Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
anó
1.
imní nó priaclacht, beophianadh. Sna leaganachaí seo, i dteannta imní agus priaclacht, bíonn an chiall beophianadh le anó: is minicí mar aidiacht é ná mar ainmfhocal ar an gcaoi seo.
a.
+
Ní raibh a fhios agam cén t-anó a bhí air gur chuala mé go raibh an mac imithe.
Anó agus imní atá air, chuile lá san aer — bíonn sé i gcónaí priaclach
TUILLEADH (6) ▼
Is ort atá an t-anó fúithi — is ort atá an imní fúithi
Ní call duit a leathoiread anó a bheith ort fúithi: nuair a bheas sí réidh, tiocfaidh sí.
Más sin é an t-anó atá air, beidh sé air scaitheamh eile de m'uireasasa — más caidéis atá ag dul dó, nó cheal scéalta nó eolais, ní inseoidh mise tada dhó.
Nach air atá an t-anó: is mór a theastaíonns fios uaidh
Anó scéalta atá air — imní nó bís go bhfaighe sé eolas
Is fada an t-anó sin air sin. Ní bheidh luach leithpínne in do theach i ngan fhios dó
+
Tá sé in anó go dtaga sí — tá sé in imní nó priaclach go dtaga sí
Ná bí in anó leath chomh mór faoin ngasúr: tá sé in éineacht le na gasúir eile.
TUILLEADH (4) ▼
Fear in anó a bhí ann go gcloiseadh sé céard a bhí ar siúl aréir — bhí fonn air a chloisteáil céard a bhí ar siúl aréir
Bhí a fhios agam go raibh sé in anó go mbeadh a fhios aige cá raibh muid
Fág in anó anois é: ná hinis a dhath dhó
Bhí sé in anó go mbeadh chuile scéal aige — bhí sé priaclach, ar bís, nó dhá bheophianadh, go bhfaigheadh sé fios
·
Anó an tsaoil a d'fhága mar sin é — imní agus cúram an tsaoil; imní faoin saol
b.
+
Tá anó air nach bhfuil a leigheas agamsa — déarfá é, cuirim i gcás, le duine a mbeadh tart nó fonn óil air agus gan aon deis agat deoch a fháil dó, nó a shamhail
Anó mná atá air — uireasa mná; ragús nó rachmall mná
TUILLEADH (2) ▼
Níl de leigheas ar t'anó ach pósadh — déarfaí le duine é a mbeadh rachmall mná nó pósta air.
Níorbh bheag dhó a raibh d'anó air agus gan tuilleadh a theacht air — duine a bheadh in ainriocht cheana agus a dtiocfadh rud eicínt eile trasna air
2.
amhgar, ocras, dócúl. Tá sé in anó, tá sé faoi anó, tá sé ag fáil anó, tá sé ar anó — baineann siad sin le ocras nó dócúil. Tá anó air — sin éalang, nó cithréim choirp.
a.
+
Fuair sé anó — fuair sé angar (amhgar — ach is ángar adeirtear) nó ocras
Tá sé ag fáil anó agus ocrais
TUILLEADH (6) ▼
Is gearr (geall) le duine é a bheadh ag fáil anó (a bheadh ar anó) — is cosúil le duine é nach bhfaigheadh a dhíol le n-ithe.
Tá sé ag fáil anó ó tháinig leasmháthair air — ó rinne an t-athair an pósadh in athuair, tá an leasmháthair ag caitheamh droch-cheann leis
Tá sé ag fáil anó agus tá a shéala air (is furasta a aithne air é; tá a chomharthaíocht lena chois, tá a shliocht air) — tá sé cloíte snoite suaite ó ocras
Dhá mbeinnse ag fáil anó, dheamhan a dhath scrupaill a bheadh orm rud a ghoid — dhá mbeinn ag fáil ocrais, ní bheadh aon charghas orm rud a ghoid
Is beag ag an té atá in anó dubhní a dhéanamh — ní bhíonn aon scrupall ná aon charghas ar fhear ocrais dobeart ná drochghníomh a dhéanamh
Ní milleán ar bith air é, lá is go raibh sé ag fáil anó.
+
An t-angar agus an t-anó a chleacht sé chuile lá ariamh — ní bhíodh a sháith le n-ithe aige ariamh
Is mór a baineadh as a chleachta é. Anois tá sé ar anó — 'sé a chonaic an dá shaol: chleacht sé fuílleach, ach anois, tá sé ar a mhalrait
TUILLEADH (16) ▼
