Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
carn, carnaigh
briathar
1.
é ag cur sneachta go trom, le stolladh gaoithe go háirid.
+
"Dhá mbeadh sé ag cur na díleann agus an sneachta a bheith dhá charnadh aduaidh; Agus le mo ghrá dhá bhfaighinn cead síneadh, bheinn chomh haoibhinn leis an eala ar cuan" (as Díomua Rí na hAoine)
Tá sé ag carnadh sneachta.
TUILLEADH (2) ▼
Bhí sé ag carnadh sneachta an oíche chéanna as lom gaoithe aduaidh.
Níor léir dhuit do láimh arae bhí an t-aer plúchta uileag agus é ag carnadh sneachta.
2.
plúchta le cársán, gearranála, réama nó a leithide; ceangailte nó calcaithe as do phíobán.
+
Tá sé carnaithe suas ar fad (Maigh Cuilinn, Achréidh) — ceangailte ina mhuineál
Ní fhaca tú aon duine ariamh atá chomh carnaithe leis ag an gcársán atá ina mhuineál — plúchta suas
TUILLEADH (7) ▼
Dheamhan iontas ar bith é sin a bheith carnaithe suas agus chomh ramhar rite is atá sé. Ar ndóigh níl puth dhá anáil aige le saill.
Tá mé carnaithe uileag ag an slaghdán le seachtain. Dhá bhféadainn na réama atá calcaithe in mo phíobán a chur aníos, bheinn ceart, ach ní fhéadaim.
Tá sé carnaithe uileag le gearranála. Tagann clochair ann scaití agus shílfeá go dtachtaidís é, go sábhála Dia sinn!
San am a dtagann an uair bhreá sea is measa a bhím. Ní bhím carnaithe chor ar bith ar aimsir sheaca ná ar chruas. Ach saothraím é i gcónaí an tráth seo bhliain.
Ó bhuail an méid sin gearranála mé, bíonn mo phíobán carnaithe leath na gcuarta. Fuair mé buidéal ón dochtúr air ach dheamhan lá maitheasa a rinne sé dhom, ainneoin gur íoc mé mo leathghine bhuí air.
Is aige atá an ghnaithe ag reathach ó phóilíos, fear atá chomh carnaithe leis. Dheamhan trasna na troighe a bheadh sé go mbeirtí air (t leathan i mbeirtí)
Is beag an dochar dhá mhuineál a bheith carnaithe fhéin agus an bhís chainte atá air ó thosaigh an election seo. Diabhal aithne air nach aige atá iad (na teachtaí Dála) a chur isteach ar fad. Tá sé ardaithe uileag!

Féach freisin

carn in iontrálacha eile (12)

 
Ní hé dálta a dheirfíre é, tá sé chomh friochanta le siobháinín an charn aoiligh. An ruifíneach bradach! Theastódh neart slaite uaidh (páiste). Níl smacht athar ná máthar air
 
Ach cén sórt froigisí atá sé (seo) thíos a chur ar an teach? … Rud le aghaidh solais a thabhairt isteach ann! An n-éistfidh tú liom! Solas mar atá sna tithe i nGaillimh, nach bhfuil ort ach cnaipe a chasadh agus beidh sé lasta! Muise muise! Sa saol a tháinig sé! Agus nach raibh aige go dtí an bhliain cheana ach fáideogaí agus cam! Tá na caisleáin ag titim agus na carn aoilíochaí ag éirí i nDomhnach!
 
fán
Is mór an chéim síos dó é go gcaithfidh sé a dhul le fán. Chonaic sé an dá shaol a mhaisce. Cuimhnímse ar an uair nach mbeadh call dó sin cois a chorraí den chois eile ach neart buachaillí agus cailíní aige le chuile shórt a dhéanamh dhó. Ach tá na caisleáin ag titim agus na carn aoileachaí ag éirí
 
baile
Is gearr ó bhaile a chuaigh sé ag iarraidh mná. Níor fhága sé béal a dhorais fhéin. Ach deir siad pósadh ar an gcarn aoiligh, agus do bhó a dhíol i bhfad ó bhaile.
 
bocht 2
Nach iad na caisleáin atá ag titim agus na carn aoileachaí ag éirí! Ba buí bocht léithe fataí agus scadán caoch tamall, ach ní mór léithe gríscíní anois ar chuile bhéilí!
 
amuigh
An bhfuil aon bhaol ort an carn aoiligh thiar a bheith amuigh agat fós.
 
Sin é an chaint a bhí uirthi muise, gur thug sí luach deich bpunt de sheanéadaigh agus de sheanbhróga do bhean an tincéara. Dhá mba duine floscaithe mise, séard adéarfainn léithe, gurb í mo mháthair a choinnigh éadach uirthi nuair nach raibh folach aici le cur ar a craiceann. Ach tá na caisleáin ag titim agus na carn aoilíochaí ag éirí
 
Tá deatach as an gcarn aoiligh le neart an triomaigh atá ann. Ní fhágfaidh an stolladh sin rud ar bith gan spalpadh
 
deis
Is mór a thit siad i ndeis le gairid, té (cé) go mb'fhurasta cur acu roimhe seo. Ach tá na caisleáin ag titim agus na cairn aoiligh ag éirí, mar adeir an ceann eile
 
díle 1
"Dhá mbeadh sé ag cur na díleann, agus an sneachta a bheith dhá charnadh aduaidh; agus le mo ghrá dhá bhfaighinn cead síneadh, bheinn chomh haoibhinn leis an eala ar cuan" (As amhrán — A Landlady na Páirte)
 
Ní fheiceann muide bratainn ar bith sa tír mar na D. Ní call gaisce ar bith dóibh sin. Díogha na ndaoine. Ar ndóigh ní raibh de leasainm orthu sin ariamh thart anseo ach D. an bhacstaí. Ní raibh tada eile acu go dtí le gairid fhéin ach an bacstaí. Sa saol a tháinig sé go bhfuil tithe móra acu anois. Tá na caisleáin ag titim agus na carn aoileachaí ag éirí a stór
 
díol 1
"Pós ar an gcarn aoiligh agus díol do bhó i bhfad ó bhaile" — má phósann tú do chomharsa bhéal dorais nó bean aitheantais, tuigfidh tú céard a bhaineas di, agus céard iad a suáilcí agus a duáilcí, thar is an bhean thar tír isteach nach bhfuil aithne ar bith agat uirthi. Ar an gcóir chéanna, is feasach do chuile dhuine dhá gcónaíonn in aice leat cén chaoi a bhfuil do bhó, ach ní bheidh a fhios ag an bhfear i bhfad ó bhaile é