Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Caomhamhaint
ainm-fhocal, baininscneach.
1.
teicheadh; i bhfalach; a bheith faoi rún maith; a bheith ag imtheacht ingan-fhios do'n dlighe.
+
Tá sé ar a chaomhamhaint = ar a theicheadh.
Go bhfóire Dia anois air, muis, má's ag imtheacht ar a chaomhamhaint mar sin atá sé. 'Ingan-fhios do'n dlighe is cóir a bheith ann'.
TUILLEADH (5) ▼
Tháinic fear isteach annseo fadó, a's chaith sé oidhche ann — oidhche dheannachtach freisin! — fear a bhí ar a chaomhamhaint. Tighearna nó stíobhard a mharbhuigh sé thart síos, a's b'éigean dó greadadh leis ar a' toirt, nó dhá bhfaightí greim air, bhí a chosa nighte. Soir imbarr a' chriathraigh go dtí L. a bhris sé as seo.
Nuair a bhí na buachaillí báire eile sin, in ainm's a bheith ar a gcaomhamhaint, bhánuigh siad na tamhnachaí sin fré chéile. Dubhairt P. D. liom gur mhinic ab éigean dó eirghe dhá leaba 'san oidhche, le duine aca(b) a leigean isteach innte. Deirimse leat gur beag é a bhuidheachas anois, aindeoin ar chaith sé orrab.
Shílfeá go mbadh chosamhail é, le fear a bheadh ar a chaomhamhaint. Dheamhan fonn a' bith a bhí air aon-duine a thaobhachtáil a's dhá bhfeiceadh sé aon-duine a' teacht, d'imtheochadh sé as a' mbealach. Duine é 'tháinic as cathadh eicínt dhá mbeadh a' saoghal a' cainnt.
Chuaidh fear thart annseo an bhliadhain cheana, a's é gléasta mar bheadh tinncéara ann. Ar a chaomhamhaint a bhí sé ingeall ar bhean bhocht eicínt a rubáil a's a mharbhú, thart síos. Dheamhan duine beo, nach gcuirfeadh sé dalladh púicín air. Siar faoi Chonamara in áit eicínt a rugthas air as a dheire, a's cuireadh príosúntacht le na ló air. Má cuireadh fhéin ba mhaith an aghaidh sin air, ná ar aon-duine eile a dhéanfadh a leithide de chleas.
Is iomdha fear maith a mb'éigean dó seal a chaitheamh ar a chaomhamhaint. Ní fáth náire ar bith é sin, mara mbí coir thútach déanta agad.
2.
fascadh; a bheith rúnmhar; gan fios do ghnaithe ná do chúrsaí a thabhairt d'aonduine.
+
Níl caomhamhaint a' bith ionnad = níl fascadh a' bith ionnad; níl tú indon rún a' bith a choinneál; innsigheann tú a gcloiseann tú; a bheith béalráideach
A thighearna is beag a' chaomhamhaint thú, má tá indán's gur innis tú an méid sin do'n laisceach bhradach sin, th'éis gur chuir mé seacht bpearbhúl ort gan cainntiú air.
TUILLEADH (8) ▼
Dheamhan gna(ithe) aghad tada a mbeidh aon-chás aghad ann, a innseacht dó sin, arae níl caomhamhaint a' bith ann. D'innseochadh sé an rud ba mheasa leat beo, do'n té nach bhfaca sé ariamh.
Fuair tú amach 'muis an té a mbeadh caomhamhaint ann. Nach bhfuil fhios agad nach mbeadh sé sin beo gan a bheith a' cíbleadh cainnte.
Bíodh caomhamhaint ionnad anois, a's na labhair le aonduine beo faoi sin, go bhfeiceamuid linn.
Sin é an fear a bhfuil a' chaomhamhaint ann. Dheamhan duine a chloisfeas aon-cheo go deo 'na dhiaidh.
Níor scéal é, le aon-chainnt a dheanamh di, mar 'mbeadh duine ann a choinneochadh caomhamhaint air go díreach. Ach inDomhnach, is duine sa gcéad é sin, ar a' saoghal seo, ar aon-nós.
Chonnaic mise an saoghal a's mara mbeadh caomhamhaint ionnad faoi'n rud a d'fheicfeá nó a d'innse(ochth)aidhe dhuit, nar dhóigh cleas a deanfaidhe leat, ná thú a cheangailt suas cois a' bhóthair, a's liúradh Chonáin a thabhairt dhuit. Badh shin é an saoghal nach ndéanfaí aon-scéala le na póilíos faoi tada a bheadh a' corruighe.
Ní chainnteochainn ar thada i láthair Sh. Tá sé ro-bhéalráideach. M'anam má's leat do rún a leigean le duine, nach mór dhó caomhamhaint eicínt a bheith ann, agus sin rud muise nach bhfuil i Seán.
Is lughar liom ná'n sioc í sin a' cloisteáil tada. Níl caomhamhaint a' bith innte, a's dheamhan maith fainic a chuir uirre.
·
A bhéal gan chaomhamhaint! = a bhéal gan fascadh!; a dhuine nach bhfuil indon rún a choinneál!
Droch-rath ort a bhéal gan chaomhamhaint, maran tú a bhí conórach a dhul dhá innseacht sin di.

Féach freisin

Caomhamhaint in iontrálacha eile (1)

 
Ní caomhamhaint ar bith atá innte sin ach gur sháruigh sí an saoghal tá sí cho dúnárusach sin. Bhí mé soir annseo chuig an D. in éindigh léithe trí lá i mbéal a chéile an t-am a raibh an bhruitíneach agus an leicneach ar an gcuid se'aghainn féin. Dubhairt mé léithe é. Níor dhubhairt sí a dhath faoi na gasúir se'aice féin. Ba bheag an luadh a bhí aice a rádh go raibh siad orra. Ní abróchadh ná dá mbeidís ag saothrú báis, i bhfad uainn an anachain. Súmaireacht de'n tsórt sin a bhí ag rith len a dream ariamh. Púcaí bradacha! Bheadh sé cho maith dhuit a bheith ag caint le asail leo. Is beag is ionann é. Is mó a bheadh de bharr na n-asail ag duine