Ag scríobadh leis an anó is ag cur stuaim ar an nganntan atá sé ariamh — bhí sé i mbéal na gortan ariamh agus b'éigean dó tíobhas agus barainn a dhéanamh, agus an méid a bhíodh le n-ithe aige a chur chomh fada in Éirinn agus a d'fhéadfadh sé
Cailleadh é le anó — cailleadh é leis an ocras
Ní fhaca sé aon lá den anó ariamh go dtí anois fhéin — chleacht sé fuílleach ariamh go dtí an saol seo fhéin
'Sé an t-anó a thug bás dó
'Sé an t-anó an buachaill! — 'sé an t-anó atá in ann duine a lagadh. Tabhair faoi deara gur buachaill adeirtear le anó, ach cailín le imní
Ba cheart dó cleachtadh mhaith a bheith aige ar an anó agus a liachtaí uair ab éigean dó a dhul a chodladh ina throscadh.
Níor cheart go mbeadh suim ar bith aige san anó; tá an chleachtadh mhór aige air anois.
Is mór an tóir atá ag an anó ar an mbaile céanna tharas baile ar bith eile sa tír.
Ní fhaca muid ariamh acub ach anó agus ocras
Dheamhan an miste leis sin faoi anó daoine eile an fhad is atá rud aige féin.
Is beag ag na boic sin anó na mbocht.
Deirimse anó leat, ach is i mBaile Átha Cliath atá an t-anó — bí ag caint ar ocras, ach is i mBaile Átha Cliath atá an t-ocras agus an ganntan.
Tá an bhail sin air ó anó (le anó, de barr anó, in geall ar anó)
Faoi anó atá sé ón lá a rugadh é, ní dhá roinnt leis é.
Faoi anó agus faoi ocras atá sé ariamh
Má tá maith san anó, shaothraigh muid (fuair muid) a (ár) gceart di, ní ag ceasacht ar Dhia é.
+
Is mise a thóg as an anó é agus sin é mo bhuíochas anois — déarfadh duine seo nuair adéarfadh nó a dhéanfadh duine eile rud eicínt in t'aghaidh nár chomaoin dó
Is mé a choinnigh as an anó ariamh iad, ní dhá mhaíochtáil orthub é, agus is beag a bhreathnóidís siar orm anois — is mé a thug rud le n-ithe dóibh ariamh, agus nílim ina dhiaidh orthu, ach ní chuimhneoidís orm anois agus rud acu fhéin.
TUILLEADH (6) ▼
Rinne mé tarrtháil air nuair a bhí sé san anó agus is beag a mheas orm anois.
Tá sé as anó anois ó fuair sé an méid sin fóirithine — tá sé réidh leis an anó; ní bheidh anó air níos mó
'Sí an uachta a thug as anó é.
Tabharfaidh an t-airgead a fuair sé as Meiriceá ó anó é (deirtear freisin uaidh in áit ó go minic i nGaillimh .i. d'imigh sí uaidh na fear.)
Chaith sé fada go leor san (faoi) anó, ach tá sé aisti anois. Chonách sin air. Is fhearr éirí as ná titim ann.
Cuirfidh an cupla punt a d'éirigh leis an t-anó thairis — beidh riar an cháis aige sna cupla punt a fuair sé
+
Cáide an t-anó air? — cáide ar an ngannchuid, nó ag fáil ocrais é
Ná lig aon anó ort fhéin chúns bheas tú as baile — ná déan aon leathchuma ort fhéin; ná déan drochoineach ort fhéin; ná faigh ocras ná dócúl
TUILLEADH (6) ▼
Fuair tú amach é — an té a ligfeadh anó air fhéin — tá tú ag dhul amú faoin duine sin — ní bhfaigheadh sé sin aon ocras mar is soláthraí nó fáiteallach maith é, agus tá a éadan aige
Is beag an baol air siúd aon anó a ligean air fhéin chúns a bheadh tada le goid ná le fuadach.
Dhá bhfaigheadh sé le goid ná le fuadach é, ní bheadh aon anó air.
Sin é an t-anó eile air sin — níl aon anó ná angar air
Dheamhan anó air siúd, ná cuid d'anó
Ní bheidh anó ar bith air sin, deirimse leat — ní bhfaighidh sé ocras ná angar ar bith mar is togha fáiteallaigh é
·
Seán: Cén t-anó atá ort anois; Pádraic: Tá, anó an ocrais.
'Is cuma le bolg lán céard a dhéanfas anó an ocrais'; ní miste le subhach sách, céard a dhéanfas anó an ocrais (seanfhocla) — is beag ag an sách an seang
