Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
caolóid riabhach, caológ riabhach
ainmfhocal
leannán na cuaiche; éinín beag mar a bheadh meantán ann a bhíos i dteannta na cuaiche, nó ina diaidh.
a.
+
Bíonn an chaolóid (chaológ) riabhach i gcónaí i ndiaidh na cuaiche.
Dheamhan ar chuala mise ariamh go ndéanann an chaológ riabhach aon mhaith don chuaich ach go mbíonn sí ina bail i chuile áit.
TUILLEADH (3) ▼
Uair annamh nach bhfeicfeá an chaológ riabhach dá coimhdeacht (ag coimhdeacht na cuaiche)
Ní fhágann an chaolóid riabhach an chuach chor ar bith, ach dhá tíolacan, agus ag soláthar di. Níl a fhios agam féin an ndéanann sí imirce léithe amach faoi na tíre (tíortha, tíríochaí) coimhthíocha nó nach ndéanann. Feictear dhom nach bhfaca mé ariamh í, ach nuair a bheadh an chuach ann.
'Sí an chaolóid riabhach an fear fobhairne atá ag an gcuaich (éan coimhdeachta nó treoraithe nó cuidithe)
+
Ní fhágann sé M. chor ar bith, ach an oiread is fháganns an chaolóid riabhach an chuach. Is maith atá sé dhá saothrú an duine bocht agus ní móide gur fiú an tairbhe an trioblóid (fear a bhí ag caitheamh a bhróga le bean).
Ó an chaolóid riabhach i ndiaidh na cuaiche, sin é an chaoi a bhfuil sí sin leis
TUILLEADH (3) ▼
Dheamhan samhail atá le tabhairt di fhéin agus don tseanbhean anois, ach an chaolóid riabhach agus an chuach. Ach m'anam nach ar mhaithe leis an tseanbhean atá C. ag cothú na coise aici, ach féint a n-éireodh brabach ná solamar ar bith léithe.
Céard atá an geoisteamán sin a dhéanamh soir an ea! Muise nach dall an mhaise dhuit é. An bhfaca tú an chuach ariamh gan an chaológ riabhach a fheiceáil ina searrach i ndiaidh gearráin ina diaidh aniar? Agus dheamhan blas í ach ag magadh — ag deargmhagadh — faoi.
Tá S. anois mar a bheadh an chaolóid riabhach i ndiaidh na cuaiche. Dheamhan gair ag an D. a chois a chur amach as an teach, nach bhfuil sí imithe dhá shiúl ionsaí ina dhiaidh. Agus mura bhfuil mearbhall mór ormsa, dheamhan gnaoi ar bith ag an D. uirthi.
b.
·
Tá P. Sh. Dh. imithe siar. Is gearr go bhfeice tú an chaolóid riabhach anois anoir ina dhiaidh. Ní dhéanfadh sé aon tsuaimhneas thoir gan a bheith ina chomhluadar.

Féach freisin