Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

bromach (8)

 
Ní cheannóidh mé aon-chapall ar chaoi ar bith hé brí céard a dhéanfas mé le bromach (a cheannacht) = b'fhéidir go gceannóinn bromach
 
deas 1
Ba deas spéiriúil an bromach a bhí annsin an lá ar cheannuigh sé é
 
Cé'n chaoi a ndearna sí dí-chúis dom? Breathnuigh ar a comh-aois de bhromach: é sin thiar ag M. Dhá bhfaighteá-sa breith agus dá roghain ar an bpéire, cé aca a thóigfeá? … Ceann M. d'eile. Agus annsin déarfaidh tú nach ndearna mo cheann-sa dí-chúis orm féin
+
díol 1
Bhí an-díol ar bhromaigh ar aonach na G.
TUILLEADH (1) ▼
"Díol na mBromach — cleas (fc. bromach)
 
díol 2
Chuaidh sé ag déanamh ballséire orm-sa oíche annseo, a ndeacha sé thart deireannach. Bhí sean-asal dubh agam an uair sin agus é thiar annsin thiar ingarrdha an bhóthair. Bhí sean-asal eile ag J. Th. ins an ngarrdha ó thuaidh. Sheol sé anuas é agus isteach in mo gharrdha-sa agus deir tú le céard a rinne sé, ach driobaill an dá asal a cheangal dhá chéile le píosa róipín. Marach gur eirigh lena h-asail a bheith an-tsean agus an-tsocair, diabhal mé go mbeadh an dá dhrioball tarraingthe amach ó'n dúid aca as a chéile ar maidin, mar chuir sé an ceangal cráidhte orra. D'fhan mar sin go ceann seachtaine agus siar liom féin oíche agus níor chomhnuigh mé ariamh gur thug mé a chapall amach glan as an ngarrdha, agus as go bráth liom gur fhága mé thuas in éindigh le na caiple féaraigh ar chuid M. Ph. í. Rug mé ar bhromach réidh go leor, agus as go bráth liom anuas aríst gur fhága mé istigh thiar ins an ngarrdha aige [é], an áit a raibh an capall. "Bailigheadh leat" anois arsa mise. Bhí cupla uair lae ann, feadh agus mé a bheith ins an mbaile. Ba é déanamh an mhagaidh díol an mhagaidh an mhaidin sin ar chaoi ar bith
 
Sílim go ndiúltóchaidh an fear seo thiar na capaill ar fad uaidh seo amach. Rith an bromach air an lá faoi dheireadh ag teacht ó'n gceardcha, agus tá scáth air a cur faoi charr ar bith anois. Déarfá gur mó an bhrath atá aige a díol ar fad. Bhí sé ag rádh indé go raibh caiple thrídh lasadh ar an aonach cheana …
 
Tá sé ag dul len a bhromach in ascar