Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

Béal bocht (26)

 
Chomhuain is a bhí an dá sheanfhear bhochta sin ansin ag béal an dorais aige, chaith sé a shaol ag meabhrú do lucht cuarta chuile bhiorán dá bhféadfaidís a dhéanamh orthub a dhéanamh dhóibh. Dheamhan duine sa tír anois nach ag déanamh bioráin air fhéin atá. Níorbh é leathchóir Dé é mura dteagadh cothromacan síneadh na huaire ar ais air fhéin.
+
beo 1
Ní bhfaigheadh Críostaí an bhéil bheo ina chlaonta a leithide de chleas a dhéanamh ar dhílleachta bhocht lag, ach níl scrupall ar bith ina chroí siúd.
TUILLEADH (1) ▼
Is bocht an rud do dhuine a shaol a chaitheamh mar sin agus gan Críostaí an bhéil bheo a fheiceáil ó mhaidin go faoithin ná ó oíche go maidin.
+
bocht 1
Is beag a bhéarfadh orm imeacht in m'fhear bocht i ndiaidh mo chinn romham agus ag iarraidh mo chodach ó theach go teach. B'fhearr dhom sin fhéin ná ag iarraidh a bheith ag baint cirt dhíbse, agus gur mór libh dom an greim a chuirim ar mo bhéal.
TUILLEADH (9) ▼
Dhá mbeadh saibhreas Rí Seoirse aici, bheadh an béal bocht aici ina dhiaidh sin.
Ní fhaca mé ariamh é nach é an béal bocht a bheadh air.
Níl sa mbéal bocht sin ach imeartas ar fhaitíos a mbeifí ag iarratas tada uirthi.
Tá sé ag déanamh airgid as éadan agus ina dhiaidh sin fhéin, tá an béal bocht air — tá sin.
Tá an béal bocht air mura bhféada sé a dhá láimh a chur timpeall ar an saol.
Dhá mbeadh sé dhá únfairt fhéin in airgead, 'sé an cás céanna é — bheadh an béal bocht air ina dhiaidh sin
Déanfaidh sé béal bocht má iarrann tú tada air.
Is bocht an chaoi do do chomharsa béil dorais gan beannú dhuit sa mbóthar.
Nach bocht dó a bheith cloíte fhéin — fear nár fhága an leaba agus nach ndeachaigh greim ar a bhéal le chúig lá!
 
buille
Tá sé fánach ag créatúr bocht, nach bhfuil ag gabháil ar a bhéal ó mhaidin go faoithin, ná ó Luan go Satharn, ach arán agus uisce, aon bhuille sa mbéim a theacht ann. Ba scéal in aghaidh nádúir é dhá dteagadh.
 
Bhíodar feidheartha maolscríobach (gan éadach, gan éadáil) chuile lá ariamh. Ach má bhí fhéin, diabhal go mba ghleoite iad. Níor chuala aon duine ariamh an béal bocht acu, ní hé a fhearacht agus tuilleadh é
 
Má iarrann tú aon cheo isteach uirthi faoin Nollaig, bíonn an béal bocht uirthi i gcónaí
 
Ba chiotach a d'fhága sé í: a fágáil ina seasamh ar a faobhar taobh istigh de chlaí. Ní raibh fios na faillí ag an bpáiste bocht nó gur mhartraigh sé é féin léithe (speal). Nach bhféadfadh sé a cur ar a béal fúithi i gClaise eicínt — rud a bheith ina seasamh i gcaoi is go mbeadh an lann nó an béal nó an chuid a mbeadh an faobhar air ag freagairt nó ag gobadh suas
 
