Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
íoc
1.
cúiteamh airgid ar shaothar.
+
Pé ar bith cé ólfas é, 'sé Dónall a íocfas é.
Is olc uaidh fir fánaí a íoc — ní thugann sé mórán tuarastail do spailpíní
TUILLEADH (6) ▼
Tomás: Gheobha sé cúnamh leis an móin; Pádraic: M'anam má fhaigheann go n-íocfaidh (íocfaidh sé ar an gcúnamh)
Bheadh na spailpíní ceart murach an t-íoc — ba mhaith é a gcúnamh, ach nuair a chaitear a n-íoc, is scéal eile é
Déanfaidh mise an glaoch, déanadh a rogha duine an t-íoc — glaofaidh mise an t-ól, íocadh duine ar bith a thogrós é, ach ní íocfaidh mise air
Is maith é an t-ól go dteaga an t-íoc
Murar íoc tú ach sin air, fuair tú ar shladmhargadh é — fuair tú faoina luach go maith é; fuair tú ar a shaorgáil (saorgáil) é
Íoc do chuid fiacha agus beidh an saol buíoch duit
·
Caitear deachma na sláinte a íoc — má thugann duine tsiocair fuaicht nó tinnis dó fhéin, ní cóir dó iontas a bheith air má chuireann sé as a shláinte é; má bhíonn deachma na sláinte ar dhuine (má bhíonn duine as a shláinte), saothróidh sé an saol le dóigh agus le tinneas. (fc. ceathrú filíochta in Irisleabhar Mhuighe Nuad de chuid Mhichíl Óig Uí Longáin)
2.
a.
bainfear díoltas amach.
+
Má chorraíonn tú aon cheo as an gcomhra sin, íocfaidh tú ann — beidh rud ar a shon agat; gheobhaidh tú tuirne Mháire; bainfear sásamh dhíot (neartaítear an bhéim sa gcaint de réir a chéile go dtiteann an ceann trom di ar "ann")
Má dhrannann tú liomsa íocfaidh tú ann
TUILLEADH (13) ▼
Níor thaobhaigh sé an teach ó mhaidin go dtí ar baillín ach 'sé a d'íoc ann
Mise i mbannaí gur íoc sé ann, ach dhá ndéanadh páiste ar bith eile é, ní chuirfeadh sé ceist ar bith air (máthair a bhí ag clamhsán gur bhuail an máistir scoile a páiste)
Íocfaidh tú ann ach feadh mise mo lámh a thógáil chugat
Má chuireann sibh aon araoid ar siúd, deirimse leat gur sibh a íocfas ann
Íocann sé ann ar a chuid ábhailleachta ach is beag an mhaith sin — cé go bhfaigheann sé neart greasála, ní chomhairlíonn sin é
Má íocaimse ann, íocfaidh tusa ann chomh maith liom
Ní íocann duine ar bith ann ach an té a thuilleas é — ní baintear sásamh, ach don té a mbíonn an rud as bealach déanta aige
Má d'íoc sé ann féin, ba mhaith an oidhe air é
Má íocann tú ann, feadh t'athair a theacht abhaile, ní bheidh mise ina dhiaidh ort
D'íoc sé ann ceart go leor, ach má d'íoc ba san éagóir é — baineadh sásamh di, ach níor thuill sé é
Ní don té a d'íoc ann a bhí an milleán ag sroicheadh ach don té nár baineadh chor ar bith leis — baineadh díoltas den té nach raibh ciontach agus níor bacadh leis an té a bhí ciontach
D'íocfainn ann dá bhfaigheadh seisean cead a chinn
Dhá n-íocainn ann faoi chéad, is aon mhaith amháin é — dhá mbaintí an díoltas dhíom céad uair, 'sé an cás céanna é; ní chuirfidh díoltas ná faitíos aon ghuaim orm
b.
ídiú. Ní cloistear an chiall seo in oirthear Chonamara: ídiú a bheadh ina áit.
+
Pé ar bith cé a dhéanfas é, is ortsa a íocfar é — is tusa bheas síos leis
Íocfaidh mise do chuid bréag ort — tabharfaidh mé luach do chuid bréag duit; cúiteoidh mé do chuid bréag leat
TUILLEADH (1) ▼
Ná híoc air é go mbí tú glansiúráilte gurb é atá ciontach

íoc in iontrálacha eile (50+)

 
Tá chúig tithe déag istigh ar an mbaile, agus níl teach ar an bhfeadhain acu a d'íoc aon phoor rate fós. Is ar a chruachúis dóibh an baile uilig a chaitheamh amach. Ba cheart a íoc mar sin féin
 
Ní dhéanfaidh sé fearacht an dearthár ar chaoi ar bith: crapadh leis abhaile chomh luath agus a íocfar a chuid airgid leis
 
Caithfidh an fliuchán a chuid fhéin a fháil. Deir siad nach mór deachma na sláinte a íoc — má fhaigheann duine fliuchán, beidh slaghdán, tinneas cnámh srl. air
 
Níorbh fholáir duit sé phunta dhéag a fháil ar an dá ghamhainín sin anois le bheith íoctha iontu. Nár thug tú fhéin aon phunta dhéag orthu?
 
