Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

Sa mbaile (50+)

 
A fhearacht siúd, bhí aige fanacht sa mbaile agus gan a dhul ann chor ar bith. Ní ann a d'fheil dó: fear pósta agus muirín air
 
M'anam muise má tá sí sin sa mbaile gur fearadh don phobal í (cuirfidh sí maith ar an bparóiste). Diabhal bréag nach ea. Fágfaidh sí cupla toirtín eile ina diaidh shula n-imí sí. D'éireodh di!
+
fios
Thug sé an tír soir amach air fhéin ag iarraidh fios a fhortúin. Ach ba ghearr go raibh sé sa mbaile aríst agus a leathsciathán briste
TUILLEADH (1) ▼
Níl a fhios sa diabhal (sa tubaiste, sa gcat mara srl.) céard a bhíos sé a dhéanamh sa mbaile mór gach lá
 
fliche
Tá súil agam nach ngabhfaidh sé chun fliche ar chuma ar bith go mbeidh muide sa mbaile
 
Tá mé ag imeacht ar fuaidreamh soir ansin ar feadh an lae agus ní raibh mé sa mbaile ag dinnéar ná ceo. Caithfidh an díth céille féin a bheith ann, arsa tusa
 
fág i
D'fhága muid sa mbaile inniu é — chuir muid sa gcill é (fc. baile)
 
Fágaim le m'uacht go bhfuil gliondar orm go bhfuil tú sa mbaile
 
Trí huaire a chuireas siad (na capaill) an cúrsa i bhfáinne sa rása mór i mBaile an Bhriotaigh.
 
Dheamhan mórán atá dhá fhálróid ag na caoirigh sin muise mar nach mórán talúna atá aige théis a dhíchill le tabhairt le fálróid dóibh. Dheamhan slí do choise de thalamh ar an mbaile sin. Nach bhfuil sé sáinnithe uilig ag mac Bh. Dh. dhó féin. Ach tá mé ag ceapadh go mbíonn cead scoir ag na caoirigh ansin sa ngeimhreadh, mar a bhíodh san áit seo a bhfuil tú ann fadó.
 
féar
Ara ná géill do J. Tá sé sin chomh bréagach leis an bhfear adúirt go bhfaca sé an féar ag fás. Nár dhúirt sé liom fhéin an lá faoi dheireadh gurb é an áit a bhfuil an mac ag obair anois ag déanamh céibheannaí i nDúiche Sheoigheach. Diabhal mé gur chreid mé é, agus go ndeachaigh mé dhá inseacht sa mbaile aríst. Rinne siad ball séire dhíom. Céibheannaí i nDúiche Sheoigheach!
 
Dheamhan cladach i gCois Fharraige is achrannaí ná mar atá sa mbaile sin. Tá sé faoi chlochair agus faoi charracáin as éadan. Ní féidir aon chapall a thabhairt níos íochtaraí ann ná snáth mara rabharta móir.
 
Dheamhan cos aon charraera a bhíodh sa mbaile an tráth sin go mbíodh an oíche caite thar droim go minic. D'fhanaidís ag ól agus ag ragairne faoi bhealach dhá n-éiríodh leob aon phínn airgid a bheith ar iompar acub.
 
Fanadh sé sa mbaile. Níl guth ar bith sa teach seo ar fhéin ná ar a chuid cipiléireachta — níl fáilte ar bith againn roimh an gcineál cainte a bhíos aige.
 
Ní fheicim fear ar bith a bhíonns chomh coitianta sa mbaile mór leat nach mbeadh scéal eicínt aige de bharr a aistir ach thú. Muran dhá gcoinneáil duit fhéin atá tú!
 
Dheamhan blas den cheart nach raibh agat leis; comaoin a láimhe fhéin a thabhairt dó. Breá ar chuir sé a sheadairín de chárta ann. Múinfidh sin é fanacht sa mbaile aríst.
 
cora
Bhí sé oíche ar cuairt tigh T. Ó C. agus dheamhan easna de bhuachaillí báire an bhaile nach dteagann agus nach dtógann an chora air. B'éigean dó a theacht timpeall an bóthar, agus bhí sé ina hóró lae sula raibh sé sa mbaile.
+
Is beag an mheas a bheas aige siúd ar bhéile fataí cosnochtaithe, agus an chleachtadh atá aige ar bheadaíocht agus bealtaíocht a fháil sa mbaile.
TUILLEADH (1) ▼
M'anam gurb é atá dhá bhaint as a chleachtadh, fear nach raibh aige sa mbaile ach cupla fata a ithe cosnochtaithe!
 
cíble
Bhuel tá fear sa mbaile as Meiriceá tigh Sh. Mh. Mh. ansin thiar, agus dhá gcloistheá é sin ag cíble, déarfá go deimhin go bhfuil caint aige. Ach má tá, dheamhan inti ach spruschaint.
 
