—
gairbhe nó olc intinne. olc, madrúil, francaithe, meirgeach, oilbhéasach, goinithe chun achrainn; coipthe; ullmhaithe; oibrithe; corraithe; colg a bheith ar rud.
+–
M'anam gur tú atá colgach ar bheagán ábhair.
Duine colgach go leor é.
TUILLEADH (12) ▼
Tháinig sé isteach chomh colgach lena bhfaca tú go hiomaí, agus thosaigh sé ag ullmhúchan achrainn ar an toirt.
Níl maith ar bith dhuit éirí colgach anois. Má tá sásamh ar bith le fáil agat, is ar réiteach é.
Tá sé colgach go leor má baintear as é.
Mura raibh d'údar aige a bheith colgach ach an méid sin, i nDomhnach is furasta colg a chur air. Dheamhan a bhfuil sé muise, ach ina thús. Sin é an méid.
Madadh sách colgach é má airíonn sé duine cuideáin, ach an té a mbeadh aithne aige air, dheamhan ar mhiste dhó a bheith ag dul faoi is thairis go brách mar nach gcuirfeadh sé aon araoid air.
M'anam muise gur holc an áit ar éirigh sé colgánta istigh i lár na n-amhas sin. Sin iad an dream céanna nach n-éistfeadh i bhfad leis go ndathaídís an smut aige.
Dheamhan fear is colgaí ná é sin ar a mheisce má cuirtear múisiam ar bith air!
Dhá cholgaí dhá bhfuil sé muis, casfar a leithide eile fhéin ansiúd air.
Is colgach an éadáil í siúd muis, le tarraingt ina gaire beag ná mór.
B'ait liom a bheith ag éisteacht leat ag iarraidh an tí air le aghaidh damhsa! Ba colgach an stiúir a chuirfeadh sé air fhéin miosaim (measaim)
Más colgach, ní contúirteach. Dheamhan ann ach an spadhar beag sin agus ó thláthas sé aríst, ní fhanann aon chuimhne aige air; ní fearacht is cuid mhaith eile é.
Má tá sé colgach fhéin anois, cuirfidh sé an daol sin thairis agus beidh sé agat aríst ar sheol na braiche mar a bhí sé cheana.
colgach in iontrálacha eile (2)
→
dreach
Tá dreach uirthi (ar an bhfarraige) ceart go leor inniu, ach is dreach sách colgach é. Dá mbeinnse amuigh anois san áit a bhfuil na P., i leaba a dhul ar an meath mhóir, séard a dhéanfainn rith cladaigh a thabhairt di (curach) chomh beo in Éirinn agus a d'fhéadfainn. Tá drochghotha ar an lá agus an fharraige róghuagach ag curachaí. Is mór an mearbhall atá ormsa nó séidfidh deireadh an lae ina ghairfean, agus ní éadáil mhór do churach gairfean a theacht uirthi leath cuain. Fuair mise mo dhóthain den cheird sin cheana an lá ar shéid sé ina ghaoith aduaidh orm féin agus ar J. Ó C. Shíl muid dheamhan fata a changlódh muid lena (ár) marthain. Thug muid an eang linn míle buíochas le Dia, ach gheall mé an lá sin dá dteagainn slán nach gcuirfinn mo láimh i mbéal an mhadaidh an dá lá agus a bheinn beo aríst. Agus níor chuir
Bhíodh sé sin an-cholgach ag éirí suas dó, ach tá sé ag dul chun míne (míneadais, chun míneacht) go mór le gairid