Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
caothach
ainmfhocal, firinscneach
iolra: caothachaí
uatha: caoth, Achréidh
tá baile in aice Mhaigh Cuilinn ar bhóthar an tsléibhe a dtugtar An Caothach air.
droch-chis, caochpholl, nó geadán sléibhe a bheadh criathraithe le caochphoill, nó locháin nó feadáin.
+
Ní féidir é a shiúl le a bhfuil de chaothachaí agus d'fheadáin ann.
Is anróiteach an áit a bhfuil tú ag tabhairt t'aghaidh, suas ar an gcaothach bradach sin.
TUILLEADH (10) ▼
Más leat an mhóin a chur amach leis an asal, caithfidh tú ciseannaí a dhéanamh ann agus ní gan úidh gan óidh sin agus a liachtaí caothach agus atá ann. Cheapfainn féin go mb'fhearr an ghnaithe a dhéanfá leis an droim i mbliana go háirid.
Is maith a chruthaigh mé agus an eang a thabhairt liom chor ar bith ó na caothachaí bradacha siúd. Tá an criathrach druidte leob.
Bean i dteannta í muis, má bheireann na caothachaí báite siúd ar na leithscéil de bhróga atá uirthi. Cén bhrí ach na sála corracha atá orthu. Iontóidh sí orthub ar an gcéad tulchán a chasfas léithe.
Fhóbair mé dhul síos go píobán sa gcaoth siúd atá ar an tsraith.
Tá an-chruas sa sliabh atá ag síneadh le L. F., ach maidir leis an íochtar anuas anseo, caochphoill agus cíocraí agus caothachaí fré chéile é.
Tá gacha le caothach ann agus thiocfá síos go seiriúchaí i chuile cheann acub.
Ní caochphoill fhéin atá ann ach na caothachaí eile sin. Ba mhór an chontúirt aon bhó a chur ann sa ngeimhreadh.
M'anam muise, mura bhfuil ag a chuid beithíoch seasc ach a ndéanann siad de thiomsacht ar na caothachaí siúd nach sú salúin i mbéal bulláin dóibh é. Bó ar bith — seasc nó eile — nach bhfuil ag fáil farae ar an aimsir seo, beidh sí ar deireadh.
I nDomhnach muise, bhí cleachtadh mhór ar bhóithrí aici, ag spágaireacht thrí chaothachaí agus lathachaí Ch. L. Imeóidh sí as a cranna cumhachta ar fad anois ó theann sí anuas ar an míneadas.
Caothachaí — sin áiteachaí boga san eanach agus lonradh glas orthu (L. Ó F. — Achréidh)

Féach freisin