—
an-fhada síos; ó dheas; gar do cheann an ruda.
+–
Tá sé ró-íochtarach — rófhada síos; rófhada ó dheas srl.
Tá sé ina chónaí níos íochtaraí ná sin ar an mbaile
TUILLEADH (7) ▼
Sílim gurb é an teach is íochtaraí ar an mbaile é — is gaire do bhóthar an rí; is faide ó dheas; is gaire don fharraige
Dhá íochtaraí dhá bhfuil sé, tá tithe ann is íochtaraí ná é
Níl dhá íochtaraí dá dté tú anois nach amhlaidh is fearr dhuit (is annamh a cloistear h in urú le focla a bhfuil guth ina dtús)
Tá an coirleach íochtarach go maith sa gcladach.
Is íochtaraí go mór a chuid seisean ná mo chuidse — is gaire don fharraige, do bhóthar an rí srl. a chuid talún seisean ná mo chuid talúnsa
Tá na beithígh íochtarach le cladach
Is fearr dhuit coinneáil íochtarach
·
Tá mo ghúna ró-íochtarach — ag dul síos rófhada
+–
Dhá dtéinn níos íochtaraí sa bpaca, b'fhéidir go gcasfaí mámh liom
Bhí an t-aon a hairt ní b'íochtaraí
TUILLEADH (2) ▼
Dhá ngearrthá díobh níos íochtaraí, b'fhéidir go bhfaighinn an cíonán (cártaí)
Tóg an chuid is íochtaraí den fheamainn i dtosach
Féach freisin
→
íochtar
íochtarach in iontrálacha eile (3)
→
carracán
Dheamhan cladach i gCois Fharraige is achrannaí ná mar atá sa mbaile sin. Tá sé faoi chlochair agus faoi charracáin as éadan. Ní féidir aon chapall a thabhairt níos íochtaraí ann ná snáth mara rabharta móir.
→
crúbáin
Tá na crúbáin íochtaracha siúd ar fad faoi uisce. Sceitheann siad i gcónaí le lán mhara rabharta.
→
dúchan
"Chonaic siad an dúchan agus an seabhac ag teacht íochtarach" (as seanscéal — An Chú Ghearr Ghlas — m'athair) — toirt dhubh nó ball dubh ar an spéir, nó san aer