+
Fear anó anois é, go bhfiacha (bhféacha) Dia air! — fear ocrais é
Tá marú duine ar fhear anó — duine a bhfuil ocras air, is beag aige duine a mharú le beatha a fháil
TUILLEADH (3) ▼
Tá lucht anó ag saothrú an tsaoil anois — níl aon duine ná aon cheo le fóirithint a dhéanamh orthub
Deir siad go bhfuil go leor lucht anó (go bhfuil go leor ar anó) i mBaile Átha Cliath
As an anó a fáisceadh a leath sin — ní bhfuaireadar ariamh ná a muintir rompub ach ocras agus angar
b.
anó a dhéanamh ort fhéin: troscadh; gan bia a ithe; céalacan fada a dhéanamh, ag déanamh d'uireasa bídh. Déarfaí freisin é le duine a dhéanfadh éagóir ar bith ar a chorp, cuirim i gcás gan ingne a chos a bhearradh, go mbeidís ag ithe isteach sa bhfeoil, gan léine ghlan a chur air fhéin, gan leaba shócúlach a bheith aige srl. Anó a dhéanamh ar dhuine eile = gan beatha a thabhairt dó srl.
+
Rinne tú anó ort fhéin; thug tú anó duit fhéin — rinne tú éagóir ort féin; lig tú do bhéilí thar am
Is fear é atá ag déanamh anó air féin nó tá mise ag dhul amú go mór.
TUILLEADH (17) ▼
Is túisce a dhéanfadh sé anó air féin (is túisce a ligfeadh sé anó air fhéin; is túisce a thabharfadh sé anó dó féin) ná a scarfadh sé le pínn (ná a ligfeadh an phéisteántacht, an creagaireacht, an crás croí, an carghas srl. dó, pínn a chaitheamh) — throiscfeadh sé sula gcaithfeadh sé aon phínn
Is beag aige anó a dhéanamh air féin — ní chuireann sé suim ar bith i dtroscadh nó déanamh d'uireasa bidh
B'fhearr leis anó a dhéanamh air féin ná teangachtáil leis an sparán.
Is caillte an chaoi do dhuine anó a dhéanamh air fhéin scáth an beagán a chaitear ar bheatha.
Déanadh sé anó air fhéin más breá leis é! Is fearr leis an bóithreoireacht ná a theacht abhaile ag a bhéilí
Rinne sé anó air fhéin, leisce scaradh le pínn de, agus tá daoine eile ag tabhairt gaoithe dhó ina dhiaidh — bhí carghas air fhéin pínn a chaitheamh, go fiú is ar bheatha, agus é beo, agus anois tá daoine eile dhá chaitheamh go frasach théis a bháis
Rinne seisean anó air fhéin ag déanamh airgid agus tá a shó ag daoine eile anois — fuair seisean ocras ag soláthar airgid agus tá só an tsoláthair sin ag daoine eile anois.
Is maith an oidhe air an bhail atá air — fear ar bith a rinne anó air fhéin agus ar a chlainn le saint san airgead.
Níl aon duine ariamh dhá ndearna anó air fhéin agus rud aige, nach gcaithfí a chuid go spóirtiúil ina dhiaidh.
Ba bheag aige anó a dhéanamh air féin agus féacha a chlann anois imithe chun drabhláis — ní itheadh seisean a leathdhóthain le saint agus antlás, agus anois tá a chlann rabairneach frasach, agus tugtha don ól
Ní díol trua ar bith duine a dhéanfas anó air fhéin agus rud aige.
Níor ordaigh Dia do dhuine anó a dhéanamh air fhéin (cineál leathfhocal a bhíos de leithscéal ag lucht rabairne, nó daoine a bhíos mórthráthach.)
Sin é an ceann céanna nach ndéanfadh aon anó air féin.
B'éigean di anó a dhéanamh uirthi fhéin le greim a choinneáil lena cuid páistí.
Déanfaidh sí anó go maith ar an gcailín ach is beag an lua aici anó a dhéanamh uirthi fhéin — tá sí ag tabhairt ocrais don chailín ach níl sí ag tabhairt aon ocras di fhéin
An té a dhéanfas anó air fhéin as crás croí, ní mórán trua é — an té a thabharfas ocras dó fhéin le carghas a chuid a chaitheamh, ní trua ar bith é
