caomhúint
—ainmfhocal, baininscneach.
1.
teitheadh; i bhfolach; a bheith faoi rún maith; a bheith ag imeacht i ngan fhios don dlí.
+–
Tá sé ar a chaomhúint — ar a theitheadh.
Go bhfóire Dia anois air muis, más ag imeacht ar a chaomhúint mar sin atá sé. I ngan fhios don dlí is cóir a bheith ann.
TUILLEADH (5) ▼
Tháinig fear isteach anseo fadó, agus chaith sé oíche ann — oíche dheannachtach freisin! — fear a bhí ar a chaomhúint. Tiarna nó stíobhard a mharaigh sé thart síos agus b'éigean dó greadadh leis ar an toirt, nó dhá bhfaightí greim air, bhí a chosa nite. Soir i mbarr an chriathraigh go dtí L. a bhris sé as seo.
Nuair a bhí na buachaillí báire eile sin in ainm is a bheith ar a gcaomhúint, bhánaigh siad na tamhnachaí sin fré chéile. Dúirt P. D. liom gur mhinic ab éigean dó éirí dhá leaba san oíche le duine acub a ligean isteach inti. Deirimse leat gur beag é a bhuíochas anois, ainneoin ar chaith sé orthub.
Shílfeá go mba chosúil é le fear a bheadh ar a chaomhúint. Dheamhan fonn ar bith a bhí air aon duine a thaobhachtáil agus dhá bhfeiceadh sé aon duine ag teacht, d'imeodh sé as an mbealach. Duine é a tháinig as cathadh eicínt dhá mbeadh an saol ag caint.
Chuaigh fear thart anseo an bhliain cheana agus é gléasta mar a bheadh tincéara ann. Ar a chaomhúint a bhí sé i ngeall ar bhean bhocht eicínt a robáil agus a mharú thart síos. Dheamhan duine beo nach gcuirfeadh sé dalladh púicín air. Siar faoi Chonamara in áit eicínt a rugthas air as a dheireadh agus cuireadh príosúntacht lena ló air. Má cuireadh fhéin, ba mhaith an oidhe sin air, ná ar aon duine eile a dhéanfadh a leithide de chleas.
Is iomaí fear maith a mb'éigean dó seal a chaitheamh ar a chaomhúint. Ní fáth náire ar bith é sin, mura mbí coir thútach déanta agat.
2.
foscadh; a bheith rúnmhar; gan fios do ghnaithe ná do chúrsaí a thabhairt d'aon duine.
+–
Níl caomhúint ar bith ionat — níl foscadh ar bith ionat; níl tú in ann rún ar bith a choinneáil; insíonn tú a gcloiseann tú; a bheith béalráiteach
A thiarna is beag an chaomhúint thú, má tá i ndán is gur inis tú an méid sin don laisceach bhradach sin, théis gur chuir mé seacht bpearúl ort gan caintiú air.
TUILLEADH (8) ▼
Dheamhan gnaithe agat tada a mbeidh aon chás agat ann a inseacht dó sin, arae níl caomhúint ar bith ann. D'inseodh sé an rud ba mheasa leat beo don té nach bhfaca sé ariamh.
Fuair tú amach muis, an té a mbeadh caomhúint ann. Nach bhfuil a fhios agat nach mbeadh sé sin beo gan a bheith ag cíble cainte.
Bíodh caomhúint ionat anois, agus na labhair le aon duine beo faoi sin, go bhfeice muid linn.
Sin é an fear a bhfuil an chaomhúint ann. Dheamhan duine a chloisfeas aon cheo go deo ina dhiaidh.
Níor scéal é le aon chaint a dhéanamh di, mura mbeadh duine ann a choinneodh caomhúint air go díreach. Ach i nDomhnach, is duine sa gcéad é sin, ar an saol seo ar aon nós.
Chonaic mise an saol agus mura mbeadh caomhúint ionat faoin rud a d'fheicfeá nó a d'inseofaí dhuit, nár dhóigh cleas a déanfaí leat ná thú a cheangailt suas cois an bhóthair agus liúradh Chonáin a thabhairt dhuit. Ba in é an saol nach ndéanfaí aon scéala le na póilíos faoi tada a bheadh ag corraí.
Ní chainteoinn ar thada i láthair Sh. Tá sé róbhéalráiteach. M'anam más leat do rún a ligean le duine nach mór dhó caomhúint eicínt a bheith ann, agus sin rud muise nach bhfuil i Seán.
Is luar liom ná an sioc í sin ag cloisteáil tada. Níl caomhúint ar bith inti, agus dheamhan maith fainic a chur uirthi.
·
A bhéal gan chaomhúint! — a bhéal gan foscadh!; a dhuine nach bhfuil in ann rún a choinneáil!
Drochrath ort a bhéal gan chaomhúint, muran tú a bhí cunórach a dhul dhá inseacht sin di.
Féach freisin
→
istigh
caomhúint in iontrálacha eile (1)
Ní caomhúint ar bith atá inti sin ach gur sháraigh sí an saol tá sí chomh dúnárasach sin. Bhí mé soir anseo chuig an D. in éindí léithe trí lá i mbéal a chéile an t-am a raibh an bhruitíneach agus an leicneach ar an gcuid s'againn féin. Dúirt mé léithe é. Níor dhúirt sí a dhath faoi na gasúir s'aici féin. Ba bheag an lua a bhí aici a rá go raibh siad orthu. Ní abródh ná dá mbeidís ag saothrú báis, i bhfad uainn an anachain. Súmaireacht den tsórt sin a bhí ag rith lena dream ariamh. Púcaí bradacha! Bheadh sé chomh maith dhuit a bheith ag caint le asail leo. Is beag is ionann é. Is mó a bheadh de bharr na n-asail ag duine