Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

amharc (37)

 
Leagadh anuas dhá dhaigéad de dhá chloich i mínis (i bhfianais) an ghiúistís. 'Siad a chaith an bheirt thiar. Shílfeá nach éadáil mhór ar bith an t-amharc a thug duine acu ar na clocha. Ba mhó dhá fhonn a bhí air déarfá, breith uirthi agus a caitheamh aríst. Tháinig scéin sa ngiúistís
 
dairt
Tá a shúil sa meath chéanna anois le trí bliana ó buaileadh dairt air thuas ar an bportach. Ceann crua a bhí ann. Níor lig an té a chaith é, ná aon dhuine dhá chineál, tada as a láimh ariamh ach le gangaide. Dhún súil Ph. d'aon iarraidh. Chuaigh sí chun othrais. Chaith sé scaitheamh san easpaicil (ospidéal) léithe, ach dheamhan mórán maitheasa a rinne siad dó ansin ach gur fhuaraigh siad an phian air. Tá clúdach aige uirthi i gcónaí. Is maith an t-ádh atá air má bhíonn aon amharc aige aríst go brách inti. Dá leanadh sé amach mac Mh. fúithi thiocfadh sí daor air. Ach ní leanfadh. Tá sé ró-réchúiseach an duine bocht
 
dall 1
Tá sé ag fáil pinsean na ndall, agus dheamhan a dhath ar a amharc ach an oiread liomsa
 
dall 3
Dhallfadh soilse na mótair sin duine. Bíonn cuid acu an-ghreadánta. Ní fhágfaidís amharc ar bith in do shúile
 
Is mór a chaill mé an t-amharc le gairid. Is gearr go mbeidh mé in mo dhallarán. Táim cheana. Agus bliain go ham seo d'fheicfinn an cró i snáthaid bheag le snáth a chur inti. Féacha sin anois
 
dána
Níl cladaí dána ar bith amach ansin ar ghualainn na háite seo. Tá lom trá ann: tránnaí móra míne fad t'amhairc uait, agus bréidíní farraige ag briseadh orthu. Is mór an áilleacht iad sa samhradh
 
Chítear dhom nach bhfuil dea-amharc ar bith agam le gairid. Cén bhrí ach bhí mise scaitheamh eile ar fhear chomh grinn agus a gheofá ar chruinneáil. Caitheann an aois a cuid féin a fháil
 
Casadh liom lá i nG. í, agus í in ainriocht. Ní fhaca tú duine ar bith ariamh ba bhoichte béal ná í. Thug mé mo phunt deireanach déanach di, mar rinne mé trua di. Meas tú arbh iontaí liom an sneachta dearg ná an lá aonaigh a bhí chugat, í a fheiceáil ag ceannacht cuingir bhullán ansin thoir. Ní fhaca mise aon amharc ar mo phunt ó shin
+
Ní fheicfeá tada ar an mbóthar feadh t'amhairc ach deannach. Bhí sé ag éirí ina cheathannaí nuair a thiocfadh mótar ar bith. Dhallfadh sé thú agus mhillfeadh sé do chuid éadaigh. Na bóithrí sin a gcónaíonn an t-uisce orthu agus a bhíos faoi dhraoib ar feadh an gheimhridh, bíonn siad faoi dheannach mar sin i gcaitheamh an tsamhraidh. Níl na bóithrí steamrolláilte mar sin chor ar bith mura mbeidh bualadh mór orthu go díreach
TUILLEADH (1) ▼
Tháinig siota agus bhailigh sí léithe a raibh de dheannach agus de bhileogaí agus de pháipéir ar na portaigh. B'aisteach an cosán a thóg sí: aniar tharainne, soir ar chuid Sh., síos ó dheas go dtí P. Mh., siar aríst ar roinn J., agus soir ó thuaidh ansin ar chuid Bh. agus ar roinn J. F., gur bhailigh sí amach ó thuaidh as ár n-amharc. Nuair a chuaigh sí chomh fada le J., d'fhuagair muid féin air — ní fheicfeá é lena raibh de dheannach ann — an sleán nua a fhágáil ina dhiaidh. 'B'fhéidir,' adeir sé, 'go dteastódh sé uaim. Nach ndeir siad go bhfuil móin sa mbruín fhéin.' B'uafás é an siota siúd
 
