Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

amharc (37)

 
Leagadh anuas dhá dhaigéad de dhá chloich i miainis (i bhfiaidhnis) an ghiúistis. 'Siad a chaith an bheirt thiar. Shílfeá nach éadáil mhór ar bith an t-amharc a thug duine aca ar na clocha. Ba mhó dhá fhonn a bhí air déarfá, breith uirre agus a caitheamh aríst. Tháinic scéin ins an ngiúistís
 
dairt
Tá a shúil ins an meath chéadna anois le trí bliana ó buaileadh dairt air thuas ar an bportach. Ceann cruadh a bhí ann. Níor leig an té a chaith é ná aon-dhuine dhá chineál, tada as a láimh ariamh ach le gangaide. Dhúin súil Ph. d'aon-iarraidh. Chuaidh sí 'un óthrais. Chaith sé scathamh ins an aspuicil (oispidéal) léithe ach dheamhan mórán maitheasa a rinne siad dó annsin ach gur fhuaruigh siad an phian air. Tá clúdach aige uirre i gcomhnuí. Is maith an t-ádh atá air má bhíonn aon-amharc aige aríst go bráth innte. Dá leanadh sé amach mac Mh. fúithe thiocfadh sí daor air. Ach ní leanfadh. Tá sé ro-réidhchúiseach an duine bocht
 
dall 1
Tá sé ag fáil pinsean na ndall, agus dheamhan a dhath ar a amharc ach an oiread liomsa
 
dall 3
Dhallfadh soillse na mótair sin duine. Bíonn cuid aca an-ghriodánta. Ní fhágfaidís amharc ar bith in do shúile
 
Is mór a chaill mé an t-amharc le goirid. Is gearr go mbeidh mé in mo dhallarán. Táim cheana. Agus bliain go h-am seo d'fheicfinn an cró i snáthaid bheag le snáth a chur innte. Feacha sin anois
 
dána
Níl cladaigh dána ar bith amach annsin ar ghualainn na h-áite seo. Tá lom trágha ann: trághannaí móra míne fad t'amhairc uait, agus bréidíní fairrge ag briseadh orra. Is mór an áilleacht iad sa samhradh
 
Chítear dhom nach bhfuil deá amharc ar bith agam le goirid. Cén bhrí ach bhí mise scathamh eile ar fhear cho grinn agus a gheobhfá ar chruinneál. Caitheann an aois a cuid féin a fháil
 
Casadh liom lá inG. í, agus í in ainriocht. Ní fhaca tú duine ar bith ariamh ba bhoichte béal ná í. Thug mé mo phunt deireannach déidheannach di, mar rinne mé truaighe di. Meastú arbh iongantaighe liom an sneachta dearg ná an lá aonaigh a bhí chugad, í a fheiceál ag ceannacht cuingir bhulán annsin thoir. Ní fhaca mise aon-amharc ar mo phunt ó shoin
+
Ní fheicfeá tada ar an mbóthar feadh t'amhairc ach deannach. Bhí sé ag eirghe in a cheathannaí an uair a thiocfadh mótar ar bith. Dhallfadh sé thú agus mhillfeadh sé do chuid éadaigh. Na bóithrí sin a gcomhnuigheann an t-uisce orra agus a bhíos faoi dhraoib ar feadh an gheimhridh bíonn siad faoi dheannach mar sin i gcaitheamh an tsamhraidh. Níl na bóithrí "steamrolláilte" mar sin chor ar bith mara mbeidh bualadh mór orra go díreach
TUILLEADH (1) ▼
Tháinig siota agus bhailigh sí léithe a raibh de dheannach agus de bhilleogaí agus de pháipéir ar na portaigh. B'aisteach an casán a thóig sí: aniar tharainne, soir ar chuid Sh., síos ó dheas go dtí P. Mh., siar aríst ar roinn J., agus soir ó thuaidh annsin ar chuid Bh., agus ar roinn J. F., gur bhailigh sí amach ó thuaidh as ar n-amharc. An uair a chuaidh sí cho fada le J. d'fhuagair muid féin air — ní fheicfeá é len a raibh de dheannach ann — an sleaghan nua a fhágáil in a dhiaidh. "B'fhéidir" adeir sé go dteastóchadh sé uaim. Nach ndeir siad go bhfuil múin (móin) ins an mbruidhinn fhéin". B'uathbhás é an siota siúd
 
Níl múr ar bith is deannachtaighe ná an múirín gréine 'ar ndú. "An múirín gréine an múirín is déine" adeir siad. Caitheann sé an bháisteach an-leathtromach amach ins an samhradh. Bheadh ráig dheannachtach annseo, agus dheamhan agus móide deoir ar bith b'fhéidir a bheadh thiar ar an gC. Bhí mé ag teacht anuas le fánaidh Cnoc Bh. lá. Tháinig sé in a bháistigh orm. Tabhair báisteach uirre: ní leigfeadh sí luch as poll na diabhal as Ifreann. Chuaidh mé ag tóruigheacht fascadh. Mo chreach an fascadh annsiúd. Ach mar sin féin shugh mé mé féin isteach in áit eicínt go leiginn tharm é. Bhí mé ag breathnú síos ar mhuintir Bh. ag obair ar na portaigh inG. na B. Leathnuigh m'amharc orm. An uair ba déine a bhí sé ag cur ins an áit a raibh mise, bhí siadsan ag obair thíos ar na portaigh. Dheamhan an sileadh a chaith sé ann ach in a scaladh gréine, th'éis gur gearr ó'n a chéile an dá áit. Ní fhaca mé ariamh in mo shaoghal sílim báisteach tí (ní) ba deannachtaighe ná a chonnaic mé an lá sin
 
