Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Iochtarach
féach íochtar
an-fhada síos; ó dheas; gar do cheann an ruda.
+
Tá sé ró-íochtarach = ro-fhada síos; ro-fhada ó dheas etc.
Tá sé in a chomhnuidhe níos íochtaraighe ná sin ar an mbaile.
TUILLEADH (7) ▼
Sílim gurab é an teach is íochtaraighe ar an mbaile é = is goire do bhóthar an ríogh; is fuide ó dheas; is goire do'n fhairrge.
Dhá íochtaraighe dhá bhfuil sé, tá tighthe ann is íochtaraighe ná é.
Níl dhá íochtaraighe dá dteighe tú anois, nach amhla is fearr dhuit (is annamh a cloistear h in urdhubha le focla a bhfuil guth in a dtús)
Tá an cuirrleach íochtarach go maith sa gcladach.
Is íochtaraighe go mór a chuid-seisean ná mo chuid-sa = is goire do'n fhairrge, do bhóthar an ríogh etc. a chuid talmhan seisean ná mo chuid talmhan-sa.
Tá na beithidhigh íochtarach le cladach
Is fearr dhuit coinneál íochtarach
·
Tá mo ghúna ro-íochtarach = ag dul síos ro-fhada.
+
Dhá dteighinn níos íochtaraighe sa bpaca, b'fhéidir go gcasfaidhe mámh liom
Bhí an t-aona hairt ní b'íochtaraighe.
TUILLEADH (2) ▼
Dhá ngearrthá díobh níos íochtaraighe, b'fhéidir go bhfuighinn an cíonán (cártaí)
Tóg an chuid is íochtaraighe de'n fheamuinn idtosach.

Féach freisin