Níl múr ar bith is deannachtaí ná an múirín gréine ar ndóigh. "An múirín gréine an múirín is déine" adeir siad. Caitheann sé an bháisteach an-leatromach amach sa samhradh. Bheadh ráig dheannachtach anseo, agus dheamhan is móide deoir ar bith b'fhéidir a bheadh thiar ar an gC. Bhí mé ag teacht anuas le fána Cnoc Bh. lá. Tháinig sé ina bháistigh orm. Tabhair báisteach uirthi: ní ligfeadh sí luch as poll ná diabhal as ifreann. Chuaigh mé ag tóraíocht foscadh. Mo chreach an foscadh ansiúd. Ach mar sin féin, shúigh mé mé féin isteach in áit eicínt go liginn tharam é. Bhí mé ag breathnú síos ar mhuintir Bh. ag obair ar na portaigh i nG. na B. Leathnaigh m'amharc orm. Nuair ba déine a bhí sé ag cur san áit a raibh mise, bhí siadsan ag obair thíos ar na portaigh. Dheamhan an sileadh a chaith sé ann ach ina scaladh gréine, théis gur gearr óna chéile an dá áit. Ní fhaca mé ariamh in mo shaol sílim báisteach tí (ní) ba deannachtaí ná a chonaic mé an lá sin
 
Is furasta aithinte uirthi gur Poncán í. An bhfeiceann tú a bhfuil de dhéanamh suas uirthi. Nach mbainfeadh an feisteas sin an t-amharc as do shúil
 
deara
Cheal nár thug tú aon bhlas faoi deara aréir? An bhfaca tú í ag síneadh an leabhair chuige? Scríobh sí rud eicínt ar phísín de pháipéar roimhe sin, agus bhí an páipéirín sin sa leabhar. Chuirfinn a bhfuil istigh is amuigh agam gob (gurb) éard a bhí ar an bpáipéirín sin rá leis castáil léithe anocht in áit eicínt. Ní raibh aon deis eile aici é a rá leis os coinne na máthar. Is dall an mhaise dhuit é murar thug tú an méid sin faoi deara. Is maith a bhraith C. é. Nach bhfaca tú an fad a bhí sé a bhaint as a mhuineál ag iarraidh amharc a fháil isteach ar an leabhar
 
dearc
Is géar an dearcadh atá aici. Tabharfaidh sí léithe uileag thú d'aon amharc amháin. 'Sí atá deas air
 
Ní bhíonn dream ar bith líofa ag deargán ach muintir Mh. Tháinig P. anuas anseo anuraidh agus bhain sí slám duilisc, agus ní bheadh fí ná feáin uirthi mura ndéantaí deargán di. Diabhal a raibh a fhios ag na gasúir céard a bhí sí a iarraidh. Ní fhaca siad sin aon deargán ariamh. Ach m'anam go raibh a fhios aici siúd. Thug sí a seaneire creathnaigh abhaile léithe. Nár ba é amháin dhá bhfuil suas ann. Chuile bheadaíocht dá mbíonn timpeall orainn a chrapadh leo, agus gan tada de bhrabach orthu féin. Ní fhaca mé tada ag teacht anuas ariamh as. Uair a chuir muid fios suas anseo ar mhaingín cnónnaí acu, chuir siad scéala anuas go mbeidís againn an tseachtain a bhí chugat, ach ní fhaca muid aon amharc ar na cnónnaí ó shin
+
dearmad 1
Mo chuimhne agus mo dhearmad! Níor inis mé dhuit go raibh S. anseo, ach dheamhan amharc a chonaic mé ort ó shin, chreidim
TUILLEADH (1) ▼
An bhfuil a fhios agat nuair a fuair an cat scilling cén chaoi ar chaith sé í? Inseoidh mise sin duit: bonn ar amharc a bheith aige san oíche chomh maith leis an lá, bonn ar dhearmad bhean an tí, agus bonn ar shiúl mion — 'sé dearmad bhean an tí, an bainne a fhágáil siléigeach, nó gan aon chlár a chur ar an gcanna
 
Bhí deireanas lae ann, agus gan iad ag teacht. Thóraigh muid go híseal agus go hard ina ndiaidh, ach chinn orainn aon amharc a fháil orthu. 'Ní áit buaile ná seanbhaile dhúinn an áit seo níos faide a Ph.,' adeirim fhéin. 'Cá bhfios nach romhainn sa mbaile a bheidís sin.' Agus b'fhíor dhom. Bhí an bheirt gróigthe istigh ar an teallach romhainn
+
dia 2
D'imigh an Chéadaoin agus dheamhan amharc a bhí air
TUILLEADH (1) ▼
Dheamhan amharc a gheobhas tú ar do shluasaid aríst go Luan an Bhrátha. Ná bac le rud ar bith a bhfaighidh siad sin greim air. Caith sneachta ar a lorg
 
diabhal 1
Diabhal feiceáil ná feiceáil. Sháigh sé é féin i bprochóig eicínt as amharc na ndaoine
 
diaidh
An bhfaca tú an t-amharc míchéatach a thug sé orm i ndiaidh a leicinn nuair a rinne mé a shamhlú leis go mba cheart dó iasacht an bhicycle a thabhairt dom le dhul go dtí damhsa crosbhóthair ar an mB. A. Shílfeá gur méir a chuir mé faoina shúil. Ar ndóigh mo léan, chuile shórt aige sin ach damhsa crosbhóthair!
 