'A chúim chait ar anó a mb'ainm dó géarcall; nó a bhriongláin de ghéagán a thitfeadh de chrann' (sliocht as amhrán le Colm a Bhailís, An Ceannaí. Sin ceann de na samhaileanna a thug sé dhó com cait a gheobhadh ocras)
+
Is mór an náire dhuit anó a dhéanamh ort fhéin mar sin nach gcuirfeadh léine ghlan ort féin.
Bhí tú ag déanamh an-shó ort fhéin ag obair agus an bhail sin a bheith ar do chois.
TUILLEADH (7) ▼
Bhí tú ag déanamh anó ar do chois nár bhearr tú na hingne sin.
Rinne tú anó ort féin a bheith ag siúl agus thú chomh cróilí sin.
Ba bheag an dochar duit anó a dhéanamh ort fhéin ag tógáil meáchan mar sin — ní iontas ar bith gur bhain tú stangadh asat fhéin (gur ghortaigh tú thú féin) ag crochadh meáchan.
Is suarach an t-ionadh é ag déanamh anó air fhéin agus é ar a tháirm ó mhaidin go faoithin — ní dhearna sé aon chónaí ach ag obair leis ó mhaidin go faoithin agus ní ionadh ar bith mar sin gur ghortaigh sé féin, nó gur oibrigh sé é féin thar a spreacadh.
Rinne sé anó air fhéin ag iompar ualaí — bhain sé stangadh as fhéin nó ghortaigh sé é fhéin.
Níorbh bheag dó a raibh d'anó air cheana agus gan tuilleadh anó a dhéanamh air fhéin — bhí sé sách dona cheana le éalang (sin nó bhí an saol ag gabháil dhá maidí air) agus gan é fhéin a bheith ina chiontsiocair le tuilleadh a chur air fhéin
Ní raibh call ar bith dhó anó a dhéanamh air fhéin — níor chall dó é fhéin a ghortú, nó ocras a thabhairt dó féin
3.
éalang, cithréim.
a.
+
Tá anó eicínt ar a chois — tá éalang ar a chois; níl úsáide a choise mar is ceart aige
Cá'il an t-anó air? — cá'il an t-éalang air
TUILLEADH (21) ▼
Tá anó agus éalang ar an duine bocht agus ní beag dó a dhonacht — tá sé sách dona ag an gcithréim atá air
Ní beag dhó a bhfuil d'anó air — úsáide a láimhe caillte lena ló aige
Tá anó air lena ló — beidh éalang air an fhad is a mhairfeas sé
Isteach anseo, faoina chorróig slán an tsamhail, atá an t-anó air.
Tá sé in anchaoi ag an anó atá air — fágann an t-anó in ainriocht é
Tinneas mo bhoilg an t-anó atá orm agus ní measa anó eile.
Ní chuirfí le táilliúireacht é murach anó a bheith air.
Dhá laghad anó dhá bhfuil air, is mór atá sé a mhilleadh faoi.
Agróidh Dia air é a láimh a thógáil ag créatúr a raibh anó air — bainfidh Dia sásamh dhe faoi rá is fear éalangach a bhualadh; foilseoidh Dia é féin air faoi dhul ag fiachadh ar fhear cithréimeach
Is air atá chuile anó más fíor dó fhéin — tá creatán agus cithréim agus éalang agus chaon tsórt air, agus bíonn sé i gcónaí ag casaoid agus ag fuasaoid
Tá chuile anó air dhá raibh ar aon fhear ariamh.
'Sé an feall a bhfuil d'anó uirthi, arae ba bhreá an bhean í.
Is beag í a dhíol oibre agus shílfeá nach lena bhfuil d'anó air é.
Tá an chois a bhfuil an t-anó uirthi ag dul roimhe i gcónaí — an chois éalangach atá aige, ní fhéadann sé aon cheart a bhaint di amantaí
Dhá mbeadh anó air faoi chéad, shílfeá nach taobh leis an oiread sin oibre a dhéanamh a bheadh sé.
Níl déantús maitheasa ar bith ann, murab é an t-anó atá air atá dhá dhéanamh dhó — níl aon rath ag obair leis, murab é an t-éalang atá air is ciontaí leis
'Sé is fearr ar bith agus a bhfuil d'anó air.
Bhí anó ar chuile dhuine den dream sin, ní dhá roinnt leob é.
Tá an láimh a bhfuil an t-anó uirthi as cumraíocht ar fad, ní ag fáil loicht ar ghnaithe Dé é!
Cáide an t-anó air?
