→
cuach
chuach (16)
→
fáinne
Tá sacghadhair fút ar chaoi ar bith. Níor chomaoin dóibh a dhul i mbarr do chúig ort — cúig do láimhe dhéanta srl. B'fhéidir go gcaithfeá rud eicínt astu (.i. go mbeadh mámh eicínt in do láimh chártaí) … Fáinne óir ort! Mo chuach ansin thú! Tá banríon Hairt ina leannán agat, ach dar príosta d'fhóin sí dhuit an babhta sin.
+
Ní fhágann an chaolóid riabhach an chuach chor ar bith, ach dhá tíolacan, agus ag soláthar di. Níl a fhios agam féin an ndéanann sí imirce léithe amach faoi na tíre (tíortha, tíríochaí) coimhthíocha nó nach ndéanann. Feictear dhom nach bhfaca mé ariamh í, ach nuair a bheadh an chuach ann.
TUILLEADH (3) ▼
Ní fhágann sé M. chor ar bith, ach an oiread is fháganns an chaolóid riabhach an chuach. Is maith atá sé dhá saothrú an duine bocht agus ní móide gur fiú an tairbhe an trioblóid (fear a bhí ag caitheamh a bhróga le bean).
Dheamhan samhail atá le tabhairt di fhéin agus don tseanbhean anois, ach an chaolóid riabhach agus an chuach. Ach m'anam nach ar mhaithe leis an tseanbhean atá C. ag cothú na coise aici, ach féint a n-éireodh brabach ná solamar ar bith léithe.
Céard atá an geoisteamán sin a dhéanamh soir an ea! Muise nach dall an mhaise dhuit é. An bhfaca tú an chuach ariamh gan an chaológ riabhach a fheiceáil ina searrach i ndiaidh gearráin ina diaidh aniar? Agus dheamhan blas í ach ag magadh — ag deargmhagadh — faoi.
Mo chuach ansin thú! Is agat atá an ghnaithe breith ar an gclochneart, bail ó Dhia ort.
+
→
cuach
Chuach sé suas M. seo amuigh le fuisce agus bladaireacht agus dheamhan a chos nach ndeachaigh in éindí leis. Dhá mbeadh breith ar a aiféala aige, b'fhada uaidh a d'fhanfadh sé, ach caithfidh an díth céille féin a bheith ann, arsa tusa.
TUILLEADH (2) ▼
Dheamhan a chos ná a chnáimh sin a phósfadh an iníon go deo, murach go dtugaidís 'na tí é, agus gur chuach siad suas le ól agus le galántacht é.
Má thug sé mórán airde uirthi siúd, chuach sí suas é ar ais aríst. Dhá mbeadh aon splanc fir ann, ní thaobhódh sé í níos mó
→
breá
"Nach trua mé anois ag scaradh leat teacht na huaire breá; Nuair a bheas an chuach ag gairiúint, agus an duilliúr glas ag fás" (As Bríd Ní Ghadhra)
+
→
dias
I gCrígh Lochlainn atá an chuach anois. Ní imíonn sí as seo go dtugann sí déas ina béal léithe — deirtear nach n-imíonn an chuach as Éirinn nó go mbíonn an t-arbhar i ndéis
TUILLEADH (1) ▼
Tá an chuach ar fáil. Ní imeoidh sí aríst nó go mbeidh déas ag imeacht ina béal aici. Is fada é sin i mbliana
→
díol 1
"Nuair a labhras an chuach ar sceich gan duilliúr, díol do bhó agus ceannaigh arbhar" (seanchomhairle) — má ghaireann an chuach roimh theacht don duilliúr ar an gcrann, beidh gorta ann an bhliain sin, agus más le duine a chríonnacht a dhéanamh, cuireadh sé beatha i leataobh le haghaidh na coise tinne ar uain nó ar éigean