiú. (Ní cloistear ciall seo in Oirthear Chonamara. Ídiú a bheadh in áit.).
+
Pé'r bith cé a dhéanfas é is ortsa a íocfaidhear é = is tusa bheidheas síos leis.
Íocfa mise do chuid bréag ort = tiubharfa mé luach do chuid bréag duit; cúiteocha mé do chuid bréag leat.
TUILLEADH (1) ▼
Ná h-íoc air é, go mbí tú glan-siúráilte gurb é atá cionntach

Íoc in iontrálacha eile (50+)

 
Tá chúig tithe déag istigh ar an mbaile, agus níl teach ar an bhfeáin aca a d'íoc aon-"phoor rate" fós. Is ar a chruachúis dóibh an baile uilig a chaitheamh amach. Ba cheart a íoc mar sin féin
 
Ní dhéanfaidh sé fearacht an deárthar ar chaoi ar bith: crapadh leis abhaile cho luath agus a íocfar a chuid airgid leis
 
Caithfidh an fliuchán a chuid fhéin a fháil. Deir siad nach mór deachma na sláinte a íoc = má fhaghann duine fliuchán, beidh slaghdán, tinneas cnámh etc. air
 
D'fhága tú an cíos thar am gan íoc
+
Mise a d'íoc an féarach ar chaoi ar bith = mise a d'íoc san téiléaracht; pér bith cé a rinne an fhoghail mise a d'íoc ann
TUILLEADH (6) ▼
Thóig an inín gach agus a bhfuair sí sna siopaí ach an t-athair a d'íoc an féarach = he had to pay the piper
Dheamhan a fhios cé a bhuail é, ach ba é J. B. a fhobair an féarach a íoc. Chaith na póilíos trí lá in a éadan dhá cheisniú
Íocfaidh sé an féarach fós. Más feall fillfear, adeir siad = íocfaidh sé ann; bainfear díoltas dhe in a dhroch-ghníomh
Níor thuill mise chor ar bith uaidh é, ach is mé a d'íoc an féarach in a dheidh sin
M'anam go bhfeicfidh tú nach mbeidh B. tada siar leis. Íocfaidh duine eicínt an féarach. Airgead na n-óinseach, adeir siad, a choinníos bróga ar bhean an phíobaire. Má chuaigh sí sin faoi chostas óil, bainfidh sí siar as duine eicínt eile é. Beidh sí gnóiteach leis, creid mise dhuit ann
Má bhriseann tú an ghloine sin, íocfaidh tú an féarach
 
Mara bhfuil sé indon a chuid fiacha 'íoc, cuirfidhear a chuid talmhana ar candáil.
 
carn
Ó bhuail an méid sin ghiorranála mé, bíonn mo phíobán cárnuighthe leath na gcuarta. Fuair mé buidéal ó'n dochtúr air, ach dheamhan lá maitheasa a rinne sé dhom, aindeoin gur íoc mé mo leath-ghine bhuidhe air.
+
cíos
Níor íoc sé aon-phighinn cíosa le dhá bhliadhain.
TUILLEADH (8) ▼
Beidh cíos a' glaodhach anois an mhí seo chugainn = beidh cíos le'n íoc.
Beidh an lá cáirde thuas anois go goirid, a's mara mbí an cíos íoctha roimhe sin, deirimse leat, gur gearr go mbeidh tréas dhá chur orainn faoi.
Níl mórán cíosannaí eile anois le n-íoc aice — cúig nó sé de cheanna — a's beidh an talamh saor go bráth aice 'na dhiaidh sin.
Ab é Seán riu! Dheamhan luach a bhéilidhe ag Seán ní áirmhighim cíos a's camhlach a íoc. Sí bean na Gaillimhe atá ag íoc a' chíosa, má's beag mór a' cíos atá air.
Dheamhan cíos na camhlach a bheidheas ar a' gcéad líne eile 'íoc dhá réir sin. Muide inDomhnach a bhain a' méid sin cirt amach de na tighearnaí, ach 'ní hé an té a shaothruighea(nn)s fhagha(nn)s' adeir siad. Is mór is fiú go mbeidh a shógh ag duine eicínt dar ndóigh.
Bhíodh cíos cléire len íoc fadó idteannta dualgas a' tsagairt.
Sin é an uair a cuimlightí sop na ceirte do dhaoine nuair a chaithidís cíos cléire a íoc leis an teampall gallda, i gceann a raibh de ghearraidheachaí eile orra(b).
'San am a raibh an cíos cléire amuigh, chaitheadh na daoine an ministéara 's an sagart a íoc chomh maith le chéile.
 