Níorbh fhiú dhom a dhul ag fiachadh air agus an t-anó atá air — níorbh fhiú dom mo láimh a thógáil aige faoi rá is éalang a bheith air
+
Ar thug sé an t-anó as broinn leis? — an raibh an t-éalang air nuair a rugadh é
Is mór an míshlacht air an t-anó sin, dhá laghad é — is mór atá an t-éalang atá air — dhá laghad é — dhá chuir as a shlacht
TUILLEADH (4) ▼
Níor chás dó é a bheith taobh le anó faoi nár maraíodh uilig é.
Thiocfadh sé ón anó murach an tinneas a bhuail é — ní hé an t-éalang a bhí air a thug aon bhás dó ach tinneas eile a bhuail é.
Ní chuirfidh an méid sin anó aon cheo as go deo dhó — an t-éalang atá air, ní chuirfidh sé siar tada é ina ghnaithe ná ina chuid oibre
Is beag aige siúd anó na comharsan — ní chuireann éalang ná ainriocht na comharsan aon bhuaic ná aon imní air; is furasta leis codladh ar chneá duine eile
·
D'éirigh anó dó ina ghasúr agus tá úsáide a láimhe caillte ó shin aige — tá éalang air ó bhí sé ina ghasúr agus níl mórán sroichte sa láimh aige ó shin
Cár éirigh an t-anó dhó? — cá bhfuair sé an gortú? Cár donaíodh é?
b.
+
Is bocht an t-anó atá air; is bocht é a anó — droch anó é; anó caillte é; drochéalang é
Níl a fhios ag duine ar bith cá'il anó an duine eile — ní bhíonn a fhios ag aon duine cá'il an t-éalang ar an duine eile (nó cá luíonn an bhróig air)
TUILLEADH (1) ▼
A anó fhéin a bhíonns ag déanamh imní do chuile dhuine. (Sna trí shampla dheireanacha seo, ní móide gur éalang ná cithréim a bheadh i gceist. Déarfaí é le rud ar bith a ghoillfeadh ar dhuine)
+
Go dtuga Dia fóirithint (nó fuascailt) do chuile chréatúr a bhfuil anó air! — déarfaí é ag altú an bhídh oíche chinn bhliana nó nuair a bheifí ag cásamh donachta le duine nó a shamhail
Chuile dhuine agus a anó féin! — chuile dhuine agus a éalang féin; chuile dhuine agus a chúrsaí féin ag déanamh imní dhó. Déarfaí seo nuair a labharfaí ar dhuine eicínt a bhí ag casaoid nó a raibh dliteanas eicínt ag teacht trasna air a gcaithfeadh sé freastal dó
TUILLEADH (2) ▼
Ní bhíonn duine ar bith gan a anó féin — bíonn údar casaoide eicínt ag chuile dhuine; ní bhíonn duine ar bith gan imní eicínt a bheith air
Cá'il an té atá gan a anó féin
+
Fág le m'anó fhéin mé (adéarfadh duine le duine a bheadh ag spochadh as nó ag cur chaidéise air, nó ina éadan)
Fág lena n-anó féin iad — ná cuir araoid ná caidéis ar bith orthu; tá a sáith imní agus lear orthu fhéin cheana, agus ná bac thusa leob
TUILLEADH (6) ▼
Ba chóra duit é a fhágáil lena anó féin, agus gan ceist ar bith a chur air (ceist = caidéis; araoid; cur isteach ná amach)
Is mairg dhuit nár fhága lena anó féin é — ba cheart duit gan cur chuige ná uaidh
Mo chomhairle dhuit é a fhágáil lena anó fhéin.
Go gcuire Dia an rath (an t-ádh) ort agus fág i m'anó féin mé.
Diachta dhuit nár fhága lena anó féin é — bhí agat gan araoid ar bith a chur air.
'Fágfaidh mé lena n-anó féin sibh,' adeir Céatach le na hamhais (rá as Scéal Fiannaíochta — "Céatach Mhag Fhinn, Rí Éireann")
+
"Creidim gur éanacha beannaithe as ríocht m'athar féin agus mo mháthar sibhse ag teacht le cabhair agus ar cuairt chugamsa anocht nuair a chonaic sibh an t-anó orm" (Loinnir Mac Leabhair, lch 130) — ocras, angar, cruachás
Ní ligfidh mise anó ar bith ort — gheobhaidh tú do sháith le n-ithe agus le n-ól uaim agus beidh tú ar do sháimhín só ar chuile chaoi
TUILLEADH (1) ▼
Níor lig mise anó ar bith ar an gclainn sin an fhad is a d'fhanadar agam