Is furasta aithinte uirre gur Punncán í. 'Bhfeiceann tú a bhfuil de dhéanamh suas uirre. Nach mbainfeadh an feisteas sin an t-amharc as do shúil
 
deara
Cheal nachar thug tú aon-bhlas faoi deara aréir? An bhfaca tú í ag síneadh an leabhair chuige? Scríobh sí rud eicínt ar phísín de pháipéar roimhe sin, agus bhí an páipéirín sin ins an leabhar. Chuirfinn a bhfuil istigh agus amuigh agam go (gur) b'éard a bhí ar an bpáipéirín sin rádh leis castáil léithe anocht in áit eicínt. Ní raibh aon-deis eile aice é a rádh leis as coinne na máthar. Is dall an mhaise dhuit é, marar thug tú an méid sin faoi deara. Is maith a bhrath C. é. Nach bhfaca tú an fad a bhí sé a bhaint as a mhuineál ag iarraidh amharc a fháil isteach ar an leabhar
 
dearc
Is géar an dearcadh atá aice. Tiubharfaidh sí léithe uiliog thú d'aon-amharc amháin. 'Sí atá deas air.
 
Ní bhíonn dream ar bith líomhtha ag deargán ach muintir Mh. Tháinig P. anuas annseo anuiridh agus bhain sí slam duilisc agus ní bheadh fíth ná feáin uirre mara ndéantaí deargán di. Diabhal an raibh a fhios ag na gasúir céard a bhí sí a iarraidh. Ní fhaca siad sin aon-deargán ariamh. Ach m'anam go raibh a fhios aice siúd. Thug sí a sean-eire creathnaigh abhaile léithe. Nar ba hé amháin dhá bhfuil suas ann. 'Chuile bheaduidheacht dá mbíonn timcheall orainn a chrapadh leo, agus gan tada de bhrabach orra féin. Ní fhaca mé tada ag toidheacht anuas ariamh as. Uair a chuir muid fios suas annseo ar mhaingín cnothannaí aca, chuir siad scéala anuas go mbeidís againn an tseachtain a bhí chugad, ach ní fhaca muid aon-amharc ar na cnothannaí ó shoin
+
dearmad 1
Mo chuimne agus mo dhearmad! Níor innis mé dhuit go raibh S. annseo, ach dheamhan amharc a chonnaic mé ort ó shoin, chreidim
TUILLEADH (1) ▼
An bhfuil a fhios agad an uair a fuair an cut scilling cé'n chaoi ar chaith sé í? Innseochaidh mise sin duit: bonn ar amharc a bheith aige 'san oíche cho maith leis an lá, bonn ar dhearmad bhean an tighe, agus bonn ar shiubhal mion = 'sé dearmad bhean an tighe, an bainne a fhágáil siléigeach, nó gan aon-chlár a chur ar an gcanna
 
Bhí deireannas lae ann, agus gan iad ag teacht. Thóruigh muid go h-íseal agus go h-árd in a ndiaidh, ach chinn orainn aon-amharc a fháil orra. "Ní áit buaile ná sean-bhaile dhuinn an áit seo níos fuide a Ph." adeirim fhéin. "Cá bhfios nach romhainn 'san mbaile a bheidís sin." Agus b'fhíor dhom. Bhí an bheirt gróigthe istigh ar an teallach romhainn
+
dia 2
D'imigh an Chéadaoin agus dheamhan amharc a bhí air
TUILLEADH (1) ▼
Dheamhan amharc a gheobhas tú ar do shluasaid aríst go Luan an Bhrátha. Ná bac le rud ar bith a bhfuighidh siad sin greim air. Caith sneachta ar a lorg
 
diabhal 1
Diabhal feiceál ná feiceál. Sháith sé é féin i bpruchóig eicínt as amharc na ndaoine
 
diaidh
'Bhfaca tú an t-amharc mí-chéadtach a thug sé orm indiaidh a leicinn 'nuair a rinne mé a shamhlú leis go mbadh cheart dó iasacht an bhicycle a thabhairt dom le dhul go dtí damhsa cros-bhóthair ar an mB. Á. Shílfeá gur méir a chuir mé faoin a shúil. 'Ar ndú mo léan, 'chuile shórt aige sin ach damhsa cros-bhóthair!
 
