Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

bromach (14)

 
Bhí duine againn ar chaon stuaicín agus beirt chinnirí ina cloigeann agus ba é díol an diabhail é dá mbeadh bromach capaill in ann rith ar an méid sin. (capall a cuireadh faoi charr den chéad uair)
 
beo 2
A Thiarna, nach diabhlaí beag an tsuim atá ina bheo ná ina mharbh ag an ngasúr sin, a dhul ag marcaíocht ar an mbromach agus gan fhios aige nach tosaí ar gabháil dá tóin in airde a dhéanfadh sí agus é a chaitheamh anuas.
 
broim
Ar ín ar éigean a cheansaigh muid an bromach chor ar bith an chéad lá a bhfaca sí an steamroller
 
amach
Ná corraigh do chois thar baile amach ag iarraidh bromaigh mar tá údar maith capaill ag P. Mh. ansin thíos.
 
Tá mé ag iarraidh bromaigh a dhéanamh amach in áit eicínt agus é ag cinniúint orm.
 
Ní leagfadh an bromach fiacail ar na fataí — ní leagfadh sé pus orthu
 
deas 1
Ba deas spéiriúil an bromach a bhí ansin an lá ar cheannaigh sé é
 
Sílim go ndiúltóidh an fear seo thiar na capaill ar fad uaidh seo amach. Rith an bromach air an lá faoi dheireadh ag teacht ón gceardcha, agus tá scáth air a cur faoi charr ar bith anois. Déarfá gur mó an bhrath atá aige a díol ar fad. Bhí sé ag rá inné go raibh caiple thrí lasadh ar an aonach cheana …
 
Ní cheannóidh mé aon chapall ar chaoi ar bith, hé brí céard a dhéanfas mé le bromach (a cheannacht) — b'fhéidir go gceannóinn bromach
 
Cén chaoi a ndearna sí díchúis dom? Breathnaigh ar a comhaois de bhromach: é sin thiar ag M. Dhá bhfaighteása breith is dá roghain ar an bpéire, cé acu a thógfá? … Ceann M. deile. Agus ansin déarfaidh tú nach ndearna mo cheannsa díchúis orm féin
+
díol 1
Bhí an-díol ar bhromaigh ar aonach na Gaillimhe.
TUILLEADH (1) ▼
Díol na mBromach — cleas (fc. bromach)
 
díol 2
Chuaigh sé ag déanamh ball séire ormsa oíche anseo a ndeachaigh sé thart deireanach. Bhí seanasal dubh agam an uair sin agus é thiar ansin thiar i ngarraí an bhóthair. Bhí seanasal eile ag J. Th. sa ngarraí ó thuaidh. Sheol sé anuas é agus isteach in mo gharraíse agus deir tú le céard a rinne sé, ach driobaill an dá asal a cheangal dhá chéile le píosa róipín. Murach gur éirigh le na hasail a bheith an-tsean agus an-tsocair, diabhal mé go mbeadh an dá dhrioball tarraingthe amach ón dúid acu as a chéile ar maidin, mar chuir sé an ceangal cráite orthu. D'fhan mar sin go ceann seachtaine agus siar liom féin oíche agus níor chónaigh mé ariamh gur thug mé a chapall amach glan as an ngarraí, agus as go brách liom gur fhága mé thuas in éindí le na caiple féaraigh ar chuid M. Ph. í. Rug mé ar bhromach réidh go leor, agus as go brách liom anuas aríst gur fhága mé istigh thiar sa ngarraí aige é, an áit a raibh an capall. 'Bailíodh leat,' anois arsa mise. Bhí cupla uair lae ann feadh is mé a bheith sa mbaile. Ba é déanamh an mhagaidh díol an mhagaidh an mhaidin sin ar chaoi ar bith
 
Tá sé ag dul lena bhromach in ascar