anó in iontrálacha eile (50+)

 
Ba fearadh do sheandaoine an pinsean ar chaoi ar bith. Is iomaí seanduine a gheobhadh anó agus amhgar dhá uireasa. Ach ó thosaigh siad dhá fháil tá cion orthu deirimse leat
 
feart
A Dhia na bhfeart go dtuga tú fóirithint dúinn agus do chuile chréatúr eile a bhfuil an t-anó air!
 
Má tá Dia thuas foilseoidh sé é fhéin ar an bhfear sin faoin anó a lig sé ar a athair agus ar a mháthair.
 
Níl mórán ag fortabháil air, arae níl sac ná mac ná muirín aige, agus dhá mbeadh, sin iad a bheadh ar anó!
+
fág
Fág é sin lena anó fhéin — ná cuir aon araoid air; tá a dhóthain air cheana
TUILLEADH (2) ▼
Nach breá nach bhfágfadh sibh le m'anó féin mé, agus gan a bheith ag spochadh liom
Is ceart duine den tsórt sin a fhágáil lena anó fhéin, agus gan cur chuige ná uaidh
 
fáir
Scríobhadh aige (chuige) tá mí ó shin, ach níor frítheadh fáir ná freagra uaidh ó shin. Murach gur anó eicínt atá air scríobhfadh sé feasta. Ní raibh an oiread seo moille ariamh air
 
Bhí cláirseach de chailligh mhóir gróigthe sa gclúid ar m'aghaidh agus chaon osna aici. Shílfeá gurb uirthi a bhí anó an tsaoil, agus chloisfeadh sí an damhán alla ag corraí ina dhiaidh sin.
 
Tá sí in aon choinicéar amháin ansiúd ar an teallach agus is uirthi atá chuile anó más fíor di fhéin, ach is beag an chlóic atá uirthi ina dhiaidh sin.
+
Má théimse ag déanamh comaoine, dar príosta, is do mo chomharsa é. Is fada uaimse fear Mh. lá an anó.
TUILLEADH (1) ▼
Ní comaoin duit gan a dhul chomh fada léithe agus bás a fir a chásamh léithe. Ba mhaith í fhéin lá an anó.
 
