Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

bróg (50+)

 
fara
Diabhal maith sna bróga sin níos mó. Caith ar an bhfara iad. Beidh duine ar bith thart muise cheal bróg a ghabhfas dhá gcur sin air fhéin
 
fios
Breá nach mbeadh fios do ghnaithe agat thairis sin. A dhul ag tabhairt tairní cruife capaill leat nuair a bhí agat tairní cruife bróg a thabhairt leat. Tá tú in do cheann ar bior
 
focal
Dúirt sé liomsa go raibh sé le bróga a fháil go gairid, fiche péire nó mar sin, agus chuir mé focal ar phéire — dúirt mé leis péire a choinneáil dom agus go gceannóinn iad nuair a gheobhadh sé iad
 
Tá mo bhróga fraighfhliuch (fc. fraigh)
 
Is iontach an lear frogaisí atá sa seomra siúd aici. Is seomra ordnáilte é. Ní ligfeadh sí isteach ann thú gan do bhróga a bhaint dhíot!
 
Fágfaidh na bróga léasrachaí ar na cosa agat
 
M'anam go bhfeicfidh tú nach mbeidh B. tada siar leis. Íocfaidh duine eicínt an féarach. Airgead na n-óinseach, adeir siad, a choinníos bróga ar bhean an phíobaire. Má chuaigh sí sin faoi chostas óil, bainfidh sí siar as duine eicínt eile é. Beidh sí gnóiteach leis, creid mise dhuit ann
 
Tá cairín breá rite aige siúd le aghaidh na bróige!
 
Bean i dteannta í muis, má bheireann na caothachaí báite siúd ar na leithscéil de bhróga atá uirthi. Cén bhrí ach na sála corracha atá orthu. Iontóidh sí orthub ar an gcéad tulchán a chasfas léithe.
 
ceal 1
Is fadó an lá a chuirfinn tosaigh ar na bróga sin, murach cheal gan fad méire de cheap agam le tada a dhéanamh.
 
Tá Dia go maith faoi thrócaire ceart go leor, ach ní fhaightear bróga gan airgead. Muran dúil le duine fhéin maith eicínt a chur air fhéin, ní fhéadfadh Dia ná duine é a dhéanamh dhó. D'ordaigh cinnire cúnamh, bíodh a fhios agat.
 
coirt
De choirt crainn a déantar bróga mar sin adeir siad — rúsc, craiceann (annamh)
 
Is minic le lucht na dtamhnach sin a bheith cosnochtaithe. Dheamhan bróg a bhíonns orthub sin leath na gcuarta. Cén ghnaithe a bheadh de bhróga acub ag spágáil thrí phuiteachaí.
 
baorsa
"D'éirigh hAirt le buile is le baorsa; Agus níor fhan sé fad staire gur fhiafraigh sé dhíomsa; 'B'fhéidir gur spailpín as Contae na Mí thú; A ghoidfeadh mo chóta, mo bhróga is mo bhríste'; Agus ochón!" (as hAirt Ó Ceallaigh — Amhrán a bhfuil eolas maith air faoi Chonamara, ach a mbraithfeá Ultachas ann)
+
Chuireadh muid buadáin fadó ar na bróga, aimsir sheaca — súgáin thuí, píosa mhálaí, nó rud ar bith ba thúisce againn. Choinneoidís ó sciorradh thú ar an leic oighre.
TUILLEADH (4) ▼
Dhá gcuirtheása buadán ar do bhróga, mise i mbannaí nach sciorrfá.
Tá an bóthar chomh sleamhain le gloine, arae tá sé faoi reothalach as éadan. Más leat a dhul i gcoinne fataí, níor mhiste dhuit buadán a chur ar do bhróga nó bascfar thú ar na leacrachaí siúd.
Ar an dá luath agus a gcaithfidh sé glasrú (glasreo) ar bith seaca, buailfidh sé suas buadáin ar na bróga. Ach ar ndóigh ní mór dhó sin, agus chomh tromchosach místuama agus atá sé ar na boinn.
Ní leagfar é siúd, má dhéanann buadáin dó é. Tá trí nó ceathair de strácaí casta ar a chuid bróga aige.
 
Thóg na bróga nua léasrachaí ar mo shála agus tá mé buailte suas sa siúl ar fad le seachtain — níor fhan aon tsiúl agam le seachtain.
 
Is beag an bhuanadas na bróga seo. Níl díon deor iontub cheana scáth an t-achar agam iad.
+
buinne 1
Má thugann tú an bhróig sin chuig an ngréasaí, cuirfidh sé buinne isteach ansin duit a líonfas suas é. 'Sé an trua na bróga sin a ligean i léig, arae tá uachtair mhaithe orthub fós.
TUILLEADH (1) ▼
Dheamhan díon deor sna bróga seo ó cuireadh tosaigh orthub go háirid. Is beag an mhaith tosaigh a chur ar a leithidí, má bhíonn na boinn scartha chor ar bith. Níor mhór buinníochaí a chur iontub ina aice sin.
 