Ní fhaca tú a leithide de dhiogáil ar phóilí ariamh agus a bhí air sin ag imeacht dó. Bhí scoilte chomh díreach le gró ina chuid gruaige agus mura raibh sé bearrtha, ní lá go maidin é. Agus an glass a bhí ina bhróga, bhainfeadh sé an t-amharc as do shúile. Níor ba thaise lena dhrad óir é ach oiread
 
díol 2
Is díol déirce baintreachaí agus dílleachtaí, ach ní feasach dom gur ceart a dhul ag caitheamh airgid ag daill agus gan aon cheo daille orthu ach an oiread liomsa nach bhfuil a dhath ariamh ar m'amharc míle buíochas le Dia. Tá sé anseo thoir agus é in ainm is gan spré a bheith aige agus séard a bhí sé a dhéanamh romham an oíche cheana, ag cur snátha agus snáthaid: snáthaid bheag nár léir dom an cró inti, mura bhfaighinn ó ló í …
 
díon 1
Níl díon ar bith sa talamh aoil sin. Súnn sé chuile dheoir a theagas as aer. Nár slogadh abhainn taobh thoir de Ghaillimh cupla bliain ó shin, agus dheamhan amharc a facthas uirthi níos mó. Chuaigh sí síos go dtí an Tír Fó Thoinn san áit a raibh an Ridire Leathchaoch Leathrua is dóigh
 
1
Níl dó gréine ná spuaic láí air siúd deirimse leat. Is deacair dhó a bheith, agus gan aon amharc a fháil ar an ngréin le leathbhliain, mura bhfeiceadh sé thríd an bhfuinneoig í go díreach; agus maidir leis an láí …
 
Bhrisfinn leicín an doichill aige dhá mb'fheasach dom go bhfaighinn amharc ar an inín siúd nach gcorraíonn amach. Deir siad gur mór an áilleacht í. Ní fhaca mé ariamh í, agus tá mé i ndiaidh a feiceáil i gcónaí. Nach mór an feall nach bhfuil aon teacht i láthair inti. Bheadh candáil ar a leithide anois. Tá cailíní deasa na tíre scuabtha go Sasana
 
dóirt
Bhí muid crinnte le chéile ag an gCeann. Choinnigh sé i bpíce liom scaitheamh maith. Ach nuair a tháinig sí teann (an ghaoth) agus as sin ina gaoith mhór, cheangail seisean cúrsaí. Thug mise cead di dóirteadh le fána roimhe, ina cuid éadaigh ar fad. Bhuail mé caoch é. Ní raibh amharc air ag Cora an Chaisleáin
 
domhan
Thabharfainn an domhan ar amharc a fháil air
 
drann
Bhí amharc agam ar an mbroc istigh agus é ag drannadh amach leis an madadh. M'anam má bhí fhéin, nár thaobhaigh an madadh é, ná gur beag an baol a bhí air
 
draoi
Ná bac leo sin a mhic ó. Tá an draoi dhíobh sin ann. Ní fhaca tú a leath. Tá grifisc bheag ann nach bhfuair tú amharc ar bith orthu; go dtí deolcachán na cíche féin tá sé ann
 
droim
An bhfuil a fhios agat céard a chuir de mo dhroim ceart críochnaithe mé, an chaint a chaith tusa. Well, bhí mé siúráilte glan nach bhfeicfinn aon amharc go brách aríst air. Is mór an ní a dhul ag baint mealladh as duine mar sin. D'agródh Dia ort é bíodh a fhios agat
 
dúch
Diabhal mé go mbeadh sí sin ag taoscadh dúigh uaidh chomh tréan agus a d'fheicfeá uisce ag teacht as píopa. Chuala mé fear a bhí sa gcogadh ag rá go raibh cóstaí na Fraince breac ballach leo agus go bhfeicfeá an fharraige feadh t'amhairc dubh lena gcuid dúigh. Chreidfinn é freisin, dhá mbeadh mórán acu abuil a chéile
 
Tá brón agus duifean ar mo chroí chuile lá ó d'imigh mo mhaicín uaim a thóg mé go bog agus go muirneach. Tá mé réidh leis anois. Ní fheicfidh mé aon amharc air le mo ló aríst
 
Tá dúradán eicínt faoi shúil na bó. D'fheicfeá isteach uait é ar a hamharc. Tá an tsúil ag silt thar cionn aici. Ní mé an mbeadh aon mhaith gráinne salainn a chuimilt di. D'fheicfeá daoine dhá dhéanamh
 
téigh
Chuaigh mé an garraí ar maidin agus ní fhaca mé aon amharc dhe
 
Tá sé ag dul chun ráithe ó gheall sé go dtiocfadh sé lá liom ag caoladóireacht agus go dtabharfadh sé beairtín slat agam as a shail féin ag teacht dó. Ní fhaca mé aon amharc air fhéin ná ar an mbeairtín ó shin, agus ní fheicfidh ach oiread chreidim. Sin é an dea-ghealladh agus an droch-chomhlíonadh i gcónaí. Tá na cléibh gan déanamh fós