Ara ab é an fear a bhuail dallach dubh ar shagart an pharóiste! Thug an sagart punt dó nuair a chuir sé an béal bocht air fhéin go raibh an bhean agus an chlann i ngéarchall. D'imigh leis agus d'ól sé é
 
diaidh
dole mór aige, agus pinsean seanI.R.A. agus tá punt seanphinsean ag teacht isteach ann chuile sheachtain, agus chúig leathchoróin (alúntais páistí), agus deich nó dó dhéag de phunta d'airgead na Gaeilge sin, agus ina dhiaidh sin féin, tá an béal bocht air, agus bíonn an oiread fuasaoide aige agus shílfeá nach dtáinig aon tsaol ariamh is measa ná é
 
dochar
Rinne a mhéir braon. Lig sé í. Shílfeá go raibh cneasaithe di. Bhí ainfheoil ag teacht i mbéal an ghearrtha taobh amuigh. Ach rinne sí seile in athuair. Drochsheile. Lig sé aríst í. Má lig féin níl ag cneasú dhi. Is méir bhocht í. Tá ábhar i gcónaí inti, ach dar leat féin nach bracha é ina dhiaidh sin. Mura dté sé roimpi gan mórán achair, fiachfaidh (féachfaidh) sí é, mar tá an dochar istigh inti fós
 
droim
Tá a bholg thiar ina dhroim. Is cosúil nach bhfaigheann an duine bocht a leathdhíol le n-ithe. Nach bhfuil lán púirín na hátha de mhuirín air. Caithfidh fear na muiríne móire an greim a bhaint as a bhéal féin i gcónaí lena chur i mbéal na bpáistí. Deir siad nár bhris cearc an áil a heagán ariamh
 
Casadh liom lá i nG. í, agus í in ainriocht. Ní fhaca tú duine ar bith ariamh ba bhoichte béal ná í. Thug mé mo phunt deireanach déanach di, mar rinne mé trua di. Meas tú arbh iontaí liom an sneachta dearg ná an lá aonaigh a bhí chugat, í a fheiceáil ag ceannacht cuingir bhullán ansin thoir. Ní fhaca mise aon amharc ar mo phunt ó shin
 
díle 1
Rug an díle mhór a bhí an lá cheana ann ar an mbóthar air agus ní raibh aon snáth thuas ar a chraiceann nach sílfeá gurb as béal soithigh a tarraingeadh é. Bhí lán a chruite de shlaghdán lá arna mhárach air, agus tá sé ag coinneáil na leabthan ó shin. Mura gcaithe sé seal ina leannán anois ag an bhfear bocht, tá an t-ádh air
 
Bhí sruth is gaoth leo an fhad is a bhíodar thuas, ach ón lá ar athraigh siad síos chuaigh an saol ina n-aghaidh. Tháinig díleá ar a raibh ag gabháil leo. Go fiú is an síol féin a chuiridís, ní bhíodh sé ag éirí leo. Is minic a loiceadh a gcuid fataí agus togha an bharr ag chuile dhuine eile. Bhí anachain muc agus anachain daoine orthu in éindí — ní dhá roinnt leo é. Fuair triúr mac breá bás i mbéal a chéile orthu. Dheamhan a fhios agamsa a raibh eatarthu ach an bhliain. An fear acu atá sa gcomhaireamh ceann inniu, is beag fear tí ná urláir in do thír is boichte ná é. Ní maith a chuaigh an imirce do na créatúir bhochta sin
 
díol 2
Tá díol a freastail go maith aici. Tuige nach mbeadh. Agus ainneoin sin, tá an béal bocht uirthi i gcónaí. Ag caitheamh ina dhiaidh atá sí anois nach bhféadann sí an carr a chur ar na bóithrí ag saothrú. Ní mór le cuid de na daoine a dhá láimh a chur timpeall ar an saol ar fad
 
Níl aon duine faoi bhéal an aeir nach bhfuil tarraingthe anuas agus liobraithe gearrtha aici. Tá chuile locht ar chuile dhuine eile, ach bainfidh sí a muintir féin as margadh i gcónaí. An lá faoi dheireadh a raibh sí ag ithe agus ag gearradh ar an dílleachta bocht sin thiar tigh Sh., agus a raibh sí ag rá nach bhfágann sí amach an teach ag P. Dh. chor ar bith, tháinig sé go dtí an béal agam a rá léithe go bhfeicfeadh sí an dúradán i súil duine eile go maith, ach nach bhfeicfeadh sí an tsail mhór ina súil féin chor ar bith. 'Sé a bhí agam a rá léithe, ach lig mé tharam í ina dhiaidh sin, leisce clampar a tharraingt