Níor thaobhaigh sé i ngan fhios ná i gcomhfhios í anois le bliain. Ach deir siad go bhfuil sé thar bharr a chéile ina diaidh i gcónaí. Níor mhaith liom a anó bheith orm. Drochbhodach é a hathair.
+
Dhá mba fear bóthair is bealaigh é, ba chuma airgead aige ná uaidh, ní fheicfeadh sé aon anó. Bhí sé chomh maith don strainséara nach bhfaca sé ariamh agus a bhí sé don chomharsa. Agus bhí a shliocht air: tháinig an saol bruíonach ar a shochraide.
TUILLEADH (4) ▼
Déan do bhealach agus fág an créatúr sin lena anó fhéin.
Dhá mbeadh sé as bealach faoi chéad, thiocfainn a chúnamh dhó, mar ní fheicfeadh sé fhéin aon anó ar dhuine — dhá mbeadh sé chomh contráilte, chomh ciontach, agus a d'fhéadfadh duine a bheith, thiocfainn a chúnamh dhó, mar thiocfadh sé fhéin a chúnamh do dhuine a d'fheicfeadh sé dhá bhualadh.
Ní bealach maith é sin le duine ar bith a bheith ag ithe agus ag gearradh ar a chomharsa. Cé atá agat ach do chomharsa lá an anó?
Ní dhúnfadh sé a shúile ar dhuine agus feiceadh sé an t-anó air, ach tá an bealach eile leis mar sin fhéin. Tá sé ag baint a dhá luach amach ar chuile mhíle ní dhá bhfuil istigh ina shiopa.
 
beo 2
Hé brí céard a dhéanfas tú leis an mbeo, lig de na mairbh; abair do rogha rud leis an mbeo, ach fág na mairbh lena n-anó féin.
 
bocht 1
Is bocht an bealach atá le duine ar bith nach dtaobhóidh a chomharsa lá an anó
 
bocht 2
Gheobhaidh boicht anó, mura bhfuil ag Dia.
 
breá
Is gearr ó bhí siad in árachaigh a chéile, agus nach breá go raibh siad mór le chéile chomh luath agus a tháinig an t-anó orthub.
 
agair
Nach bhfuil a fhios agat go maith gur agraigh Dia ar dhuine anó mar sin a ligean air fhéin — tús na breithe ag mac Dé.
 
Baol ar an mbrúisc bhradach sin a theacht chomh fada le aon duine lá an anó.
 
Is ort atá chuile anó más fíor dhuit fhéin. Caithfear buadán a chur ar do chois, agus méaróg ar do láimh. Céard eile a theastaíonns uait? — gasúr goilliúnach
 
ailleog 1
Bhí a fhios agam go mba fear in anó é, mar d'aithin mé a ailleog.
 
Ainneoin a liachtaí uair agus a mhaslaigh sí mé le bliain, ní fhéadfainn gan seasamh istigh aici agus an t-anó uirthi.
 
aire
Is beag an trua é faoi anó a bheith air anois, nuair nár thug sé aire dhá chuid agus é aige.
+
airigh
'Ní airíonn subhach sách anó an ocrais' (seanfhocal)
TUILLEADH (2) ▼
Dhá n-airínn aon anó air, ní fhágfainn ar deireadh é — dhá mbeadh a fhios agam go mbeadh sé i gcontúirt nó in anachain ar bith, thiocfainn de chabhair air.
Murach go n-airíonn sé anó ormsa, ní bheadh baol ina chraiceann air achrann a tharraingt ar mo shráid — murach go bhfuil a fhios aige go bhfuil donacht nó lagar nó éalang ormsa, is fada go dtiocfadh sé i gcleithiúnas troid a chur ar siúl ar mo shráid.
+
amach
Is beag an mhaith gaolta i bhfad amach lá an anó.
TUILLEADH (1) ▼
Is fada amach uaim a bheas siad sin nuair a thiocfas an t-anó
 
'Sé pinsean na seandaoine an rud is fhearr a ligeadh amach ar an tír ariamh, mar is iomaí seanduine a gheobhadh anó dhá uireasa.
 
Tá anó ar dhuine ar bith nach bhfuil in ann an seachadadh amach a dhéanamh feasta.
 
feoil
Faigheann sí gríscíní feola. Níl anó ar bith uirthi
 
Fionn 1
B'ait iad na seanfhondúirí go ndéana Dia maith orthu! Bhuailidís greasáil ar a chéile scaití nuair a bheadh braoinín ar bord acu, ach ní bheadh aon chuimhne air lá arna mhárach. Dheamhan gangaide ná aicis a bhí iontu. Bhí siad go maith lá an anó. Á, is cóir adeir siad, gur imigh Fionn agus na Fianna
 
folamh 1
"Ní aithníonn súch sách bolg folamh (anó an ocrais)"
 
imní
Ní bhíonn an imní gan a hanó fhéin — nuair a bhíos imní ar dhuine, ní bhíonn sé ar a chóir féin: ní fhéadann sé tada a dhéanamh, beatha a chaitheamh agus dá réir sin
 