Dheamhan ar íoc sé an leath-chíos deireannach fós, aindeoin go raibh sé gligthe (dlighte) aige é 'íoc lá Bealtaine. (Leath-chíos; "sos"; cess; moiety).
+
bannaí 1
Ní ghlacfa an beainnc aon-bhannuidhe uaidh anois, mar a' geábh deireannach a bhfuair sé airgead, níor íoc sé é go raibh an lá cáirde caithte go fada.
TUILLEADH (8) ▼
Ní bheadh drugal a' bith orm, faoi na dhul imbannuidhe air, ach ní fheicim go bhfuil slighe nó fághaltas ó neamh anuas aige, len íoc ar ais aríst.
Gheobha sé an t-iasacht ceart go leor, má fhaghann sé mórán áirleacain ná ionbhadh len' íoc, nó nach bhfaighe. Ar ndú (ndóigh) is ag a' gceann a chuaidh i mbannuidhe air, is fhearr fhios sin.
Má theigheann tú imbannuidhe ar sin, ort fhéin a bheidheas díol a dhéanamh as a dheire. Chuala tú an cleas adeirigh do Sh. Mh. cheana, go mb'éigean dó, fiche punt a íoc istigh sa mbeainnc ar aon-láimh amháin. Is mór a' t-iongnadh, nach múinfeadh sin thú! Pléidhfe sé siúd leat é má fhaghann sé in t'amadán aige thú!
Fuair sé fear a' tighe seo, mar 'bhí sé ina phleota, ar sheol na braiche le dhul imbannuidhe air, faoi dheich bpunt sa mbeainnc, trí bliadhna sa taca seo. Meastú ar íoc sé leithphighinn ruadh ariamh dhe, 'gur thosuigh an beainnc a' cur leitreachaí (ch)uig an gceann seo, a's a' strócántacht leis faoi'n íoc? Ní mórán dá fhonn a bhí air, 'íoc an uair sin fhéin.
Má tá an bannuidhe, briste, caithfe duine eicínt an díol a dhéanamh, a's mara bhfuil an té 'bhí 'mbannaidhe air indon 'íoc tóigfear a chuid.
Cuirfidhear i dteannta na bannuidheachaí (i.e. na daoine a chuaidh i mbannaí), mara n-íoca sé gála eicínt dhe go goirid.
Tiocfa an beainnc anuas ar na bannuidheacha, mara n-íoca seisean é. Deirimse leat go gcaithfe an beainnc a gcuid fhéin fhaghail, pé'r bith, cé'n súisín 'íocfas é.
Ba tútach sa saoghal a' cleas a rinne sé — glanadh leis — a's an méid sin airgid 'fhágáil len íoc ag na bannuidheachaí.
+
Chuir a deirbhshiúr fios uirre, a's d'íoc sí a bealach dhi, anonn (i.e. go Ameriocá).
TUILLEADH (6) ▼
Is fadó a bhí sí thall i Meriocá, dhá bhféadadh sí aon-duine a fhaghail a d'íocfadh a bealach di.
Tá a bealach íoctha go Meiriocá ar ais aríst. Ní chaithfe sí annseo ach ráithe.
D'íoc a' dearbhráthair a bhealach ar a' mbus go Gaillimh dhó.
Marach go bhfuil mo bhealach íoctha dhom meastú a' dtiocfainn annseo? = marach gur h-íocadh dhom é etc.
D'eile cé atá as bealach ach é; nó síleann tú gur leis 'a' pump', ar íoc mé mo leath-choróin thíos tigh W. inGaillimh air, mí ó shoin!
Ní bhíonn siad mórán as bealach chor a' bith, má íocann tú ar a' tairnge iad, ach mara n-íoca, mise imbannaí, go leagfa siad ort.
 
cuntas
Tá sé chomh maith dhuit an cunntas sin a dheanamh amach dom, go n-íoca mé as láimh é.
+
bocht 1
Ní beag do'n duine bocht a bhfuil len' íoc cheana aige, a's gan a bheith 'cur tuille gearraidheachaí air, i gceann mar tá air.
TUILLEADH (2) ▼
Tá'n fear saidhbhir ceart go leor, ach 'sé'n duine bocht atá ag íoc ann i gcomhnuidhe.
Nach bocht dó an méid sin a dhéanamh, a's é íoctha air!
 
Ní tarbh é, ach bollstaic, ach níor coilleadh glan é. Bhí an coillteoir ar meisce an lá céadna, a's ba maoilscríobach a rinne sé a ghna(ithe), aindeoin gur h-íocadh é.
 
Tuille diabhail agad! Breagh nar choinnigh tú do bhéal ar a chéile, a's ní fhéadfadh aon-duine aon-bhrabach a fhaghail ort. Ach níor bheo thú gan a bheith in do chlaibín muilinn igcomhnuidhe. B'fhéidir go n-íocfá ann anois.
+
breá
Níor íoc sé an fear fánaighe deire a bhí aige fós, a's nach breágh a chuaidh fear eile leis in a dheidh sin = níor íoc sé tuarastal an fhir páighe a bhí aige go deireannach, a's nach iongantach a chuaidh fear eile ag obair aige 'na dheidh sin.
TUILLEADH (1) ▼
Má tá an oiread sin airgid aice, nach breagh nach n-íocann sí 'bhfuil d'fhiacha amuigh uirre!
 
Nach hé a bhíonns ar bheidhil a ghnaithí i gcomhnuidhe, ach is dhó is fusa, ó fhéadann sé fir fánaighe 'íoc.
+
Buaileadh cíos ar mhuinntir a' bhaile seo thiar, faoi'n bportach, a's is olc a' ceart é freisin. Dheamhan leithphighinn dó a d'íocfainn dá mbadh mé iad — cead aca(b) iad a chuir as, má thogair siad.
TUILLEADH (1) ▼
Nuair a bhí na Lochlannaigh annseo, in Éirinn, bhuail siad cíos a's camhlach ar na h-Éireannaigh, a's duine ar bith, nach n-íocfadh an cíos, bhí an tsrón le baint dhe.