D'fhága tú an cíos thar am gan íoc
+
Mise a d'íoc an féarach ar chaoi ar bith — mise a d'íoc sa téiléireacht; pé ar bith cé a rinne an fhoghail mise a d'íoc ann
TUILLEADH (6) ▼
Thóg an inín gach is a bhfuair sí sna siopaí ach an t-athair a d'íoc an féarach he had to pay the piper
Dheamhan a fhios cé a bhuail é, ach ba é J. B. a fhóbair an féarach a íoc. Chaith na póilíos trí lá ina éadan dhá cheisniú
Íocfaidh sé an féarach fós. Más feall fillfear, adeir siad — íocfaidh sé ann; bainfear díoltas dhe ina dhrochghníomh
Níor thuill mise chor ar bith uaidh é, ach is mé a d'íoc an féarach ina dhiaidh sin
M'anam go bhfeicfidh tú nach mbeidh B. tada siar leis. Íocfaidh duine eicínt an féarach. Airgead na n-óinseach, adeir siad, a choinníos bróga ar bhean an phíobaire. Má chuaigh sí sin faoi chostas óil, bainfidh sí siar as duine eicínt eile é. Beidh sí gnóiteach leis, creid mise dhuit ann
Má bhriseann tú an ghloine sin, íocfaidh tú an féarach
 
Mura bhfuil sé in ann a chuid fiacha a íoc, cuirfear a chuid talúna ar cantáil.
 
carn
Ó bhuail an méid sin gearranála mé, bíonn mo phíobán carnaithe leath na gcuarta. Fuair mé buidéal ón dochtúr air ach dheamhan lá maitheasa a rinne sé dhom, ainneoin gur íoc mé mo leathghine bhuí air.
+
cíos
Níor íoc sé aon phínn cíosa le dhá bhliain.
TUILLEADH (7) ▼
Beidh an lá cairde thuas anois go gairid, agus mura mbí an cíos íoctha roimhe sin, deirimse leat, gur gearr go mbeidh tréas dhá chur orainn faoi.
Níl mórán cíosannaí eile anois le n-íoc aici — cúig nó sé de cheanna — agus beidh an talamh saor go brách aici ina dhiaidh sin.
Ab é Seán riu! Dheamhan luach a bhéilí ag Seán ní áirím cíos agus cabhlach a íoc. 'Sí bean na Gaillimhe atá ag íoc an chíosa, más beag mór an cíos atá air.
Dheamhan cíos ná cabhlach a bheas ar an gcéad líne eile a íoc dhá réir sin. Muide i nDomhnach a bhain an méid sin cirt amach de na tiarnaí, ach ní hé an té a shaothraíonns a fhaigheanns. adeir siad. Is mór is fiú go mbeidh a shó ag duine eicínt dar ndóigh.
Bhíodh cíos cléire le n-íoc fadó i dteannta dualgas an tsagairt.
Sin é an uair a cuimlítí sop na ceirte de dhaoine nuair a chaithidís cíos cléire a íoc leis an teampall gallda, i gceann a raibh de ghearraíochaí eile orthub.
San am a raibh an cíos cléire amuigh, chaitheadh na daoine an ministéara agus an sagart a íoc chomh maith le chéile.
 