Ní fhaca tú a leithide de dhíogáil ar phóilí ariamh agus a bhí air sin ag imeacht dó. Bhí scoilte cho díreach le gró in a chuid gruaige agus mara raibh sé bearrtha, ní lá go maidin é. Agus an "glass" a bhí in a bhróga, bhainfeadh sé an t-amharc as do shúile. Níor ba thaise len a dhrad óir é ach oiread.
 
díol 2
Is díol déirce baintreachaí agus dílleachtaí, ach ní feasach dom gur ceart a dhul ag caitheamh airgid ag daill agus gan aon-cheo daille orra ach an oiread liomsa nach bhfuil a dhath ariamh ar m'amharc míle buidheachas le Dia. Tá sé annseo thoir agus é in ainm agus gan spré a bheith aige, agus 'séard a bhí sé a dhéanamh rómham an oíche cheana ag cur snátha agus snáthaid: snáthaid bheag nar léar dom an cró innte, mara bhfaghainn ó ló í …
 
díon 1
Níl díon ar bith ins an talamh aoil sin. Súigheann sé 'chuile dheoir a theagas as aer. Nachar sluigeadh abhainn taobh thoir de Ghaillimh cupla bliain ó shoin, agus dheamhan amharc a facthas uirre níos mó. Chuaidh sí síos go dtí an Tír fó Thuinn ins an áit a raibh an Ridire Leath-Chaoch Leath-Ruadh is dóigh
 
1
Níl dóghadh gréine ná spuaic láighe air siúd deirimse leat. Is deacair dhó a bheith, agus gan aon-amharc a fháil ar an ngréin le leath-bhliain, mara bhfeiceadh sé thríd an bhfuinneoig í go díreach; agus maidir leis an láighe …
 
Bhrisfinn leicín an doichill aige dhá mb'fheasach dom go bhfuighinn amharc ar an inghin siúd nach gcorruigheann amach. Deir siad gur mór an áilleacht í. Ní fhaca mé ariamh í, agus tá mé indiaidh a feiceál i gcomhnuí. Nach mór an feall nach bhfuil aon-toidheacht i láthair innte. Bheadh candáil ar a leithide anois. Tá cailíní deasa na tíre scuabtha go Sasana
 
dóirt
Bhí muid creinnte le chéile ag an gCeann. Choinnigh sé i bpíce liom scathamh maith. Ach an uair a tháinic sí teann (an ghaoth) agus as sin in a gaoith mhór, cheangail seisean cúrsaí. Thug mise cead di dóirteadh le fánaidh roimhe, in a cuid éadaigh ar fad. Bhuail mé caoch é. Ní raibh amharc air ag Cora an Chaisleáin
 
domhan
Thiubharfainn an domhan ar amharc a fháil air
 
drann
Bhí amharc agam ar an mbroc istigh agus é ag drannadh amach leis an madadh. M'anam má bhí fhéin nachar thaobhuigh an madadh é, ná gur beag an baoghal a bhí air
 
draoi
Ná bac leo sin a mhic ó. Tá an draoi dhíob sin ann. Ní fhaca tú a leath. Tá grifisc bheag ann, nach bhfuair tú amharc ar bith orra; go dtí deolcachán na cíche féin tá sé ann
 
droim
'Bhfuil a fhios agad céard a chuir de mo dhruim ceart críochnuighthe mé, an chaint a chaith tusa. Well, bhí mé siúráilte glan nach bhfeicfinn aon-amharc go bráth aríst air. Is mór an nidh a dhul ag baint mealladh as duine mar sin. D'agróchadh Dia ort é, bíodh a fhios agad
 
dúch
Diabhal mé go mbeadh sí sin ag taoscadh dúbhaigh uaidh cho tréan agus a d'fheicfeá uisce ag teacht as píopa. Chuala mé fear a bhí sa gcogadh ag rádh go raibh cóstaí na Fraince breac ballach leo, agus go bhfeicfeá an fhairrge feadh t'amhairc dubh len a gcuid dubhaigh. Chreidfinn é freisin, dhá mbeadh mórán aca abuil a chéile
 
Tá brón agus duifean ar mo chroí chuile lá ó d'imigh mo mhaicín uaim a thóig mé go bog agus go múirneach. Tá mé réidh leis anois. Ní fheicfidh mé aon-amharc air le mo ló aríst
 
Tá dubhradán eicínt faoi shúil na bó. D'fheicfeá isteach uait é ar a h-amharc. Tá an tsúil ag silt thar cionn aice. Ní mé an mbeadh aon-mhaith gráinne salainn a chuimilt di. D'fheicfeá daoine dhá dhéanamh
 
téigh
Chuaidh mé an garrdha ar maidin agus ní fhaca mé aon-amharc dhe
 
Tá sé ag dul 'un ráithe ó a gheall sé go dtiocfadh sé lá liom ag caoladóireacht agus go dtiubharfadh sé beairtín slat agam as a shail féin ag teacht dó. Ní fhaca mé aon-amharc air fhéin ná ar an mbeairtín ó shoin, agus ní fheicfidh ach oiread chreidim. Sin é an deagh-ghealladh agus an droch-choimhlíonadh i gcomhnaí. Tá na cléibh gan déanamh fós