"D'éirigh mé ar maidin agus chuaigh mé 'na aonaigh mhóir; Ag díol agus ag ceannacht mar a chuaigh na seacht sinsir romham; Casadh bean ar an mbealach liom agus chuamar le chéile ag ól; Agus ní ag comhaireamh na hanachain é, d'ólamar luach na mbróg" (an chéad cheathrú de Táilliúr an Mhagaidh mar atá sé ag Beairtle Rua Ó Flaithbheartaigh, Camas, ach ní san amhrán sin a bhíos sí i gcónaí)
+
Chuir sé athrú bróg air fhéin srl. — malrait bróg
TUILLEADH (1) ▼
Fágfaidh mé orm na bróga seo, mar dheamhan a n-athrú agam
 
An bhfuil caint ar bith go dtiocfaidh bróga anuas aon cheo go gairid, mar is géar a theastódh péire maith uaim leis an ngeimhreadh seo a bharraíocht.
+
Fionn 1
Le sioc tús oíche a dhíol Fionn na bróga (agus le sioc deireadh oíche a cheannaigh sé aríst iad) — ní buan é an sioc tús oíche; má shiocann sé tús oíche beidh báisteach ann roimhe mhaidin. Bhí a fhios ag Fionn nach mbeadh gá le na bróga aige agus sioc tús oíche a bheith ann, ach leis an sioc deireadh oíche, thuigfeadh sé go raibh an aimsir ag dul ar chruas
TUILLEADH (3) ▼
Caithfidh sé tuairt roimhe mhaidin. Is furasta a aithinte air é. Sioc tús oíche i gcónaí. Le sioc tús oíche a dhíol Fionn na bróga
Le sioc tús oíche a dhíol Fionn na bróga agus le sioc deireadh oíche a cheannaigh sé aríst iad. Sin é a fhearacht ag an oíche anocht é. Tiocfaidh sé ina bháistigh. Bhí glaisriú seaca caite aige anocht shula ndeachaigh an ghrian faoi. Tá sé ar a táirm fós, ach m'anam gur ag sioc as smúit atá sé anois. Smúit bháistí í sin. Níl oiread agus an réalt ar an aer.
Is aisteach na goití atá an aimsir seo a chur di fhéin. Níl oíche ar bith nach mbíonn sioc ann in ucht am suipéir agus báisteach as sin go maidin. Tá sé amhlaidh aríst anocht. Chomh siúráilte leis an saol déanfaidh sé scaird eicínt anocht aríst. Ar ndóigh le sioc tús oíche a dhíol Fionn na bróga. Ní raibh néal ar bith air. Bhí a fhios aige nach cruas a bhí air
 
Tá fraighfhliuchas beag in mo bhróga. Nach dona iad agus gan iad ach mí ceannaithe, agus mo cheithre leota puint a leagan amach orthu!
 
Duine fóinteach é B. le bheith ag airneán agat. Deasóidh sé bróga agus ciseoga, agus más iad na stocaí fhéin iad, meas tú nach bhfuil sé in ann lúib a thógáil orthu.
+
Tá na bróga ag ligean isteach — tá siad ag déanamh uisce
TUILLEADH (1) ▼
Níl deoir amuigh ná bhfuil ligthe isteach ag na bróga seo — níl déanamh deor iontub
+
Íochtar na bróige — bonn na bróige
TUILLEADH (2) ▼
Tá na híochtair caite ar mo chuid bróg — na boinn
Bhí na híochtair is measa a chonaic mé ariamh ar na bróga sin
 
Tá na bróga seo rófhairsing dom, agus shíl mé gur róchúng a bheidís
 
fiú
Is beag is fiú mo phunt ach a mbeidh tosaigh bróg ceannaithe as — is punt sportha a bheas ann
+
folach 2
Dheamhan tiomanta folach (stiall) de mo bhróga le chéile anois. Ba dona iad agus ar tharraing siad d'airgead
TUILLEADH (1) ▼
Tá mé gan folach bróige ná stoca — coisfirt ar bith
 
fáisc
Ní mór dhuit iall do bhróige a fháscadh
 
feasta
Tá tú gan bróga feasta choíchin? Agus gur gearr go dtosaí tú ag cúirtéireacht. Gabh abhaile agus abair go ndó tú an teach mura gcuire siad péire bróg ort!
+
feire
Sin é an buille! Níl a fhios agam an féidir aon chaoi a chur uirthi. Tá an feire caite (bróig). Bróga ar bith a mbeidh na feirí caite iontu, tá siad ó chaoi. Mura dtugtá ag gréasaí í. Bíonn sceana feirí agus deiseannaí aigesean …
TUILLEADH (1) ▼
Ná bac le bróga an tsaoil seo. Ní fiú trumpa gan teanga iad. Imeacht ó na feiríochaí a níos siad ar fad
 
Tá mé caillte ag na bróga seo leis an bhfuaireacht atá iontu. Dheamhan a fhios agam nach bhfuil siad ag ligean isteach dhá laghad an t-achar agam iad
 
Tá fuarlach ar an mbóithrín anseo thíos. B'éigean dom timpeall a chur orm fhéin siar an garraí le theacht abhaile, arae níl díon deoir in mo bhróga
 
Tá mé damnaithe ag bróga cúnga atá do mo thógáil. Tá léas tógtha acu ar chaon laidhricín liom, agus ní mó ná go bhfuil siúl an bhealaigh ionam acu. Ach is ceart do na daoine a bheith buíoch agus a bhfáil mar sin féin agus chomh gann agus atá siad ar ala na huaire
 
daor 2
Tá siad ag iarraidh é a dhaoradh. Is maith an oidhe sin ar an ruifíneach, má tá i ndán is gur thug sé droch-chor dhá bhean. Níor mhaith liom a bheith ina bhróga anois. Tá sé i ndroch-arán