"Do thug mé mo pháircín, faoi chlaí is faoi fhál duit; Tá sé in am agat é a chíosú liom anois punt nó dhó; Gur leat a dhéanfas mé gálaí go dteaga an Fhéil Pádraic; Nó go seoladh na gamhna sa mbaile seo siar." (As Dónall Ó Dálaigh — dúirt an t-aithrisí — B. R. — do)
+
baile
Bail ó Dhia ort! A bheith sa mbaile ag an ceathair a chlog! Ar chuala tú ariamh é: ní hionann a dhul ina bhaile mhóir, agus é a fhágáil.
TUILLEADH (28) ▼
'Bail ó Dhia ort, a Sheáin; Is deas a d'íosfá ceaile'; 'D'íosfainn maith go leor; Dhá mbeadh mo bhean sa mbaile' (rann adeirtear do pháistí)
Cáid a bheas sa mbaile agat?; cáid a gheobhas tú sa mbaile?; cén scíth a bheas agat sa mbaile; cáid a chaithfeas tú sa mbaile? — duine ar scíth ó choláiste, ó Mheiriceá srl.
Cáid a bheas aige sa mbaile anois.
Is beag is ionann é le bheith sa mbaile — is fhearr an baile ná é.
Thit dom a bheith sa mbaile roimhe — tharla dhom srl.
Is gearr a bhí sa mbaile aige chor ar bith faoin Nollaig — is gearr an scíth a fuair sé.
Ní bheidh aon lá sa mbaile aríst agam go Cáisc.
Tá sé ag cothú sa mbaile i gcónaí anois — tá sé síoraí sa mbaile.
Is mór an t-ionadh nach n-éireodh posta eicínt leis, tharas a bheith sa mbaile.
Dhá gcloiseadh an dream atá sa mbaile é seo, chuirfeadh sé a sáith iontais orthub — an dream atá sa ruta arb as muide
"B'fhearr liom sa mbaile in aice mo ghaolta; Ag síordhéanamh grinn, agus ag bréagadh ban óg; Ná a comhrá leatsa a chailleach na bruíne; A bhíonns in do shuí san oíche, agus do chodladh sa ló" (as amhrán — Cnoc Leitir Móir)
D'éagóir Dé dhuit nár fhan sa mbaile.
Níl sa mbaile anois ach mac amháin — mac amháin atá sa teach anois; tá an chuid eile imithe nó ag saothrú, nó pósta.
Tá sé fanta sa mbaile anois (.i. ón scoil) — scoireadh den scoil
Is gearr go bhfana mé sa mbaile ar fad.
Ar an dá luath is a mbeidh mise cheithre bliana déag fanfaidh mé sa mbaile.
B'éigean dúinn é a choinneáil sa mbaile ón scoil inniu i ngeall ar an gcruóig.
D'fhan sé sa mbaile inniu ag gortghlanadh.
Ní choinneoidh muid sa mbaile é go gcinne orainn.
Deir tú leis atá ag iarraidh fanacht sa mbaile ar fad anois (.i. ón scoil)
Nach bhfuil sé chomh maith dhó fanacht sa mbaile tharla nach bhfuil aon luí leis an scoil aige?
Ba chóra dhuit fanacht sa mbaile — ba chóra dhuit fanacht as, nó gan a dhul ann (ag imirt chártaí; duine a dhul isteach, nó mámh a chur san áit nach mbeadh aon iallach air é a chur)
Tuilleadh glugair agat! Breá nár fhan tú sa mbaile! — breá go ndeachaigh tú ann!
Sin é an gléas ort, agus a fhusacht duit fanacht sa mbaile.
Tá tusa rósháiteach ar fad. Feicfidh tú fhéin go bhfanfaidh tú sa mbaile feadh is mise a bheith réidh leat.
Múinfidh sin thú fanacht sa mbaile aríst! — nuair a buailfí cárta ar dhuine a rachadh isteach nuair nár chall dó é.
Ba chóra dhuitse do sheansheaichtín a choinneáil sa mbaile agus gan a bheith dhá shá isteach faoi fhear cúig.
Ba é do cheartsa fanacht sa mbaile agus gan cur isteach faoin té a bhí folamh.