D'fhreastail siad don teach seo nuair a bhí an t-anó ann agus sé an rud is lú dúinne anois an chomaoin a chúiteamh leo.
 
daigh
Ara tá an oiread banráin aici anocht agus nach bhféadfadh duine fanacht ina gaire chor ar bith. Tá an daigh ghoile sin léithe aríst; agus deir sí féin go bhfuil coiliceam agus altraid chroí agus chuile anó uirthi ina aice sin
 
Bíonn sí ag síor-rá léithe mar sin, ach a chead sin a bheith aici. Is duine an-dea-chroíúil ina dhiaidh sin í. Beidh sí agat lá an anó ar chaoi ar bith
 
Bíonn fuasaoid mhór uirthi ar an aimsir seo: scoilteachaí, coiliceam, altraid chroí, agus cá'il an t-anó nach mbíonn uirthi. Ach caithfidh chuile dhuine deachma na sláinte a íoc. Deirimse leatsa dhá mba í an Inid a bheadh ann agus caint ar chorrstarróg a bheith ag corraí, go mba bheag an éagaoineadh a bheadh uirthi, ach í ina suí suas ansiúd agus gob uirthi féint a gcloisfeadh sí aon chlascairt ag teacht ag iarraidh na hiníne. Sin í an ceann céanna — hé brí céard a bheas uirthi — nach ligfidh aon lúib síos ina gnaithí
+
diaidh
Nach diabhaltaí atá an ghaisce ina dhiaidh i gcónaí. Tá muis, agus beidh. Ní bheadh sé beo mura mbeadh an áibhéil bheag sin aige. Ach dheamhan dochar ann thairis. Duine soilíosach é lá an anó
TUILLEADH (1) ▼
Ná déan. Fág lena anó féin é. Ní beag dhó a bhfuil air. Má thugann tú aon iarraidh dhó, b'fhéidir gur caitheamh ina dhiaidh a bheadh agat aríst.
 
Bhí diomdha an domhain air má b'fhíor dó féin, nach bhfuair sé scéala faoin tseanbhean go dteagadh sé ar an tsochraide. Ach bhí sochraide dlite dhó anseo cheana agus ba bheag an lua a bhí aige a theacht ann. Dar príosta muise, ní ag amhdú an oilc é, ní thaobhóidh muid é má bhíonn an t-anó air fhéin
 
Mo choinsias is dar m'anam anois mura n-éirí tú as do chuid diúgaireachta beidh scéal agat air. Níor tháinig iamh ar do bhéal ó thráthnóna ach ar an gceird sin, pébí cén sórt anó atá chor ar bith ort. Ach ní anó ar bith atá ort ach neart ábhailleachta agus stuacaíl. Má fhaighimse slat mhaith ghéar agus leagan ort an fhad is a gheobhas mé teas in do chraiceann, b'fhéidir go mbréagfadh sin thú. Mura mbréaga, múinfidh sé thú
 
dlúth 1
Má tá sé gnaíúil féin, tá sé mar atá dlúth agus inneach ann. Ní fhéadfadh sé a bheith ar a athrú de chaoi agus a theacht ó mhuintir Thuathaláin. Níor lig Máire Ní Thuathaláin aon duine amach as a teach ariamh agus anó air, agus diabhal tada dhá thaise a bhí ag a fear L. Mh. ach oiread. Agus bhí Dia buíoch dóibh. Choinnigh sé rud leo ariamh
 
Is beag an mhaith dhomsa dlúthghaolta lá an anó. Is fada uaim a bheas siad an lá sin. Má bhíonn rud agat, ar do chomharsa atá agat comaoin a chur ar an gcéad iarraidh. Bíonn duine as tuilleamaí gaolta, ach ní bheidh sé as tuilleamaí na comharsan go deo
 
Tá an doicheall uirthi. Sin é an rud atá uirthi, agus ar chuile dhuine dár bhain léithe. Bhí neart dó (de) iontu sin ariamh. Ach fág iad lena n-anó féin. Ní beag dhóibh rud dá bhfuil orthu. Diabhal é muis