Dheamhan ar íoc sé an leathchíos deireanach fós, ainneoin go raibh sé gligthe (dlite) aige é a íoc Lá Bealtaine. (Leathchíos; "sos"; cess; moiety)
+
bannaí 1
Ní ghlacfaidh an bainc aon bhannaí uaidh anois, mar an geábh deireanach a bhfuair sé airgead, níor íoc sé é go raibh an lá cairde caite go fada.
TUILLEADH (8) ▼
Ní bheadh drogall ar bith orm faoina dhul i mbannaí air, ach ní fheicim go bhfuil slí nó fáltas ó neamh anuas aige lena íoc ar ais aríst.
Gheobhaidh sé an t-iasacht ceart go leor, má fhaigheann sé mórán airleacain ná ionú lena íoc nó nach bhfaighidh. Ar ndóigh is ag an gceann a chuaigh i mbannaí air is fhearr a fhios sin.
Má théann tú i mbannaí air sin, ort fhéin a bheas díol a dhéanamh as a dheireadh. Chuala tú an cleas a d'éirigh do Sh. Mh. cheana, go mb'éigean dó fiche punt a íoc istigh sa mbainc ar aon láimh amháin. Is mór an t-ionadh nach múinfeadh sin thú! Pléifidh sé siúd leat é má fhaigheann sé in t'amadán aige thú!
Fuair sé fear an tí seo, mar a bhí sé ina phleota, ar sheol na braiche le dhul i mbannaí air faoi dheich bpunt sa mbainc, trí bliana sa taca seo. Meas tú ar íoc sé leithphínn rua ariamh dhe gur thosaigh an bainc ag cur litreachaí chuig an gceann seo, agus ag strócántacht leis faoin íoc? Ní mórán dá fhonn a bhí air a íoc an uair sin fhéin.
Má tá an bannaí, briste, caithfidh duine eicínt an díol a dhéanamh, agus mura bhfuil an té a bhí i mbannaí air in ann a íoc, tógfar a chuid.
Cuirfear i dteannta na bannaíochaí (.i. na daoine a chuaigh i mbannaí), mura n-íoca sé gála eicínt dhe go gairid.
Tiocfaidh an bainc anuas ar na bannaíocha mura n-íoca seisean é. Deirimse leat go gcaithfidh an bainc a gcuid fhéin a fháil, pé ar bith cén súisín a íocfas é.
Ba tútach sa saol an cleas a rinne sé — glanadh leis — agus an méid sin airgid a fhágáil le n-íoc ag na bannaíochaí.
+
Má fheicimse ar bóthar ná ar bealach díot uaidh seo amach, íocfaidh tú ann (athair ag smachtú páiste)
TUILLEADH (8) ▼
Íocfaidh an méid sin do bhealach dhuit — 'sé díol do bhealaigh é; tá díol do bhealaigh sa méid sin.
Chuir a deirfiúr fios uirthi agus d'íoc sí a bealach dhi anonn (.i. go Meiriceá).
Is fadó a bhí sí thall i Meiriceá dhá bhféadadh sí aon duine a fháil a d'íocfadh a bealach di.
Tá a bealach íoctha go Meiriceá ar ais aríst. Ní chaithfidh sí anseo ach ráithe.
D'íoc an deartháir a bhealach ar an mbus go Gaillimh dhó.
Murach go bhfuil mo bhealach íoctha dhom, meas tú an dtiocfainn anseo? — murach gur híocadh dhom é srl
Deile cé atá as bealach ach é; nó síleann tú gur leis an pump ar íoc mé mo leathchoróin thíos tigh W. i nGaillimh air mí ó shin!
Ní bhíonn siad mórán as bealach chor ar bith, má íocann tú ar an tairne iad, ach mura n-íoca, mise i mbannaí go leagfaidh siad ort.
 
Muran mian leat cromnasc a bhualadh orthu, cuir duine eicínt dá mbuachailleacht, nó má théann siad i mbradaíl ormsa aríst, cuirfidh mé gairm chúirte ort agus íocfaidh tú go daor iad ("Gairm chúirte" — ní leagan nua-aoiseach é sin, ach seanleagan atá ann le na cianta. Chreidim go bhfuil leas dhá bhaint as aríst i gcúrsaí dlí anois)
 
cuntas
Tá sé chomh maith dhuit an cuntas sin a dhéanamh amach dom go n-íoca mé as láimh é
 
beo 2
Ná feicimse ar mo shráid aríst é le mo bheo ná mo mharbh, nó daighean mé má fheiceann, go n-íocfaidh sé ann.
+
bocht 1
Ní beag don duine bocht a bhfuil le n-íoc cheana aige agus gan a bheith ag cur tuilleadh gearraíochaí air i gceann mar atá air.
TUILLEADH (2) ▼
Tá an fear saibhir ceart go leor, ach 'sé an duine bocht atá ag íoc ann i gcónaí.
Nach bocht dó an méid sin a dhéanamh agus é íoctha air!
 
Ní tarbh é ach bolstaic, ach níor coilleadh glan é. Bhí an coillteoir ar meisce an lá céanna, agus ba maolscríobach a rinne sé a ghnaithe, ainneoin gur híocadh é.
 
Tuilleadh diabhail agat! Breá nár choinnigh tú do bhéal ar a chéile, agus ní fhéadfadh aon duine aon bhrabach a fháil ort. Ach níor bheo thú gan a bheith in do chlaibín muilinn i gcónaí. B'fhéidir go n-íocfá ann anois.
 
breá
Mar is breá leat fhéin, ach má dhéanann tú é, rachaidh mise faoi dhuit go n-íocfaidh tú é — déan é, má thograíonn tú, ach mise faoi dhuit go mbainfear siar asat é má dhéanann.