Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

buarach (6)

 
istigh
Tá an bhuarach bháis (tá an tseamair Mhuire, tá ara an ghrá, tá mámh níos fhearr ná an cíonán aige srl.) más leis a dhul taobh istigh de Thomás — tá bua mór aige má chaitheann sí Tomás i gcártaí agus má thugann sí roghain dósan ina leaba
 
Dodaire de bhó í. Tá dhá chuid dhá cuid bainne ag dul amú de bharr go ndóirteann sí i gcónaí é. Slabhra nár mhór di in ómós buaraí. Ní choinneodh tada eile í
+
Má théann sí chun dodaíola ort, ná bac leis an mbuarach ach buail cupla cniogaide aniar ar an dromán uirthi agus b'fhéidir go gcuirfeadh sin chun míneadais í. Mura gcuire, fág ansin í go tráthnóna gan tada le n-ithe, agus b'fhéidir go múinfeadh an t-ocras í
TUILLEADH (2) ▼
Bhí dubhdhodaíl uirthi anocht. Thug sí cic don tsoitheach agus chuir sí in aer é. B'éigean dom an bhuarach a chur uirthi ansin nó ní fhéadfainn striog a thabhairt uaithi. Is cailín críochnaithe í
Nach diabhlaí an dodaíl a bhíos orthu thar is beithígh na tíre. Feicimse ar fud an bhaile iad agus dheamhan cruóg buarach a bhí ariamh dóibh. Bíonn a gcuid beithíoch breá sásta i gcónaí. Ach ní choinneodh R. na rópaí bhuaraigh leis an teach seo
 
dod
Thosaigh an bhó ag gabháil le dod, agus ní bhlífinn deoir bhainne uaithi murach gur fháisc mé buarach uirthi